|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Déardaoin, 24adh Abrán, 1941.Thursday, 24th April, 1941.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Seán Mac Cumhaill, Séamus Díolún, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Seán Mac Cana, Domhnall Mac Meanman agus Domhnall O Ruairc, Teachtaí. 3. Tairisgint déanta (Brian O Brádaigh):— “That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.” Ceist curtha agus aontuithe. Do chuaidh Séamus Díolún i gCeannas dá réir sin. 4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1939-40. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Oifig an Ard-chlárathóra, Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe. 5. Ceistníodh Séamus Hurson (Rúnaí, an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe), Lughaidh Mac Gearailt (Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste. 6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. |
||||||||||||