Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1942 - 1943::30 November, 1944::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 30ú Samhain, 1944.

Thursday, 30th November, 1944.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolun (i gCeannas), Brian O Brádaigh, Seán O Brádaigh, Cormac O Breasláin, Riobárd Briscoe, Pádraig Ua Cuagáin, Liam MacCosgair, Muiris Dockrell, Pádraig Mac Gothraidh, Proinnsias O Lochtmáin agus Séamus Pattison, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1942-1943. Críochníodh na Cuntaisí seo a leanas:—Gnóthaí Eachtracha, Cumann na Náisiúin, Talmhaíocht agus Iascach.


Breithníodh an Cuntas seo a leanas agus cuireadh ar ath-ló é:—Cúnaimh Airgid alos Tortha Talmhaíochta.


4. Ceistníodh Seósamh Breathnach (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Domhnall O Tuama (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Sáirséil O hOgáin agus Lughaidh MacGearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 2.40 p.m.