Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1941 - 1942::15 April, 1943::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 15adh Abrán, 1943.

Thursday, 15th April, 1943.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Séamus Díolún, Cathal O Fágáin, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Proinnsias O Lochtmáin agus Seán Mac Cana, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Séamus O h Aodha):—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Séamus Díolún i gCeannas pá réir sin.


4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1941-42. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe, Oifig an Ardchlárathóra, Páipéarachas agus Clódóireacht, Oifig an Aire Dlighidh agus Cirt, Gárda Síochána, Príosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, An Chúirt Chuarda, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis.


5. Ceistníodh Séamus Hurson (Rúnaí, An Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe), S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlighidh agus Cirt), C. C. Mac Eilgeóid, (Coimisinéir Luachála), C. S. Almond, Eoin Mac Réamuinn agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


6. Do bhreithnigh an Coiste comaoineachta ón Roinn Airgeadais (Feic Aguisín X V I) i dtaobh athruithe do moladh ar fhuirm na Meastachán. D’aontuigh an Coiste leis na hathruithe do moladh.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Déardaoin, 6adh Bealtaine.