Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1940 - 1941::22 April, 1962::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Ceadaoin, 22adh Abrán, 1942.

Wednesday, 22nd April, 1942.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Séamus Díolún, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Micheál Mac Aoidh, agus Seán Mac Cana.


3. Tairisgint déanta (Séamus O h Aodha):—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Séamus Díolún i gCeannas dá réir sin.


4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1940-41. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Talmhaidheacht (vóta iomarcaidhe), Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Oifig an Ard-chlárathóra, Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe, Oifig an Aire Dlighidh agus Cirt, Gárda Síochána, Príosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta agus Oifig Chlárathachta na nDíntiúirí, An Chuirt Chuarda.


5. Ceistníodh Séamus Hurson (Rúnaí, an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe), Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlighidh agus Cirt), C. S. Almond agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais), agus Seán O Meachair (Oifig an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste).


6. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarasgabháil Interim fé bhráid an Chóiste; do léigheadh í mar an gcéad agus an dara uair agus do ritheadh í.


Orduithe: Tuairisciú dá réir sin.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.15 p.m. go dtí Déardaoin 30adh Abrán.