Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::19 October, 1944::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

15 Meitheamh, 1944:—Ordaithe, Go ndéanfar, de bhun Bhuan-Ordú 112, an Coiste um Chuntais Phoiblí do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh comhaltaí an Choiste;


Ordaithe, Go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar bhreacacháin;


Ordaithe, Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1943, do chur chun an Choiste um Chuntais Phoiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt orthu.


20 Meitheamh, 1944:—Ordaithe, D’ainneoin éinní contrártha dhó san i mBuan-Ordú 112, go mbeidh an Coiste um Chuntais Phoiblí, a ceapadh le hOrdú ón Dáil den 14ú Meitheamh, comhdhéanta de cheithre comhalta déag agus gur cúigear a bheidh mar chuoram.


28 Meitheamh, 1944:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí Brian O Brádaigh, Seán O Brádaigh, Domhnall O Braoin, Riobárd Briscoe, Pádraig Ua Cuagáin, Máirtín O Corra, Liam Mac Cosgair, Séamus Diolún, Muiris Dockrell, Proinnsias O Lochtmáin, Pádraig O Lochlainn, Seán Mac Eóin, Máirtín O Súilleabháin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


28 Meán Fómhair, 1944:—Do cuireadh Domhnall O Braoin, Máirtín O Corra agus Pádraig O Lochlainn as an gCoiste ar a n-iarratas féin agus do ceapadh Cormac O Breasláin, Pádraig Mac Gothraidh agus Mícheál O Loideáin ina n-ionad.