Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1941 - 1942::13 May, 1943::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 13adh Bealtaine, 1943.

Thursday, 13th May, 1943.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Séamus Mac Aodha, Proinnsias O Lochtmáin, agus Seán Mac Cana, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na blian 1941-42. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Tionnscal agus Tráchtáil, Seirbhísí Iompair agus Meteoraíochta, An Bínse Bóthair Iarainn, Muir-Sheirbhís, Arachas Díomhaointis agus Congnamh Díomhaointis, Oifig Chlárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála Roimh-íocanna Iasachtaí Trádála d’Aisíoc, Liúntaisí Bídh, Oifig na nAnnálacha Poiblidhe, Gnóthaí Eachtracha, Cumann na Náisiúin, Gailerí Náisiúnta, Tailte Foraiseacht, Seirbhísí na Gaeltachta, Gealtlann Dúndroma.


4. Ceistniodh R. C. Mac Fhearghusa (Rúnaí, an Roinn Tionnscal agus Tráchtála), Séamus O Muirgheasa (Oifig na nAnnálacha Poiblidhe), Seósamh Breathnach (Rúnaí, an Roinn Gnothaí Eachtracha), B. Macnamara (An Gailerí Náisiúnta), Mícheál O Duibhginn (Rúnaí, An Roinn Tailte), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), C. S. Almond, Sairseal O hOgáin, agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Choiste ar ath-ló ar 1.5 p.m. go dtí Déardaoin, 20adh Bealtaine.