Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1940 - 1941::22 April, 1942::Report

TUARASGABHAIL INTERIM.

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus táid tar éis aontú leis an Tuarasgabháil interim seo leanas :—


Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1941, fé chaiteachas de bhreis ar an méid do vótáil an tOireachtas, alos an vóta luaidhtear anso ina dhiaidh seo :—


RAITEAS AR IOMARCAIDHE.

Ráiteas ar an suim is gá a vótáil chun iomarcaidhe ar an Deontas i gcóir Talmhaíochta do shlánú.


An Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis atá ag an gCaiteachas ar an Meastachán ar fad

Ar fáil as Leithreasaí Iomarcaidhe i gCabhair

An Méid Glan atá le Vótáil

 

 

 

£

s.

d.

£

s.

d.

£

93

30

Talmhaíocht

3,166

12

8

3,156

12

8

10

Isé fé ndear an t-iomarcaidhe ná gan a bheith sa mheastachán i gcóir cúitimh i leith ainmhithe do mharbhadh de dheascaibh an ghalair chrúb agus béil ach buille fé thuairim agus gur lugha go mór an tsuim do cuireadh ar fáil chuige sin ná an méid cúitimh do híocadh i rith na bliana.


Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinnibh na suime seo do sholáthar tré vóta iomarcaidhe.


(Sighnithe) SEAMUS DIOLUN,


Cathaoirleach.


22adh Abrán, 1942.