Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1940 - 1941::16 July, 1942::Report

TUARASGABHAIL DEIRIDH

CUID I.—NÓTAÍ GENERÁLTA.

Miontuairisc ón Aire Airgeadais dar dáta an 13adh Iúl, 1942.

AN ROINN RIAGHALTAIS AITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE.

Deontais fé Acht na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932.

1. Bheireann an Coiste dá n-aire go measann an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe gur ar éigin atá gá, ag féachaint don ghnáthamh atá tagtha i bhfeidhm, le reachtaíocht speisialta chun míniú cruinn do thabhairt ar an téarma “athdhéanamh” chun crícheanna an Achta ach go n-aontuíonn an tAire Airgeadais le tuairim an Choiste gur cheart gnáthamh na Roinne do chur in úil go follus le míniú reachtúil. Uime sin tá súil ag an gCoiste go gcoimeádfar cuimhne ar an bpointe seo nuair a bheidh reachtaíocht i dtaobh tithe á beartú arís.


OIFIG NA nOIBREACHA POIBLIDHE.

Connartha Arachais leis an Irish Employers’ Mutual Insurance Association, Limited.

2. Bhreithnigh an Coiste go cúramach na tuairimí do chuir an tAire Airgeadais fé n-a mbráid agus bheirid fé ndeara go measann an tAire dá dtugtaí neamh-áird ar thairgsintí an Chomhlachais go mba dheacair san do chosaint agus a fheabhas a chruthuigh an Comhlachas anuas go dtí 1937-38. Ach ag féachaint dóibh do na deacrachta do bhain le haisíoc d’fháil ar íocaíochta do rinne na Coimisinéirí i 1937-38 ní féidir leis an gCoiste claonadh o n-a dtuairim nár cheart glacadh le tairgsint an Chomhlachais de bhrí go raibh comharthaí soiléire ann, nuair a bhítheas ag féachaint cé dhó a dtabharfaí an connradh, go raibh an Comhlachas gan bheith ró-láidir i gcúrsaí airgeadais agus gur ghearr go mbeidís dócmhainneach.


CONGANTA AIRGID LE hAGHAIDH EASPORTÁLA.

Conganta airgid alos easportála cáise agus púdair bhainne thiormuithe.

3. Is maith leis an gCoiste go bhfuil an Roinn Airgeadais agus an Roinn Talmhaidheachta ad iarraidh nós imeachta oiriúnach do cheapadh eatorra chun coigeartú do dhéanamh ar íocaíochta conganta airgid i gcásanna cosúil leo san ar ar thrácht an Coiste.


Maidir leis an dara fo-mhír bhí fhios aca nóta do bheith sa Mheastachán iomchuibhe á rá gur do réir pé rátaí agus ar pé coinníollacha eile cheadóidh an tAire Airgeadais o am go ham a híocfar Conganta Airgid. Tuigeadh dóibh, ámh, gur tugadh comhacht don Aire Talmhaidheachta rátaí na gConganta Airgid a híocfaí ar easportála torthaí déiríochta do cheapadh agus d’athrú as a chomhairle féin ach gan airgead vótálta do chaitheamh chun luach bainne do húsáidfí i ndéanamh na dtorthaí sin do mhéadú thar 6d. an galún ar an meán i gcaitheamh na bliana ar fad.


CUID II.—CUNTAISÍ SONNRÁCHA.

PUIST AGUS TELEGRAFA.

4. Sa tuarascbháil do thug an Coiste ar Chuntaisí na bliana 1938-39 thagradar do chaiteachas fé n-a ndeachthas maidir le láithreán d’fháil le haghaidh gnótha Phost-Oifige. Bhreithnigh an Coiste an caiteachas atá á dhéanamh i gcomhnaí de bharr únaeracht an láithreáin agus de bharr na moille atá ag baint leis an bhfoirgint do chur á tógail. Tuigeann an Coiste a dheacra atá sé i láthair na huaire obair fhoirgneoireachta do dhéanamh ach tá súil aca go ndéanfar gach dícheall chun na bpleananna do chríochnú má luaithe, mar tá an láithreán so ar seilbh ag an Roinn Puist agus Telegrafa le roinnt bhlian.


BUN-OIDEACHAS.

5. Cuireadh in úil don Choiste i dtaobh scoil áirithe do bheith dúnta le haghaidh deisiúcháin o Mhí na Samhna, 1938, go dtí Márta, 1940, sé sin os cionn 16 mhí, agus i dtaobh £734 2s. 9d. d’íoc i rith an ama san leis an bpríomh-mhúinteoir agus leis na múinteoirí conganta cé ná raibh ar éinne aca aon mhúinteoireacht do dhéanamh. Deallruíonn an scéal go bhfuarthas tairgsintí ar an obair a bhí riachtanach i mí Mheán Fhómhair, 1938, ach ná deárnadh an connradh go dtí mí Abráin, 1939. Ní raibh an deisiúchán déanta ag an gconnarthóir ar an dáta, an 8adh Meán Fhómhair, 1939, do ceapadh sa chonnradh, agus ar deireadh thiar b’éigean an connradh do chur ar ceal agus connarthóir eile d’fhostú chun na hoibre do chríochnú. An fhaid a bhí an scoil dúnta bhí roinnt mhaith de na mic léighinn nár fhreastail scoil ar bith eile.


Ní deimhin leis an gCoiste go ndearnadh na socruithe i gcóir na hoibre ar an scoil seo chó luath agus ba chuibhe agus braithid gur ceart féachaint chuige ná tárlóidh moill dá leithéid arís. Toisc na cúrsaí oideachais agus na cúrsaí airgeadais a bhíonn i gceist is léir gur ceart an tréimhse a bheadh scoil dúnta i gcóir deisiúcháin no athdheánta do bheith chó gearr agus is féidir.


OIBREACHA AGUS FOIRGINTI PUIBLI.

6. Cuireadh in úil don Choiste an caiteachas do bhain le Bearraic Ghárda Síochána do scartáil agus d’ath-thógáil. Tigh nua-dhéanta a bhí ann do cheannuigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe ar £900 i 1926 chun a úsáidthe mar Bhearraic Ghárda Síochána. Fuarthas amach i 1927 nárbh fholáir díon nua slinne do chur air agus na simnéithe d’ath-thógáil, obair do chosain £167, agus sna blianta ina dhiaidh sin caitheadh tuilleadh airgid ar lochtaí eile do tháinig ann do leigheas. Caitheadh £418 ar fad, i rith an dá bhliain déag do bhí an fhoirgint i seilbh na nGárdaí, ar a cothabháil agus ar dheisiú na lochtaí bhí uirthi. Ina dhiaidh sin féin fuarthas go raibh an fhoirgint lochtach agus contabharthach agus sa deireadh cinneadh ná raibh leigheas le fáil ach í thógáil arís o bhonn. Dá réir sin d’fhág na Gárdaí í i 1938 agus glacadh ina dhiaidh sin le connradh ar £1,762 chun na sean-fhoirginte do leagadh agus bearraic nua do thógáil ar an láithreán céanna. Is léir dá bhrí sin gur dhonuigh an fhoirgint chó tapaidh sin go bhfuarthas tar éis dhá bhlian déag go raibh sí imithe o mhaith ar fad agus gurbh éigean í ath-thógáil, i riocht gur breis is £3,000 an méid ar fad do caitheadh léi. Do hinnseadh don Choiste go raibh an fhoirgint beagnach críochnuithe nuair do cuireadh in úil do na Coimisinéirí den chéad uair i 1925 í bheith ar fáil agus nuair a cheannuíodar san í gur cheapadar go raibh sí chó maith agus d’fhéach sí. Isé cúis adeirtear do bheith leis an foirgint do dhul o mhaith drochchoncréit do bheith sna fallaí agus dubhrathas ná feicfí san ar iad d’iniúchadh gan an clúdach plástair do bhaint díobh.


Bhreithnigh an Coiste go cúramach an míniú do thug an tOifigeach Cuntasaíochta ach is deacair leo géilleadh don tuairim nár cheart a mheas go bhféadfadh an fhoireann teicniúil do mhol dóibh an tigh do cheannach eolas do chur ar na lochtaí ba léir chó luath san tar éis é cheannach, agus os rud é ná raibh an fhoirgint críochnuithe do réir dheallraimh an tráth do cheannuigh na Coimisinéirí í is deacra leo géilleadh don tuairim sin.


7. Cúis imnidhe don Choiste gur thárla arís go ndeachthas isteach ar mhaoin agus gur glacadh seilbh uirthi gan údarás. Sa chás so chuaidh duine ba thionónta ar chuid de Bhearraic Mhíleata isteach i gcoda eile den Bhearraic go nea-rialta agus ghlac seilbh ortha gan a chur in úil do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe ná údarás d’fháil uatha do réir dheallraimh, agus leigeadh dó fanúint ina seilbh go nea-rialta ar feadh breis is 2 bhliain sara ndearnadh éinní ina thaobh, cé gur léir gur chuir airigheach an áitreibh an scéal in úil. Tá éileamh á dhéanamh i dtaobh na seilbhe neamh-údaruithe agus dubhrathas go mb’fhéidir go gcuirfí an dlí ar siúl.


Ba mhaith leis an gCoiste tagairt arís do na tuairimí do nochtadar i mír 3 Tuarascbháil uatha dar dáta an 16adh Feabhra, 1939, agus ba mhaith leo arís luighe ar a riachtanaighe atá sé bearta do cheapadh chun cosc do chur le treaspás agus cumhangas do dhéanamh ar mhaoin leis an Stát agus leis an bhfreagarthacht dlíthiúil dob’ fhéidir do theacht as san agus chun a áirithiú ná ceadófar leanúint d’aon treaspás a déanfar.


TALMHAIDHEACHT.

8. Mar gheall ar an ngalar coise agus béil i gclóis déiríochta agus i láithreacha i gCathair Bhaile Atha Cliath cheap an tAire Talmhaidheachta an Dublin Emergency Meat Supply Committee chun scéim d’oibriú le n-a bhféadfaí a ndóthain feola do sholáthar do mhuintir na cathrach faid a bheadh an galar san ann agus cinneadh go ndéanfaidís freisin socruithe i dtaobh ainmhithe slána tógfaí as áitreabhacha galruithe do mharbhadh agus do chur de láimh ar an slí ba mhó buntáiste, agus an méid a gheobhfaí ortha, lugha-de na costais, d’íoc leis an Roinn. Do réir ráitisí ar chuntas ón gcoiste sin b’é mór-mhéid na bhfáltas sa tréimhse dar chríoch an 31adh Márta, 1941, £12,091 5s. 10d., agus b’é méid an chaiteachais £1,409 3s. 0d., agus mar sin do híocadh leis an Roinn méid glan na bhfáltas mar atá sé curtha síos sna tuairisceáin, eadhon, £10,628 2s. 10d. agus ba chuid é den £11,447 16s. 9d. a tugadh chun cuntais mar leithreasaí-i-gcabhair alos fáltaisí as conablaigh do sábháladh do dhíol.


Do hinnseadh don Choiste um Chuntaisí Puiblí nár cruthúnadh go leor-dhóthaineach an caiteachas san thuas agus tuigtear dóibh freisin gur nochtadh roinnt earráid de bharr na seiceála rinne an Roinn ar na ráitis ar chuntas agus go ndearnadh íocaíocht bhreise an bhliain dar gcionn chun iad do choigeartú. O rinneadh tuilleadh eadarbheart agus íocaíocht i rith na bliana 1941-42, tá an Coiste chun tuilleadh breithnithe dhéanamh ar an gcúrsa nuair a bheidh cuntais na bliana san fé scrúdú.


9. Cuireadh in úil don Choiste gur haisíocadh, le haisíocaíochta eachtar-reachtúla, as an gCiste Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), méid an dleachta, £1,877 10s. 0d., do hiomdhúnadh i bpraghas ceannaigh an ime uachtarlainne do heasportáladh i rith na tréimhse i ndiaidh an 1adh Meán Fhómhair, 1939. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gurb é déanfaí de ghnáth an dleacht d’aisíoc leis na daoine cearta tré n-a iomdhúnadh sa deolchaire easportála ach, toisc cor nea-ghnáthach an tsaoil i mí Mheán Fhómhair, 1939, gur fiunraíodh scéim na ndeolchairí i riocht gur laghduíodh an íocaíocht go dtí ainm-ráta de phingin an cmt., agus dá bhrí sin nárbh fhéidir aisíoc do thabhairt do na heasportálaithe i bhfuirm deolchaire reachtúla. Níor glacadh comhairle leis an Roinn Airgeadais sara ndearnadh an t-iomdhúnadh a luaidhtear thuas ach d’aontuíodar go raibh teideal do réir chothruim ag na heasportálaithe chun na n-íocaíocht a tugadh dóibh. Aontuíonn an Coiste leis an tuairim sin ach san am gcéanna ba mhaith leo an tuairim do nochtadar i mír 26 dá dTuarascbháil dar dáta an 12adh Mí na Nodlag, 1940, do chur síos arís, eadhon :— “gur cheart, nuair nach féidir forálacha Orduithe do chur in éifeacht go hiomlán, féachaint láithreach an féidir Ordú leasúcháin do dhéanamh agus, i gcás forálacha airgeadais do bheith i gceist, an scéal do thuairisciú gan mhoill don Roinn Airgeadais.”


FORAOISEACHT.

10. Do hinnseadh don Choiste mar do rinne an Roinn connradh ceannuithe 12,000 rolla d’eangach miotail do thabhairt gan comhairle do ghlacadh leis an Roinn Puist agus Telegrafa, an Roinn tré n-ar gnáth riara d’earraí den tsórt so d’fháil—agus, go deimhin, thugadar san connradh ar eangach mhiotail ar phraghas dob ísle timpeal am déanta an chonnartha ar an 12,000 rolla. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na cúrsaí bhain leis an gconnradh deiridh sin do thabhairt agus dubhairt go bhfuarthas ceadú na Roinne Airgeadais roimh ré chuige. Mar gheall ar ghéire na práinne adubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta a bhí ann, níor mhaith leis an gCoiste an nós imeachta leanadh do cháineadh ach measaid, dá ghéire an phráinn i gcás ar bith, gur ceart gurbh fhéidir dul i gcomhairle leis an Rannóig Chó-cheannaigh cheart sara gceangailtí ar an Stát stórais do cheannach.


ARACHAS DIOMHAOINTIS AGUS CONGNAMH DIOMHAOINTIS.

11. De bharr faisnéise nea-chruinne thug an cheann-cheathrú d’oifigí áitiúla d’údaruigh oifigigh chonganta dhíomhaointis, i roinnt cásanna, iarratais ar chongnamh dhíomhaointis a dí-lomhálfaí dá mba faisnéis chruinn do bhéarfaí. Tuigtear don Choiste go bhfuil an tAire Airgeadais tar éis a cheadú iar ré na híocaíochtaí rinneadh sna cásanna so do mhuirearú ar an Vóta agus fós a údarú aon íocaíochtaí den tsórt chéanna déanfar feasta do chur i gCuntais Leithreasa an Vóta ach go gcuirfear chuige go bliantúil chun eolais dó sceideal de na híocaíochtaí sin maraon le míniú ar na cúrsaí bhain leis na híocaíochtaí dhéanamh. Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall chun a áirithiú go dtabharfar faisnéis chruinn do na hoifigí áitiúla i ngach cás.


AN tARM.

12. Maidir le soláthairtí don Arm, tráchtadh ar chosaint ar éilithe bheadh ró-mhór de bharr iomad brabúis go bheith á lorg. Nuair a bhíonn an saol socair is ar an gcomórtas idir connarthóirí bítear ag brath chun a áirithiú gur réasúnta na praghsanna a híocfar, ach ní hinmheasta go mbeadh san chó maith mar chosaint in am éigeandála ; agus mar gheall ar a mhéid a mhéaduigh praghsanna earraí áirithe sa bhliain chuntasaíochta, síleann an Coiste go mba fhearr slí eile bheith ann chun earraí d’fháil ar phraghsanna réasúnta. D’iarr an Roinn congnamh ina thaobh so ar Ranna eile agus is deimhin leis an gCoiste go bhfuil gach ní is féidir á dhéanamh aici d’ainneoin deacrachtaí móra. Isé tuairim an Choiste, ámh, gur cheart gur chabhair chun cuid de na deacrachtaí do shárú comhar níos dlúithe do bheith idir Ranna, e.g. comhairle do ghlacadh leis an Roinn Tailte i dtaobh soláthairtí adhmaid ; agus, i gcoitinne, braitheann siad gur ceart comhachta deiscréide bheith ag Ranna cheannuíonn soláthairtí ina gcaindíochta móra pé lorgaireacht do dhéanamh ar phraghsanna ba ghá a dhéanamh chun go bhféadfaidís a fháil amach cadé an cion de na praghsanna a héilítear a bhíonn ina bhrabús.


13. Is féidir an rud céanna nach mór a rá i dtaobh connartha áirithe tugadh fé úidh an Choiste. Socruíodh sna connartha so gur do réir ama agus abhair a bheadh an praghas a héileofaí ar fhearas do sholáthar agus do chothabháil, agus cuireadh in úil a dheacracht a bheadh sé féachaint sa cheart chun taobh an ama den ghnó. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na siorcamstaintí ina dtugann an Roinn a leithéid sin de chonnradh agus de bharr an mhínithe sin is deimhin leis an gCoiste go raibh sé ceart gan gnáth-chonnradh praghas-chinnte do bhac agus an cúrsa mar a bhí. Bheirid dá n-aire gur ghá, chun maoirseacht agus urlámhas éifeachtúil do dhéanamh ar chostas tuarastail agus abhair, meaisínteacht do bhunú do chuirfeadh go mór leis an gcostas iomlán agus nár cheart a bhunú ach amháin i gcás oibreacha móra. Ag féachaint do na réasúin sin ba leasc leo aontú le haon tsórt connartha ná beadh eilimintí bunaidh an chostais mínithe ann agus urlámhas éifeachtúil ag an Roinn ortha, agus braithid nach ceart, ach amháin i gcás an-nea-choitianta, claonadh amach ón ngnáth-nós, eadhon, connradh praghas-chinnte do thabhairt tar éis comórtais.


14. Do hinnseadh i dtaobh muirir de £2,529 13s. 2d. ar an gCuntas ar fheoil do soláthruíodh, fé chonnradh, do phost mhíleata. Thugadh an connarthóir éilithe míosúla ar an méid sin, dheimhníodh an t-oifigeach freagarthach iad do bheith ceart, agus do híoctaí iad go cuibhe tar éis an ghnáth-scrúduithe sa Roinn. Dob éilithe bhain le feoil nár seachadadh cuid aca. Socruíodh ortha san tré thuigsint chalaoiseach idir baill de na Fórsaí agus an connarthóir. Sábháladh a samhail eile sin de chaindíochta feola tré na heisiúna chun a mbíodh teideal ag na trúpaí do laghdú. Bhí nea-rialtachtaí eile ann maidir le him, té agus siúicre. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise ná raibh sé ceart íocaíocht áirithe de £250 do dhéanamh, agus deallruíonn sé nárbh fhéidir eolas d’fháil ar na nea-rialtachtaí seo ina n-iomláine. Is mór is cás leis an gCoiste taobhanna áirithe den chúrsa so. An t-oifigeach ar a raibh sé de chúram féachaint chuige go gcólíonfaí an connradh agus féachaint a raibh éilithe an trádálaidhe ceart, thug sé faillí ina dhualgas agus níorbh fhearr ná é do bhí an t-oifigeach a bhí freagarthach sna heisiúna do na trúpaí do mhaoirseacht. Cuireadh o mhaith, mar sin, an córas cuntasaíochta do ceapadh mar chosaint ar chaill. Ar ócáidí eile roimhe seo bhí ar an gCoiste a chur in úil go rabhadar fíor-mhí-shásta leis an gcuma ina ndéanadh oifigigh ar a gcuirtí freagarthacht i gcúrsaí den tsórt so a ndualgais do chólíonadh, agus braithid gur ceart don Roinn aire do thabhairt gan mhoill do na lochtaí cóghléasacháin atá ann do réir dheallraimh. Dubhairt an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste nárbh ionghlactha na cruthúnachtaí tugadh ar an £2,529 13s. 2d., agus aontuíonn an Coiste leis. Tuigtear dóibh go dtabharfar tuarascbháil iomlán don Roinn Airgeadais agus déanaid talamh slán de go gcuirfear tuairim na Roinne sin in úil dóibh in am tráth.


15. Bhreithnigh an Coiste na cíosanna troma, dar leo, atá á n-íoc ar fhoirgintí áirithe do thrúpaí agus ar thailte áirithe chun crícheanna míleata. Níl amhras ná go bhfuil na cíosanna so trom agus gur deacair iad do thabhairt dá chéile i gcúrsaí áirithe. De ghnáth is amhlaidh d’aontuíodh oifigigh na Roinne leo tar éis margántaíocht o bhéal leis na húnaerí, mar go dtuigtí go mbíodh práinn leis na curtha-ar-cíos. Tar éis tuairim an Oifigigh Chuntasaíochta do chlos ní fonn leis an gCoiste éinní do rá i dtaobh méid na gcíos a híoctar. Measaid, ámh, go mbéidir go mba thairbheach don Roinn dul i gcomhairle leis an Oifig Luachála amhail ba mhian leis an Roinn Airgeadais, agus go mba cheart go bhféadfaí na có-aontuithe do dhéanamh fé réir an choinníll go mbeadh an Oifig sin sásta leo.


Níl a fhios ag an gCoiste an lease le cuid de na Ranna comhairle ghlacadh le Ranna eile, ach ní heol dóibh aon chúis ná bainfí feidhm as an eolas agus as an meaisínteacht speisialuithe atá ar fáil i Ranna eile nuair is gá é agus nuair is léir go raghadh san chun leasa an phobail.


16. Níl bliain dá dtagann ná tráchtann an Coiste ar nea-dhóthanacht na cosanta bheirtear do rannóig éigin de na stórais Airm. Bheirtear amach rialacháin agus treoracha d’fhonn lochtaí den tsórt san do leigheas, ach samhluítear don Choiste go dtárlann, mar a thárla i gcás na feola luaidhtear thuas, iad do bheith gan mhaith mara ndéanaidh lucht an údaráis beart oiriúnach chun go gcólíonfar iad ag an muintir a bhíonn freagarthach i gcoiméad agus in úsáid na stóras. Ar an ócáid seo thárla roinnt mhaith stóraisí liaghachta do ceannuíodh le haghaidh na héigeandála do bheith ina luighe in ionad áirithe go ceann bliana gan éinne do dhul ina geúram. Nuair a chuathas ina gcúram sa deireadh fuarthas go raibh cuid de na stuic easbathach, ach ní raibh éinní ann chun a thaisbeáint gur tugadh amach agus gur húsáideadh iad chun crícheanna oifigiúla. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in úil don Choiste go bhfuil cruthúnachtaí ann in aghaidh na stoc so go léir, ach ní féidir leis an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste glacadh le cuid áirithe de na cruthúnachtaí agus san, dar leis an gCoiste, ar réasúin mhaithe. Toisc a dheacracht atá sé na stuic d’athnuachaint fé láthair, is mór is cás leis an gCoiste an chuma inar deighleáladh leis na stórais seo agus is mian leo tuilleadh faisnéise d’fháil nuair a bheidh an lorgaireacht críochnuithe.


SUIMEANNA D’AISIOC LEIS AN gCISTE TEAGMHAIS.

17. Ag coinne le Vóta ón Oireachtas, réimhíocadh £4,000 as an gCiste Teagmhais i rith na bliana le Comhar-Chumann Talmhaíochta mar chúiteamh i ndíobháil do rinneadh dá n-áitreabh tré bhombaí do seaoileadh as aer-árthaighe iasachta. Ar réasúin do mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ní dearnadh soláthar chun an réimhíoca so d’aisíoc go dtí an bhliain 1941-42 nuair a rinneadh an soláthar ba ghá sa Vóta le haghaidh Cúitimh i nDíobháil do Mhaoin (Neodracht). Rinne an Coiste breithniú roimhe sin féachaint ar cheart Meastachán do thabhairt isteach chó luath agus dob fhéidir é i dtaobh réimhíocanna d’aisíoc as an gCiste Teagmhais. Mar gheall ar na cúrsaí speisialta bhaineann leis an réimhíoc so ní chuirfidh an Coiste i gcoinnibh na moille bhainfidh leis an Meastachán do thabhairt isteach, ach measaid gur ceart de ghnáth, nuair a réimhíoctar méid ar bith as an gCiste, údarás Dháil Eireann d’iarraidh chó luath agus is féidir é le haghaidh an aisíoca d’fhonn urlámhas na Dála ar chaiteachas do choinneáil agus gur ceart, más féidir é, é iarraidh lá nach déanaí ná deireadh na bliana airgeadais ina ndéantar an réimhíoc.


(Sighnithe) SEAMUS DIOLUN,


Cathaoirleach.


16adh Iúl, 1942.