Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1941 - 1942::06 May, 1943::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 6adh Bealtine, 1943.

Thursday, 6th May, 1943.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Proinnsias O Lochtmáin, agus Seán Mac Cana, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na blian 1941-42. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblidhe, Oibreacha agus Foirgintí Poiblidhe, Longlinn Inis Sionnach, Oifig an Aire Puist agus Telegrafa, Fóirleathadh Nea-Shrangach, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meadhon-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealadha, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Institúid Ard-Léighinn Bhaile Atha Cliath.


4. Ceistniodh Seósamh O Conghaile (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe), Pádraig O hEigceartuigh (Rúnaí, An Roinn Puist agus Telegrafa), Seósamh O Néill (Rúnaí, An Roinn Oideachais), C. S. Almond, Eoin Mac Réamuinn, Proinnsias O Fiannaidhe agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Choiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin 13adh Bealtaine.