Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::30 May, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 30ú Bealtaine, 1945.

Wednesday, 30th May, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Riobárd Briscoe, Pádraig Ua Cuagáin, Muiris Dockrell, Proinnsias O Lochtmáin, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1943-1944. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Gárda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nDintiúirí, An Chúirt Chuarda, Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Rialtas Aitiúil agus Sláinte Poiblí agus Oifig an Ard-Chlárathóra, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Pinsin Sean-Aoise agus Deolchairí Cúitimh, Oifig na nAnnálacha Poiblí agus Gealtlann Dúndroma.


4. Ceistníodh Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Séamus Hurson (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil agus Sláinte Poiblí), Tadhg O Cléirigh (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), Diarmad O Cobhthaigh (Oifig na a Annálacha Poiblí) agus Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), C. S. Almond, Sáirséil O hOgáin, agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin, 21ú Meitheamh, 1945.