Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1941 - 1942::24 February, 1944::Report

TUARASCBHAIL.

CUID I.—NOTAI GENERALTA.

Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 17adh Meitheamh, 1943.

CONGANTA AIRGID LE hAGHAIDH ONNMHUIRITHE.

Conganta Airgid alos Onnmhuirithe Cáise agus Púdair Bhainne Thiormuithe.

1. Bheireann an Coiste dá n-aire gur dóich leis an Aire Airgeadais gur do-dhéanta an ní é aon nós imeachta áirithe do cheapadh do bheadh oiriúnach i gcásanna den tsórt ar ar thrácht an Coiste i mír II dá dTuarascbháil i dtaobh na gCuntaisí Leithreasa i gcóir 1939-40. Tá socrú déanta anois chun réamh-chomhairlí do bheith ann idir an Roinn Talmhaidheachta agus an Roinn Airgeadais agus tá súil ag an gCoiste de bharr an tsocruithe sin ná leanfar a thuille den nós imeachta lochtach do leanadh sa chás atá i gceist.


TALMHAIOCHT.

Aisíocaíochta Eachtar-reachtúla Dleachta as an gCiste tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach).

2. Is maith leis an gCoiste é bheith socair Ordú leasuithe oiriúnach do dhéanamh feasta nuair is féidir chun feidhm chirt do thabhairt d’aon chlaonadh ó fhorálacha airgeadais Orduithe Reachtúil a bheidh déanta cheana agus gur chuir an tAire Airgeadais in iúl go láidir nach foláir, i gcás san do bheith neamh-oiriúnach, ceadú roimhré do lorg uaidh feasta i gcás eadarghnó ar bith do bheartú a bhainfeadh leis an gCiste agus ná tagann go follus fé na forálacha reachtúla.


CUID II.—CUNTAIS SONNRACHA.

Rialtas Aitiúil agus Sláinte Phuiblí.

3. Do rinneadh soláthar, trí Mheastachán Breise do ritheadh i rith na bliana, chun deontais um Chongnamh Teaghlaigh d’íoc i gcásanna áirithe. Do híocadh na deontais do réir caoga fén gcéad den chaiteachas féna ndeachaidh na húdaráis Chongnaimh Phuiblí i leith congnamh teaghlaigh do tugadh do dhaoine ná raibh i dteideal congnamh díomhaointis d’fháil de bharr oibriú an Orduithe um Chongnamh Dhíomhaointis (Tréimhse Fostaíochta), 1941. Níor chead, ámh, rann-íoc an Stáit do dhul thar caoga fén gcéad de mhéid an chongnaimh dhíomhaointis do bheadh iníoctha, mara mbeadh an tOrdú, le gach duine fuair congnamh. I gcás daoine bhí ag fáil congnaimh dhíomhaointis suas go dáta an Orduithe do theacht i bhfeidhm fuarthas amach nárbh fhéidir a fháil amach cadé méid iomchuibhe an chongnaimh sin do bheadh iníoctha i ngach cás le ré an Orduithe mar do scuir na daoine sin de theacht i láthair oifigeach áitiúla na Roinne Tionnscail is Tráchtála agus ní raibh ar chumas na n-oifigeach san, dá dhruim sin, a chinneadh, do réir na nAchtanna um Chongnamh Dhíomhaintis, cadé ráta agus ré an chongnaimh do bheadh iníoctha i ngach cás. Na héilimh do chuir na húdaráis Chongnaimh Phuiblí isteach le haghaidh deontais d’íoc do hullmhuíodh iad ar an bhforas go leanfaí, ar feadh tréimhse an Orduithe, den ráta congnaimh dhíomhaointis dob iníoctha le gach duine roimh an nealomháil. Cuireadh in iúl don Choiste, ámh, gur lugha de ghnáth rátaí an chongnaimh teaghlaigh a deonadh do dhaoine dar tugadh congnamh ná na méideanna bhí á bhfáil aca an tráth do scuireadar de chongnamh dhíomhaointis do tharraing.


Tuigeann an Coiste gur thárla fadhb—ná raibh súil leis do réir deallraimh an tráth do ceapadh an Meastachán Breise—nuair do fuarthas nárbh indéanta an ní é a dhéanamh amach sa ghnáth-shlí agus do réir an ghnáth-chleachta cadé méid an chongnaimh dhíomhaointis dob iníoctha le gach duine dar tugadh congnamh agus a raibh rann-íoc Stáit nach mó ná caoga fén gcéad iníoctha ina thaobh fé théarmaí an Mheastacháin. Measann an Coiste, ar a shon san, nuair do tuigeadh nárbh fhéidir déanamh do réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Mheastachán i gcóir íocaíochtaí deontais fén bhfo-mhírcheann so, gur chóir tabhairt fén scéal do chur ina cheart i slí go mbeadh an caiteachas a muirearófaí ar an gcuntas ar comhardadh leis na forálacha agus na riachtanais atá leagtha amach sa Mheastachán, agus is mian leis an gCoiste a chur i bhfáth a riachtanaí atá sé athrú do dhéanamh ar na coinníollacha i Meastacháin a déanfar feasta ionnus go mbeidh na híocaíochta a déanfar do réir na dtéarmaí.


GARDA SIOCHANA.

4. Leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, rinneadh socrú, inter alia, chun Rialacháin do dhéanamh ag déanamh rialuithe maidir le hiniúchadh, fíorú agus stampáil taxi-mhéadar, agus chun pé táillí a hordófaí maidir leis sin do bhailiú agus do chur de láimh. Rinneadh Rialacháin i mí an Iúil, 1938, chun cigirí speisialta do threorú i gcólíonadh a ndualgas agus i mí Meán Fhómhair, 1938, rinneadh Rialacháin ag ordú táille dhá scilling agus réal d’íoc le cigire speisialta in aghaidh gach taxi-mhéadar a fíorófaí agus a stampálfaí. Fé fhorálacha an Achta um Thrácht ar Bhóithre, tá na táillí sin iníoctha leis an gCoimisinéir agus iad le híoc isteach sa Stát-Chiste no le cur chun tairbhe don Stát-Chiste, ach amháin go n-íocfar isteach i gCiste Luach Saothair an Ghárda Síochána pé cionúireacht (más ann) de na táillí sin a ordóidh an tAire Airgeadais. Cuireadh in iúl don Choiste nár cuireadh na Rialacháin i ngníomh fós, de dheascaibh é bheith deacair fearas áirithe d’fháil atá riachtanach le haghaidh tástála.


Is abhar imní leis an gCoiste an mhoil maidir leis na Rialacháin Reachtúla so do rinneadh i 1938 do chur i bhfeidhm agus tá súil aca go ndéanfar gach ní is indéanta chun éifeacht do thabhairt dóibh a thúisce is féidir.


COIMISIUIN AGUS FIOSRUCHAIN SPEISIALTA.

5. Chuathas fé chaiteachas £175 ar fad maidir le saothar stairiúil do chur le chéile, do chlóbhualadh agus do cheangal fé ordú Choimisiúin Láimhscríbhinní na hEireann. Deallruíonn sé go raibh earráidí teangólaíochta i gcóipeanna somplacha den tsaothar clóbhuailte de dheascaibh gan ach an beag-eolas ar an Meán-Ghaedhilge do bheith ag an té chuir le chéile é, do reir deallraimh, agus go rabhadar chó hiomadúil sin nár mhór ath-chló do chur ar an saothar. Fuarthas amach ansan go raibh Institiúid Ard-Léighinn Bhaile Atha Cliath ag gabháil do shaothar den tsamhail chéanna agus socruíodh gan an saothar d’fhoillsiú. Is deacair leis an gCoiste a thuisgint canathaobh nár haimsíodh na lochtaí sa láimhscríbhinn sarar cuireadh cló agus ceangal ar an imleabhar agus tá súil aca go bhféachfar chuige feasta ná cuirfear ach daoine inniúla i mbun oibre iarrann san-eolas fé leith. Bheireann siad dá n-aire cad do rinneadh chun ná beadh obair Choimisiúin Láimhscríbhinní na hÉireann ag rith isteach ar obair Institiúid Árd-Léighinn Bhaile Atha Cliath.


SCEIMEANNA EIGEANDALA SPEISIALTA.

6. Do hinnseadh don Choiste an chuma ina raibh an scéal maidir le haisíoc suimeanna do réimhíocadh sa tsamhradh, 1941, i bhfuirm iasachtaí urruithe, chun móin do chur ar fáil, do chuallachta de Mhuintir na Tíre i dTiobrad Arann agus i mBrí Cualann. Do réir na socruithe do rinneadh leis na cuallachta bhí na hiasachtaí le n-aisíoc ina dtráthchoda agus bhí an tráth-chuid deiridh iníoctha i ngach cás i mí na Márta, 1942, tráth a measadh a bheadh an mhóin go léir do cuirfí ar fáil díolta. Deallruíonn sé gur haisíocadh £1,300 as an £3,000 do tugadh ar iasacht do chuallacht Thiobrad Arann agus go bhfuil £1,700 gan aisíoc fós. Maidir le cuallacht Bhrí Cualann, do haisíocadh £500 as an £1,500 do tugadh ar iasacht agus do húdaruíodh an iarmhéid de £1,000 do mhaitheamh i mí an Mheithimh, 1943. Admhuíonn an Coiste go raibh cor éagsamhalta ar chúrsaí an tráth do tugadh na hiasachta ach ina thaobh san is uile is dóich leo gur cheart, d’fhonn airgead puiblí do chaomhaint, toradh an eadarghnótha san do mheabhrú go cúramach nuair a beifear ag scrúdú iarrataisí ó chóluchta deontacha feasta.


DEOLCHAIRI CUITIMH.

7. Fé Alt 5 (2) den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, do ceangladh ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndéanfaí, pé uair a híocfaí aistarrac alos siúicre do rinneadh in Eirinn o bhiatas do fásadh in Eirinn, deolchaire d’íoc de mhéid ba chó-ionann leis an deifríocht an céadmeáchan idir an diúité máil do híocfaí alos an tsiúicre sin agus an diúité custum dob inéilithe an tráth do híocadh an diúité máil ar shiúicre den tsamhail chéanna nach in Eirinn ná o bhiatas d’fhás in Eirinn do rinneadh. Do híoctaí dá réir sin deolchaire ar an ráta san go dtí gur leasuíodh an fo-alt tuasluaidhte sin leis an Ordú Comhachta Práinne (Uimh. 60), 1940, a tháinig i ngníomh an ladh Eanar, 1941, sa chéill gur do réir pé ráta an céadmeáchan a chinnfeadh an tAire Airgeadais o am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, a bheadh an deolchaire le n-íoc.


Is ar rátaí do cinneadh do réir téarmaí an Orduithe do híocadh an deolchaire sa bhliain atá dá breithniú, ach dubhradh sna mioninnste mínitheacha i gCuid III den Mheastachán gur chuige na deolchairí chun cúiteamh do thabhairt sa deifríocht idir an praghas saor o dhiúité ar shiúicre baile agus ar shiúicre allmhuirithe. Do cuireadh in iúl don Choiste go mba dheacair an praghas saor o dhiúité ar shiúicre eachtar-tháirgthe do dhéanamh amach, mar nár hallmhuiríodh aon chuid de i rith na bliana, agus gurbh éigin, dá bhrí sin, an deolchaire ar shiúicre a honnmhuireofaí do dhéanamh amach go barúlach ag féachaint don fhaoiseamh is cuibhe, do réir cirt, a thabhairt d’onnmhuireoirí. Is léir, mar sin, nár leanadh den fhoras do leagadh amach sa Mheastachán chun an deolchaire do dhéanamh amach.


Aon uair a thárluíonn a leithéid, i.e., é bheith riachtanach claonadh o na coinníollacha ar a ritheann an Dáil Meastachán, isé tuairim an Choiste go mba chóir de ghnáth an scéal a chur in iúl don Dáil tré Mheastachán Breise do thabhairt isteach.


SOLATHAIRTI.

8. Rinneadh eisiúna le Grán-Allmhuireoirí (Éire) Teoranta, alos congnaimh airgid um plúr, dob ionann agus an deifríocht idir costas cruithneachtan d’allmhuirigh an chuideachta agus an méid do fuarthas o na muilleoirí ar ar dáilíodh an grán, agus, nuair a bhíothas ag déanamh amach an phraghais dáiliúcháin, do lomháladh luach saothair do réir £216,000 sa bhliain, dob ionann agus 6% ar shuim chaipitiúil de £3,600,000, do thionnscal na muilleoireachta go hiomlán. Do cuireadh in iúl don Choiste gur thaisbeáin scrúdú rinneadh ar chuntais na muilleoirí i gcóir na bliana arbhair 1941-42 go ndeachthas £56,847 thar an luach saothair có-aontuithe, gur híocadh an tsuim seo le Grán-Allmhuireoirí (Éire) Teoranta, agus gur laghduíodh de shuim chó-mhéide na híocaíochta congnaimh airgid. Tuigeann an Coiste gur deacair an praghas dáiliúcháin do dhéanamh amach go cruinn ar chruithneachtain allmhuirithe chun an luach saothair có-aontuithe d’áirithiú, ach isé a dtuairim go mba cheart gach dícheall do dhéanamh ar é shocrú ar ráta éigin do sheachnódh fiú íocaíocht sealadach congnaimh airgid thar an gceart.


Isé dóchas an Choiste go gcuirfidh na socruithe do rinneadh i dtaobh luach saothair an tionnscail san iomlán in áirithe go ndéanfar an brabús do roinnt go cothrom ceart idir gnóthais mhuilleoireachta ar leith.


AN tARM.

9. Bhreithnigh an Coiste arís an scéal mí-shásúil a bhaineann le coimeád agus urlámhas stóraisí liaghachta, agus dá ndearnadar tagairt sa tuarascbháil deireannach. Rinne fuireann síbhialtach na Roinne Cosanta stocáireamh a thaisbeáin an-chuid easbaí agus farasbarr, agus ar na heasbaí bhí stórais a raibh cruthúnachta cóshuidhte áirithe ann ina n-aghaidh nár glacadh leo ar chúiseanna do luadhadh cheana. Ag féachaint do na mínithe do thug an Roinn Cosanta agus don chuma ina raibh cúrsaí i Seirbhís Liaghachta an Airm i dtúis na héigeandála, do cheaduigh an tAire Airgeadais na heasbaí do scrios as na leabhair agus na farasbairr do choigeartú. Bheireann an Coiste dá n-aire gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do mhór-mhéid na bhfarasbarr, gur caillteanais agus fáltais ar pháipéar de dheascaibh cuntasaíochta mí-shásúla is bun leis na deifríochta atá le coigeartú. Bheirid dá n-aire freisin ámh ná dearnadh soiléir fós conas atá i dtaobh stóraisí áirithe eile nár glacadh leis na cruthúnachta ina n-aghaidh, agus, mar sin, ní féidir á rá go ndearnadh an cinneadh deiridh go fóill maidir le méid iomlán na n-easbaí. Ba mhaith leo go mór tuille eolais d’fháil nuair a bheidh an puinte seo réitithe.


10. Rinneadh tagairt freisin d’easbaí a fuarthas amach i rith stocáireamh d’Itimí áirithe de Stóraisí Seirbhísí Bearraice agus do cuireadh in iúl don Choiste go rabhthas ag breithniú féachaint conus deighleáil leis an scéal. Ba mhaith leo tuille eolais d’fháil nuair a bheidh an scéal socair.


11. Ba mhaith leis an gCoiste deimhin fháil ón Roinn Airgeadais go bhfuil modh seiceála pearsanta ar gach saghas stóras Airm i bhfeidhm anois agus é, dar leis an Roinn sin, chó sásúil agus is féidir. Fairis sin ní maith leis an gCoiste in aon chor cruthúnachta có-shuidhte do bheith á dtabhairt amach alos easbaí.


12. Thagair an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste don fhuighleach mhór lóin a bhíonn sna postanna míleata is mó toisc go mbíonn saoire cinn seachtaine ag fir a mbíonn lón faighte ina gcóir. Tuigtear don Choiste gur leis na trúpaí an fuighleach so agus go dtugtar béilí breise dhóibh as, agus is breagh leo a thabhairt dá n-aire go mbíonn aire na bhfuighleach san ar oifigigh fhreagarthacha, ós rud é ná háirmhítear na stóraisí sin in aon chuntas agus ná baineann scóp generálta an chórais stór-chuntasaíochta leo.


13. Cuireadh i bhfáth don Choiste ordú do bheith ann fénar ceaduíodh d’fhir a bhíodh ag dul ar saoire ar feadh ré éigcinnte cuid dá dtrealamh do choimeád. Bhí an tOrdú san contrárdha do na Rialacháin Fórsaí Cosanta iomcuibhe fénar cheart an trealamh do bhaint de na fir sin. Do hinnseadh don Choiste nár chaill an Ciste Puiblí éinní tríd seo, ach is mian leo a chur in iúl go raibh sé ceart cead fháil ón Roinn Airgeadais sarar ceaduíodh aon chlaonadh o na Rialacháin.


14. Maidir le connartha do rinne údarás áitiúil áirithe chun díonarma aer-ruathair do thógáil ar cuireadh cuid dá gcostas ar vóta an Airm, fuarthas amach gur có-aontuíodh leis na connarthóirí ná húsáidfí tochaltóirí meicniúla, etc., i slí gur líonmhaire-de an lucht oibre agus gur móide an costas. Isé barúil an Choiste go raibh sé ceart cead fháil ón Roinn Airgeadais sarar ceaduíodh aon chuid den bhreis chostais a tháinig de dhruim an chó-aontuithe leis na connarthóirí do chur mar mhuirear ar an gCiste Puiblí.


15. Rinneadh connradh chun cásála mianaigh do sholáthar ar £110 an ceann, agus fuarthas amach arna seachadadh 44 de na cásála do bheith lochtach. Is cosúil ná fuarthas amach, nuair do scrúduigh Oifigigh Teicniúla don Roinn an léaráid agus an áireamhacht do chuir an Connarthóir féna mbráid, go raibh tuisí áirithe mícheart, agus, dá réir sin, gur tugadh amach ordú chun cásála do réir na háireamhachta earráidighe do sholáthar. Deirtear leis an gCoiste nach cinnte, de dhruim athruithe beartais, cé aca a húsáidfear na cásála mianaigh sin no ná húsáidfear agus, má cinntear ar na cásála lochtacha do chur ina gceart, go n-iarrfar cead ar an Roinn Airgeadais chun an costas go ghlanadh. Is dóich leo, ámh, ós rud é nár oir na cásála don chrích chun ar ceannuíodh iad go mba chóir cead díonach na Roinne Airgeadais d’fháil anois alos an chostais féna ndeachthas.


16. Rinneadh connradh £4,567 ar chóiríocht áirithe bothán, gan é chur chun comórtais toise an phráinn a bhí leo, agus bhí £790 13s. 6d. ar bhreiseanna generálta i gcuntas deiridh an chonnarthóra. Míníodh gurb é ba bhun leis an gcostas mór so ar bhreiseanna nárbh fhéidir, toisc nádúr agus práinniúlacht na hoibre, áireamhachta mion-chruinne do dhéanamh amach ar a mbunófaí meastachán. Dheallródh ná dearnadh socrú sa chéad mheastachán ach i gcóir codanna áirithe den obair, agus go ndearnadh socrú leis an gconnarthóir go ndeighleálfaí le hoibreacha breise do réir mar bheadh an gnó ag dul chun cinn agus a bheadh eolas níos cruinne le fáil. Meastar go raibh sé ceart an méid sin do dhéanamh soiléir nuair a bhíothas ag lorg ceada na Roinne Airgeadais chun dul fén gcostas agus nuair a bhíothas ag tuairisciú an scéil don Choiste Connarthaí Rialtais d’fhonn údarás fháil chun an connradh do dhéanamh.


17. D’innis an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste i dtaobh connarthaí chun Boscaí Saighdiúirí do sholáthar, go bhfuarthas iad, tré fógra puiblí do thabhairt ag lorg tairgsintí, ar phraghsanna i bhfad ní b’ísle ná na praghsanna tairgeadh nuair tugadh cuireadh d’uimhir theoranta connarthóirí. Bheireann an Coiste dá n-aire na cúinsí ina bhfuarthas tairgsintí o líon níos fairsinge daoine, agus, cé go dtuigid a dheacracht atá sé a áirithiú go gcuirfear cineálacha áirithe connartha chun comórtais agus an saol mar atá, ba mhaith leo a rá go mba chóir, pé uair is féidir san, an comórtas do dhéanamh chó foirleitheadúil agus is féidir.


(Sighnithe)


SÉAMUS DIOLÚN,


Cathaoirleach.


24adh Feabhra, 1944.