Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1941 - 1942::24 February, 1944::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

7 Abrán, 1943:—Orduithe, Go ndeintear, de bhun Bhuan-Ordú a 109, an Coiste um Chuntaisí Puiblí do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéiri agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1942, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


8 Abrán, 1943:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Séamus Diolún, Cathal O Fágáin, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Proinnsias O Lochtmáin, Seán Mac Cana agus Domhnall Mac Meanman, Teachtaí.


9 Iul, 1943:—Orduithe, Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú a 112, an Coiste um Chuntaisí Puiblí do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndéanfar na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1942, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairise do thabhairt ortha;


Go ndéanfar Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an tsean-Choiste um Chuntaisí Puiblí ar na Cuntaisí Leithreasa sin agus ar an Tuarasgabháil sin do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí.


21 Deire Fómhair, 1943:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Riobárd Brioscú, Pádraig O Cuagáin, Liam Mac Cosgair (Sóisear), Séamus O Diolún, Muiris Dockrell, Tomás Harris, Seán Mac Cana agus Máirtín O Suilleabháin Teachtaí.