|
TUARASCAIL INTERIMTá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh féna mbráid agus tá aontaithe acu leis an Tuarascáil interim seo leanas:— Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31 ú Márta, 1943, fé chaiteachas de bhreis ar an méid do vótáil an tOireachtas alos an vóta luaitear anso ina dhiaidh so:— RÁITEAS AR AN IOMARCAÍ.Ráiteas ar an suim is gá do vótáil chun iomarcaí ar an Deontas gcóir Oifige an Aire Airgeadais do shlánú.
Isé fé ndear an t-iomarcaí ná méadú gan choinne do bheith ar an gcostas a bhain le staithistic d’inneal-táibhliú. Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinne an tsuim seo do sholáthar trí vóta iomarcaí. (Sínithe) SÉAMUS DIOLÚN, Cathaoirleach. 19ú Deire Fómhair, 1944. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||