Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1943 - 1944::11 October, 1945::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 11ú Deíreadh Fómhair, 1945.

Thursday, 11th October, 1945.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Liam Mac Cosgair (i gCeannas), Brian O Brádaigh, Pádraig Ua Cuagáin, Eamon Ua Cuagáin, Muiris Dockrell, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin, Séamus Pattison, agus Liam Sheldon, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntais Leithreasa i gcóir na bliana 1943-1944. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, Longlann Inis Sionnach, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Tailte, Foraoiseacht, Seirbhísí na Gaeltachta, agus Ard-Reach taire Cuntas agus Ciste.


4. Ceistníodh Seosamh O Conghaile (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), C. Mac Eilgeóid (Coimisinéirí Luachála), Mícheál O Duibhghinn (Rúnaí, An Roinn Tailte), Liam Wann (Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste), Sáirséil O hÓgáin, agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.10 p.m. go dtí Déardaoin, 29ú Samhain, 1945.