Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::04 October, 1944::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 4ú Deireadh Fómhair, 1944.

Wednesday, 4th October, 1944.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Brian O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Liam MacCosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin, Seán MacEóin, Máirtín O Súilleabháin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochnaíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgintí Poiblí, Longlann Inis Sionnach; Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Gárda Síochána, Príosúin, An Chúirt Dúiche, An Chúirt Uachtarach agus an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann nDintiúirí, An Chúirt Chuarda agus an Gailerí Náisiúnta.


4. Ceistníodh Seósamh O Conghaile (Cathaoirleach, Comisinéirí na nOibreacha Poiblí), Stíophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Dr. G. J. Furlong (An Gailerí Náisiúnta), C. S. Almond, León O Broin agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.30 p.m. go dtí Déardaoin, 19ú Deireadh Fómhair, 1944.