|
TUARASCAIL DEIRIDHCUID I.—NOTAI GENERALTA.Meamram ón Aire Airgeadais dar dáta an 21ú Márta, 1945.DEOLCHAIRI CUITIMH.Sonnraí mínitheacha i gCuid III den Mheastachán.1. Bheir an Coiste dá n-aire nach féidir leis an Aire Airgeadais géilleadh do na tuairimí do nochtadh sa Tuarascáil ón gCoiste dar dáta an 24ú Feabhra, 1944, gur cheart an claonadh ó théarmaí Coda III den Mheastachán do Dheolchairí Cúitimh a chur in iúl don Dáil trí Mheastachán Breise do thabhairt isteach. Measann sé nach foras ríofa a bhí sa mhíniú do tugadh i gCuid III ach gur chuige tugadh an míniú san chun cuspóir an deontais a chur in iúl, agus nár hathraíodh cuspóir an deontais, agus deir sé freisin go ndearnadh tagairt go cuibhe i gCuid III den Mheastachán don Ordú Cumhachta Práinne a chumasaigh dó an ráta deolchaire do chinneadh. Níl an Coiste deimhin de fós féin ná dearnadh sa chás so claonadh tábhachtach ón scéim chaiteachais mar do tuairiscíodh i gCuid III den Mheastachán ach, toisc an chuma ina thárla sé, ní raghaid níos sia leis an scéal. Is é barúil an Choiste go mba chóir an míniú do bheirtear ar sheirbhís i gCuid III de Mheastachán do bheith chomh beacht iomlán san go léireodh sé conus a hoibrítear an tseirbhís. SOLATHAIRTI.Foríoc Sealadach an Chúnaimh Airgid i leith Plúir.2. Bheir an Coiste dá n-aire go n-aontaíonn an tAire Airgeadais go generálta lena dtuairimí go mba chóir fiú foríoc sealadach an chúnaimh airgid i leith plúir do sheachaint, ach nach féidir foríocaíochta do sheachaint ar fad mar gheall ar na deacrachta ghabhas le cinneadh an phraghais chruinn dáiliúcháin ar chruithneacht allmhuirithe d’áiritheodh do lucht an tionnscail mhuilleoireachta an luach saothair comhaontaithe. Ba mhaith leo go gcuirfí in iúl dóibh cad é toradh an scrúduithe ar chuntais na muilleoirí do na blianta arúir 1942-43 agus 1943-44. AN tARM.Lámh-Sheiceáil Stóras Airm.3. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá n-aire go bhfuil an tAire Airgeadais sásta gur leor, go generálta, na rialacháin atá ann fá láthair i dtaobh lámh-sheiceála stóras Airm agus go ndéantar gach is féidir a dhéanamh go réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacháin seo. Soláthar Cásanna Mianaigh.4. Bheir an Coiste dá n-aire gurb é tuairim an Aire Airgeadais gur ceart gan éinní do shocrú i dtaobh na gcásanna mianaigh lochtacha do soláthraíodh gó dtí go mbeidh socraithe go cinnte cad déanfar leo. Ba mhaith leo tuilleadh eolais d’fháil i dtráth chuibhe i dtaobh an scéil. CUID II.—CUNTAIS FA LEITH.Oibreacha agus Foirgintí Poiblí.5. Cuireadh i bhfáth don Choiste cás ina ndearnadh deontas breise de £92 10s. 8d. do thabhairt mar chabhair chun láithreán a dhéanamh oiriúnach le haghaidh scoile. De ghnáth, is ar bhainisteoir na scoile a bhíos an fhreagarthacht maidir le láithreán oiriúnach do sholáthar, ach sa chás so ní bhfuarthas amach an láithreán do sholáthraigh an bainisteoir do bheith neamh-oiriúnach toisc ard géar a bheith ann go dtí go raibh cuid den obair a bhain le tógáil na scoile déanta agus bhí sé ró-dheireannach um an dtaca san an láithreán do thréigean. Dúradh sa chéad tuarascáil oifigiúil i dtaobh oiriúnacht an láithreáin gur ard 1’ i 20’ a bhí ann ach ard 1’ i 5’ a bhí ann le ceart. Chítear don Choiste gur tugadh faillí mhór maidir leis an gcás so i gcomhlíonadh dualgas mar is ceart, ach cuireadh in iúl dóibh go ndearnadh gníomh smachta i gcoinne an oifigigh a bhí freagarthach sa tuarascáil a tharraing an caiteachas breise. Mar sin, ní mian leo a thuilleadh a rá i dtaobh an scéil. Cúnaimh Airgid i leith Torthaí Talmhaíochta.6. Phléidh an Coiste cúrsa na n-íocaíocht as Vóta na gCúnamh Airgid i leith Torthaí Talmhaíochta sa bhliain 1942-43 agus as an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin i gcóir liúntas, etc., ar thoradh déiríochta, d’fhás don bhliain 1942-43. Cuireadh £499,900 ar fáil i Vóta na gCúnamh Airgid i leith Torthaí Talmhaíochta chun seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú Márta, 1943, i gcóir cúnamh airgid, liúntas, etc., le haghaidh toradh déiríochta, ach ba léir nuair a rinneadh, i mí Meán Fómhair, 1943, an praghas ar bhainne bhí á chur go dtí uachtarlanna do mhéadú ó 7d. go 9d. an galún nár leor an soláthar fán vóta san chun íoc as an mbreis chaiteachais a bhí le déanamh. Dá bhrí sin comhaontaíodh, i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais, gan an soláthar d’athrú agus go ndéanfaí aon bhreis chaiteachais d’íoc as an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), ciste a raibh breis agus dóthain ann chuige. Ach bhí teora curtha ag an Acht Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935, leis na críocha chun a bhféadfaí an Ciste d’úsáid, agus ní raibh íoc liúntas ar thoradh déiríochta ar na críocha san. Ar an abhar san, rinne an Rialtas an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 270), 1943 (Rialacha agus Orduithe Reachtúla, Uimh. 122 de 1943), an 9ú Aibreán, 1943, i.e., tar éis deireadh na bliana airgeadais, chun méadú ar na críocha chun a bhféadfaí an Ciste d’úsáid agus chun go bhféadfaí éifeacht do thabhairt don tsocrú luaitear thuas. Ní dearnadh aon tagairt sonnruch san Ordú d’aon tsocrú airgeadais ná d’aon íocaíocht. Tar éis an tOrdú do bheith déanta is ar an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) a muirearaíodh iarmhéid an airgid a bhí le caitheamh sa bhliain 1943-44 maidir leis an gclár i dtaobh toradh déiríochta do 1942-43, agus ar an abhar san níl san áirithe sa chuntas leithreasa bhaineas le haon vóta. Os rud é gur sa Mheastachán do rith an Dáil do rinneadh an céad-sholáthar agus an t-aon-tsoláthar chun liúntais ar thoradh déiríochta d’íoc agus gur soláthar chun seirbhíse na bliana 1942-43 a bhí ann tá amhras ann i dtaobh é bheith ceart, nuair ná raibh fulang an mhuirir iomláin sa tsoláthar fán Vóta, an t-airgead breise bhí ag teastáil do tharraing as an gCiste Toradh Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) gan an scéal do chur fá bhráid na Dála arís. Chítear don Choiste gurbh é ba cheart a dhéanamh do réir ghnáis is chleachta ná, chomh luath agus dob eol nár leor an soláthar fán Vóta, ceadú Dháil Eireann d’iarraidh, trí Mheastachán Breise nó Vóta Iomarcaí, chun na suimeanna do chur ar fáil ba ghá chun na héilithe ar an Vóta go dtí deireadh na bliana airgeadais d’íoc, go mór mór ós rud é nár cuireadh in iúl do Dháil Eireann tráth ar bith go ndéanfaí foirlíonadh in aon tslí eile ar an airgead do soláthraíodh sa Vóta agus ná raibh, i gcaitheamh na bliana airgeadais, aon tslí chun na héilithe d’íoc ach Vóta na gCúnamh Airgid i leith Torthaí Talmhaíochta. Uime sin, is dóigh leis an gCoiste gur chóir tuairim an Ard-Aighne d’fháil i dtaobh dlíthiúlacht an nóis imeachta do leanadh. Cta. 745-748; 1127-1150. 7. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh an liúntais de 11s. 3d. an cmn. a híocadh le dílseánaithe uachtarlainne agus le ceannaithe ime i leith ime uachtarlainne do cuireadh i bhfuar-stóras lena úsáid i ngeimhreadh na bliana 1942-43. Do réir dheallraimh is do meán-tréimhse de 26 seachtaine fuar-stórála do ceapadh an liúntas ach fuarthas amach nár bhféidir, ar mhórán cúiseanna, leanúint den chéad-shocrú do rinneadh agus mar sin bhí a lán gnólucht ann nár choimeád im i bhfuar-stóras ar feadh iomlán na meán-tréimhse. Dá ainneoin sin, do híocadh an liúntas de 11s. 3d. ina iomláine. Measann an Coiste gur chóir, toisc an athruithe, breithniú do dhéanamh i dtaobh an ráta liúntais do laghdú dá réir agus, ar aon chuma, gur cheart an t-athrú san ar chúrsaí do chur in iúl don Roinn Airgeadais sara ndearnadh aon íocaíocht. Is dóigh leis an gCoiste, ámh, nach miste an Roinn Airgeadais do thabhairt ceadú iar-ré leis an gcaiteachas breise sin. Arachas Difhostaiochta agus Cúnamh Difhostaiochta.8. Fá alt 26 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, ceangaltar ar chomhairlí contae-bhuirge agus comhairlí áirithe bailecheanntair suim airgid d’íoc in aghaidh na bliana leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála. Airítear an tsuim sin do réir luach inrátaithe an líomatáiste lena mbaineann agus cuirtear i gcreidiúint don Vóta í mar leithreas i gcabhair. Shéan roinnt údarás áitiúla gur dhlíodar ranníoc do dhéanamh i leith ionoighreachtaí áirithe ina líomatáistí. Cinneadh ansan gur ghá deireadh do chur le hamhrais i dtaobh modha ríofa na suimeanna is iníoctha leis an Aire, agus dá réir sin do leasaíodh an t-alt san le halt 2 d’Acht 1940. Forálann an t-alt so gurb é is luach inrátuithe ann, chun an ranníoc is iníoctha ag aon chomhairle áitiúil do ríomh, ná, fá réir modhnúithe áirithe, méid iomlán luachál na n-ionoighreacht uile sa líomatáiste a bhfuil aon ráta iníoctha ina leith. Forálann alt 5 d’Acht 1940 freisin go mbeidh deimhniú bhéarfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire, ag luadh luacha inrátuithe an líomatáiste lena mbaineann an deimhniú san, ina fhianaise dhochlaoite, chun críocha Acht 1933 agus 1940, ar luach inrátuithe an líomatáiste lena mbainfidh. Thug an Coimisinéir na deimhnithe uaidh go cuibhe ach d’áitigh na comhluchta áitiúla go raibh sé ceart aige gan luachála tithe beaga comhnaithe agus maoine áirithe eile atá saor ó rátaí do chur sna deimhnithe. Chuathas i gcomhairle le dlíodóir i dtaobh an scéil agus dob é a thuairim sin go raibh an ceart ag na húdaráis áitiúla i dtaobh luacháil na dtithe beaga comhnaithe d’fhágaint as deimhniú an Choimisinéara, agus fós nár thug an tAcht aon chumhacht don Choimisinéir chun a dheimhnithe do leasú agus gur dheallraigh sé ná raibh de leigheas ar an scéal ach reachtúchan nua. Cinneadh, ámh, gan dul i gceann reachtúcháin leasúcháin chun an scéal do leigheas go dtí go mbeifí chun na hAchta do leasú i slite eile agus, idir an dá linn, géilleadh don tuairim dlíodóra maidir le luacháil tithe beaga comhnaithe d’fhágaint as áireamh na suimeanna is iníoctha leis an Aire agus coigeartú do dhéanamh ar aon mhéideanna iomarcacha a bhí íoctha ag comhluchta áitiúla ar fhoras na ndeimhnithe ón gCoimisinéir. Ar an gcinneadh san a bheith déanta rinneadh na ranníoca do ríomh as an nua ar fhoras ráitis ón Oifig Luachála do thaspáin na méideanna bhí le baint de dheimhnithe luachála an Choimisinéara, agus rinneadh éilithe athscrúdaithe ar chomhluchta áitiúla do réir na meisiúnacht laghdaithe. Ag féachaint do théarmaí ailt 5 d’Acht 1940 a fhorálas, mar atá ráite thuas, go mbeidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála ina fhianaise dhochlaoite chun críocha na nAcht, cuireadh i bhfáth an nós imeachta do leanadh nuair a bhí na suimeanna dob iníochta leis an Aire á ríomh. Is mí-shásúil, go deimhin, an chuma ina bhfuil an scéal fá láthair, agus tá súil ag an gCoiste go bhféadfar an reachtúchán leasúcháin do thabhairt isteach gan mhoill. Reamhiocanna Iasachtai Tradala D’Aisioc.9. Bhreithnigh an Coiste ráthaíochta i dtaobh iasachtaí do chuideachtain áirithe do thug an tAire Tionnscail agus Tráchtála, fá na hAchta Iasachtaí Trádála (Urraíocht), le toiliú an Aire Airgeadais. Ráthaíodh iasacht de £1,600 i mí Bealtaine, 1935, agus iasacht eile de £3,000 i 1937. Banc a réamhíoc an dá shuim agus tugadh Bintiúir Céad-Mhorgáiste ar shócmhainní uile na cuideachtan mar urrús don Bhanc. Maidir leis an gcéad iasacht de £1,600 bhí tráthchuid amháin de £160 aisíoctha fán am a ráthaíodh an dara hiasacht, agus d’fhág san £1,440 le haisíoc. Do réir na socruithe do rinneadh leis an mBanc bhí an tsuim sin, maraon le méid an dara hiasacht de £3,000, le haisíoc ina deich dtráthchoda bliantúla de £444. Bhí an chéad tráthchuid dlite i mí Dheireadh Fómhair, 1938, agus cuireadh siar a híoc bliain ach, timpeall deireadh na bliana 1939, fuarthas an chuideachta do bheith dócmhainneach agus rinne an banc, i gcáil sealbhóra bhintiúra, glacadóir do cheapadh. Ar airgead do dhéanamh de na sócmhainní ní raibh ach £92 11s. 1d. ag an nglacadóir don bhanc agus, i gcomhlíonadh na ráthaíochtaí do bhí tugtha ag an Aire, do rinneadh £4,632 11s. 10d., sé sin, an t-iarmhéid a bhí dlite i leith bunairgid agus úis na hiasachta, do réamhíoc as an bPríomh-Chiste leis an mbanc i mí Feabhra, 1941. Do haisíocadh an tsuim sin leis an bPríomh-Chiste as an vóta sa bhliain atá fá bhreithniú. Fá alt 1 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, tar éis dul i gcomhairle le coiste comhairlitheach bheas ainmnithe aige i gcomhar leis an Aire Airgeadais, ráthaíocht do thabhairt, fá réir ceadú an Aire Airgeadais, maidir le haisíoc bunairgid agus íoc úis aon iasachta cruinneofar chun na gcríoch atá leagtha amach san alt. Chuir an tAire fá bhráid an choiste chomhairlithigh in am tráth iarratais na cuideachtan ar ráthaíochta don dá iasacht. Do chinn an coiste i gcás na chéad iasachta ná féadfaidís, tiosc an stair, ó thaobh airgeadais, a bhain le príomh-bhunaitheoir na cuideachtan agus ar chúiseanna eile, a mholadh don Aire a ráthaíocht a thabhairt. Maidir leis an dara hiasacht duairt an coiste comhairlitheach ná féadfaidis ach chomh beag, ar an scéal a bhreithniú ó gach taobh, agus a chur san áireamh nár bhonn iontaoibhe ná dóchais as an gcuideachtain stair a gnó-réime go dtí san, a mholadh don Aire an ráthaíocht bhreise do thabhairt a bhítheas a iarraidh. Ag féachaint do chúinsí uile an cháis, is deacair leis an gCoiste a thuigsin cé an fáth ar tugadh na ráthaíochta sa chás so d’ainneoin tuairimí an choiste chomhairlithigh agus stair an ghnóthais, agus ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith acu a ndearnadh aon chuid den airgead do tugadh fá cheachtar ráthaíocht d’úsáid chun fiacha bhí dlite d’aon ghnólucht iasachtúcháin airgid do ghlanadh. An tArm.10. Bhreithnigh an Coiste arís an scéal i dtaobh easnamh i Stórais Seirbhíse Bearraice dá ndearnadh tagairt i mír 10 den Tuarascáil deiridh uathu. Críochnaíodh ó shoin an stoc-áireamh ar chuid de na hítimí is tábhachtaí de na stórais sin, agus do ríomadh gurbh é an méid a chosain na hearraí bhí in easnamh ná £21,961 10s. 10d., agus meisiúnaíodh gurbh fhiú an ceathrú cuid den mhéid sin iad, sé sin, £5,490 7s. 8d., an tráth a cailleadh iad. Tá an Roinn Airgeadais tar éis glacadh le socruithe trína mbeidh cuid den tsuim sin le fáil as Cistí Leasa an Airm. Rinneadh an praghas céad-chostais amach do réir clár-rátaí do foillsíodh sa bhliain 1941 agus do bhí i bhfeidhm an uair a fuarthas na heasnaimh do bheith ann, i mí na Nollag, 1942. Tuigtear go raibh an Roinn ag dul do réir na Rialachán iomchuibhe nuair a chinneadar an praghas céad-chostais ar an gcuma so. Meastar, ámh, go mba mhaith an rud é, le linn praghsanna bheith ag ardú, clár-rátaí do choigeartú a mhinice is féidir chun go mbeadh luach rudaí caillfí nó damáistfí, i gcás san do mheisiúnú chun a bhaint d’aonaid nó de dhaoine aonair, ar aonchothrom a mhéid is féidir leis an tsuim a chosnódh na cinn a cuirfí ina n-áit. Cuireadh in iúl go raibh cruthúnas ann go ndearnadh an méid do b’fhiú, nuair a cailleadh iad, cuid de na hearraí bhí in easnamh do mheisiúnú do réir níos mó ná 25 fán gcéad dá gcéad-chostas agus measann an Roinn Airgeadais go dtáinig den chéadchodán san do ghlacadh gur measadh na hearraí fána luach. Tuigtear don Choiste go ndéanfar athmheisiúnú ar luach airgid na stóras bhí in easnamh, rud a bhéarfas méadú ar an tsuim atá le dí scríobhadh, ach ná déanfaidh san difir don mhéid a bainfear as Cistí Leasa an Airm. Ba mhaith leo go gcuirfí na figiúirí iarbhfír in iúl dóibh nuair a bheas an coigeartú deiridh déanta ar an gcúrsa. Is cúis imní don Choiste an saghas agus an méid caillteanas do thárla cé go dtuigid gurbh é ba mhó ba chúis leo an cor a bhí ar chúrsaí i dtús na héigeandála agus neamh-chleachtadh na n-oifigeach míleata do bhí freagarthach sna stórais. Tuigeann an Coiste gur hathraíodh an córas fána ndeintí iarmhar de stórais neamh-úsáideacha áirithe sara dtairgtí chun a ndíolta iad agus go gcuirtear na stórais sin de láimh anois mar earraí iomlána. Cé go n-athnaítear nach cuibhe baill éadaigh do dhíothú agus an saol mar atá i láthair na huaire, measann an Coiste, dá leantaí arís den tsean-nós nuair a bheas an saol níos socra, go mb’fhusa-de teacht ar aon mhaoin de chuid an Airm a thiocfaidh i seilbh daoine neamh-údaraithe. 11. Ina thuarascáil ar na cuntais don bhliain 1925-26, rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tagairt don tslí ina gcoimeátar cuntas ar bhaill d’éadach pearsanta do bheirtear amach do shaighdiúirí, agus mhol sé luach na mball den tsórt san a bheadh in easnamh d’áireamh sna méideanna a dí-scriobhfaí in aghaidh na bliana. Duairt an tOifigeach Cuntasaíochta ansan gur leis an saighdiúír na hearraí sin ó tugtar amach dó iad agus mar sin ná féadfadh dí-scríobhadh easnamh a bheith i gceist, agus bhí an Coiste sásta go rabhthas ag deighleáil leis an ngnó do réir na rialachán iomchuibhe. Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tar éis tagairt a dhéanamh don scéal arís mar gheall ar na cúrsaí fá leith a éiríos maidir le fir a liostáladh le haghaidh ré na hÉigeandála. Dheallraigh sé go ndearnadh, ionnas go mba lúide an chailliúin a thiocfadh d’éadach pearsanta do thabhairt do shaighdiúirí ná fónfadh ach tréimhsí gearra, rialacháin do cheapadh á cheadú d’Éigeandálaigh gan ach cinn áirithe de na baill d’éadach pearsanta a bheadh tugtha amach dóibh do choinneáil nuair a scaoilfí as an Arm iad. Dheallraigh na rialacháin sin go raibh le léamh astu go gcaithfí na baill eile do thabhairt thar n-ais, ach ní dearnadh athrú ar bith ar an gcóras cuntasaíochta agus ní hinnstear sa Chuntas cad é luach na n-earraí nár tugadh thar n-ais. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuiltear ag ullmhú rialachán nua maidir le héadach a dhéanfas an scéal níos soiléire. 12. Rinneadh tagairt do mhótar-fheithiclí áirithe do ghabh na Coimisinéirí Ioncaim, toise go rabhthas ag iarraidh iad d’onnmhuiriú go neamhdhleathach, agus do lóisteáladh ag post míleata go dtí go mbeadh deireadh leis an himeachta dlí do tháinig den ghabháil. Mheath na feithiclí go mór an fhaid a bhíodar fá choinneáil mhíleata agus tá an Coiste tar éis ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh an scéil d’fháil. Is cosúil go raibh oiread san laraithe fá ghabháil san am go raibh sé an-deacair cóiríocht oiriúnach fháil dóibh. Do haistríodh na feithiclí atá i gceist go dtí an post míleata lena gcoinneáil slán ann, ach ní raibh cóiríocht oiriúnach ag an bpost dóibh agus bhíodar amuigh fán síon ar feadh na tréimhse fada a chuaidh thart sara raibh deireadh leis na himeachta dlí. Ina theannta san, nuair dob fhéidir iad do chur de láimh bhí coda áirithe de na feithiclí ar iarraidh ach níorbh fhéidir an fhreagarthacht do leagadh ar aon duine áirithe. Sa deireadh ceannaíodh na laraithe don Arm ar phraghsanna do réir a luacha íslithe. Cuireadh in iúl don Choiste nár ghlac údaráis an Airm aon fhreagarthacht sna feithiclí, mar ná rabhthas ach á gcoimeád ag post míleata toisc gan malairt chóiríochta bheith ar fáil dóibh. Tuigeann an Coiste na deacrachta do bhain le cóiríocht d’fháil don mhéid mhór feithiclí do bhí fá ghabháil, ach nílid sásta leis na socruithe fánar thárla caillteanas an fhaid a bhí na laraithe sin fá choinneáil mhíleata. 13. Foráltar le Rialacháin Fórsaí Cosanta gur de na trúpaí lena mbaineann an scéal a bainfear costas deisiúcháin aon damáiste déanfaí, go toiliúil nó trí fhaillí, d’aon fhoirgintí ina seilbh. Ba chosúil go bhfuarthas ceadú ón Roinn Airgeadais chun cúiteamh d’íoc le húnaerí áitreabh áirithe sa damáiste do rinneadh nuair a bhí na háitreabhacha ar seilbh ag an Arm, ach an méid den chostas a measadh a tháinig de dhruim damáiste intseachanta do bhaint de na haonaid do bhí i seilbh na háite. Rinne na húdaráis mhíleata breithniú ina dhiaidh sin i dtaobh an saghas damáiste ar chóir trúpaí do thabhairt freagarthach ann agus, dá dheascaibh sin, laghdaíodh go mór na méideanna do meisiúnaíodh sna cásanna áirithe atá i gceist. Cuireadh in iúl don Choiste go bhfuil an scéal fá bhreithniú sa Roinn fós agus go n-iarrfar ceadú ón Roinn Airgeadais maidir le haon athscrúdú ar na meisiúnuithe lena nglacfar; tá tuarascáil eile ina thaobh uathu. 14. Cuireadh i bhfáth gur deonadh airgead do Chistí de chuid an Fhórsa Chosanta Aitiúil i leith daoine d’éirigh nó do scaoileadh as an bhFórsa roimh an dáta cáilitheach nó nár fhreastail le roinnt mhí roimhe sin. Is cúis imní leis an gCoiste a thabhairt fá ndeara go dtug na hoifigigh freagarthacha deimhnithe á rá go raibh na daoine bhí i gceist ina mbaill ghníomhacha den Fhórsa ar an dáta san agus gur tharla cuid mhór foríocaíochta le Cistí Aonad dá dhruim sin. Cuireadh in iúl dóibh, ámh, gurbh é fá ndeara éilithe neamhchearta do chur isteach ná na breacacháin áitiúla do bheith neamh-iomlán ach go bhfuil feabhas mór ar an scéal ó shoin. 15. Rinneadh cuid mhór móna do dhí-scríobhadh i rith na bliana mar dhramh agus tugadh fá ndeara gur mhór an difir a bhí idir na cionúireachta de dhramh ag postanna éagsúla. Tuigeann an Coiste go mbíonn deacrachta ann maidir le cuntas a choimeád ar stocanna móna, agus admhaíd ná fuil aon chaighdeáin ann chun dul dá réir. Tá súil acu, ámh, go ndéanfar gach dícheall chun diomailt a sheachaint an méid is féidir san. Scéimeanna Eigeandala Speisialta.16. Cuireadh i bhfáth gur caitheadh £239,365 9s. 3d. maidir le scéim chun móin do tháirgeadh. Chuaidh Bord na Móna, Teoranta, ag gníomhú dhóibh mar ghníomhaire d’Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta, i mbun na scéime agus, do réir an tsocruithe do ceadaíodh i dtaobh an caiteachas ar thuarastail agus eile d’aisíoc le Bord na Móna, bhí cuntais an chaiteachais le scrúdú agus le fíorú ó am go ham ag oifigigh d’Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta. Ní dhearna oifigigh d’Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta na cuntais do scrúdú, ámh, go ceann tamaill tar éis deireadh na bliana airgeadais agus is do réir cuntais do dheimhnigh foireann iniúchóirí d’fhostaigh Bord na Móna do bunaíodh an muirear ar an vóta. Tugann an Coiste dá n-aire gur thaspáin an chigireacht do rinneadh ina dhiaidh sin go raibh scrúdú foirleathan déanta ag na hiniúchóirí agus gur measadh gur leor mar a rinneadar maidir leis na cuntais, ach is dóigh leo gur gá córas cigireachta nó seiceála oifigiúla i gcásanna ina ndéantar, mar a rinneadh sa chás so, caitheamh airgid as cistí poiblí d’fhágaint fá ghníomhaireacht lasmuigh. (Sínithe) SÉAMUS DIOLÚN, Cathaoirleach. 26ú Aibreán, 1945. |
||||||||||||