Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::09 November, 1944::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 9ú Samhain, 1944.

Thursday, 9th November, 1944.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Diolún (i gCeannas); Brian O Brádaigh, Seán O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Pádraig Ua Cuagáin, Liam Mac Cosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin, Micheál O Loideáin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochnaíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Páipéarachas agus Clódóireacht, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Oifig na nAnnálacha Poiblí, Tabhartais agus Tiomanta Déirciúla, Gealtlann Dúndroma, Poist agus Telegrafa, Fóirleatha Neamh-shrangach, Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhilleachtaithe, Rialtas Aitiúil agus Sláinte Poiblí agus Oifig an Ard-chlárathóra.


4. Ceistníodh S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthair), C. C, Mac Eilgeóid (Coimisinéir Luachála), D. O Cobhthaigh (Oifig na nAnnállacha Poiblí), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Pádraig O hEigceartuigh (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), Séamus Hurson (Rúnaí, An Roinn Rialtais Aitiúil agus Sláinte Poiblí), C. S. Almond, León O Broin agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Déardaoin, 30ú Samhain, 1944.