Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::19 October, 1944::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 19ú Deireadh Fómhair, 1944.

Thursday, 19th October, 1944.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díoluin (i gCeannas), Cormac O Breasláin, Riobárd Briscoe, Pádraig Ua Cuagáin, Liam MacCosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin, Seán MacEóin, Máirtín O Súilleabháin, agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochnaíodh na Cuntas seo a leanas:—Teaghlachas an Uac Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, Oifig an Aire Airgeadais, An Saortharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Bord Cuartaíochta na hÉireann, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Aoisliúntais agus Liúntais Fágála, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Seicréideach, Costais fán Acht Timpeal Toghachán agus fá Acht na nGiúirthe, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Bhreise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Ollscoileanna agus Coláistí, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Rialtais, Oifig Thaighde Eolaíochta Ré na Práinne, Cúiteamh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht), Cúiteamh alos Díobhál Pearsanta (Síbhialtaigh), Aisíocanna leis an gCiste Teagmhais, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meán-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealaí, Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Pinsin Sean-Aoise agus Deolchairí Cúitimh.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), Mícheál Breathnach (Rúnaí, An Roinn Oideachais), Tadhg O Cléirigh (Cathaoirleach, na gCoimisinéirí Ioncaim), C. S. Almond Sáirséil O hOgáin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Interim fé bhráid an Choiste; do léadh í mar an gcéad agus an dara uair agus do ritheadh í.


Orduithe: Tuairisciú dá réir sin.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. go dtí Déardaoin, 9ú Samhain, 1944.