Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::04 December, 1941::Report

TUARASGABHAIL DEIRIDH

RIAGHALTAS AITEAMHAIL AGUS SLAINTE POIBLIDHE.

Cta. 24-33, Fo-scríbhinn IV.


1. Fé Alt 5 (1) (h) d’Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, féadfar deontas ná raghaidh thar £40 do thabhairt do dhuine ar bith athdhéanfaidh tigh atá ina sheilbh féin más as talmhaíocht a gheibheann an duine sin a shlí bheatha ar fad no go furmhór no más sclábhaidhe talmhaíochta é.


Bhreithnigh an Coiste cás inar deonadh deontas athdhéanta de £30 do bhan-iarratasóir a bhí ag fáil an Phinsin tSean-Aoise agus a raibh duine no beirt ar bórdáil aici. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tuigeadh, chun crícheanna Achtanna na dTithe, gur sclábhaidhe talmhaíochta í do réir an mhínithe reachtúil mar gur dhuine “ná hoibríonn ar tuarastal, ach oibríonn i dtuath-cheanntar ar chéird no láimh-chéird éigin gan aon daoine ach baill dá líontighe féin d’fhostú.” Cé gur shíl sé ná raibh aon fhasach leis an mbreith gur sclábhaidhe talmhaíochta coimeádaidhe tighe lóistín b’é a thuairim gur léir o nádúir na hoibre athdhéantais go raibh an tigh á ullamhú le haghaidh cuairteoirí agus, o ba cheanntar iascaigh an líomatáiste ina raibh sé, nár mhí-réasúnta a mheas gur bhain forálacha Achtanna na dTithe leis an iarratasóir. Foráltar gurb é an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do bhéarfaidh breith ar aon cheist eireoidh i dtaobh duine do bheith no gan a bheith ina “sclábhaidhe thalmhaíochta” agus ná beidh dul thar a bhreith, ach níor hiarradh air breith do thabhairt ar an gcás sarar tugadh an deontas. Gheall an tOifigeach Cuntasaíochta, ámh, go gcuirfeadh sé fíorais an cháis fé bhráid an Aire chun breith d’fháil ortha agus tá sé tar éis a chur in úil (Feic Fo-Scríbhinn IV) gurb é tuairim an Aire ar an gcás so nach ceárd ná láimhcheárd lóisteoirí do choimeád.


Os rud é gur híocadh an deontas de £30 de mheon mhacánta agus o thug an tOifigeach Cuntasaíochta deimhne go ndéanfar feasta do réir breithe an Aire ní háil leis an gCoiste a mholadh go ndéanfaí an deontas san do nea-lomháil, ach tá súil aca go ndéanfar, aon uair nach deimhin go mbaineann forálacha na nAchtanna leis an iarratasóir, breith an Aire d’iarraidh sara n-íoctar aon airgead.


2. Bhreithnigh an Coiste freisin cás inar tugadh deontas £25 chun tigh d’athdhéanamh. Ar an obair do rinneadh bhí póirse do thógáil agus deisiú agus plástráil do dhéanamh. Deallruíonn sé gur diúltuíodh roimhe sin d’iarratas ar dheontas chun íoctha costas mion-deisiúcháin agus plástrála ar an bhforas nárbh ionann agus athdhéanamh an obair sin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur measadh go bhféadfaí le ceart deontas do thabhairt toisc gurb é obair le n-ar bhain an dara hiarratas deisiúchán ba mhó ná san agus póirse do chur leis an tigh.


Ag cuimhneamh dóibh ar na fíorais do luadadh ní mian leis an gCoiste an Roinn do cháineadh mar gheall ar dheontas d’údarú sa chás so ach braithid gur cóir féachaint an ceart a mhíniú níos cruinne cadé an bhrí is ionchurtha leis an bhfocal “athdhéanamh” chun crícheanna an Achta.


OIFIG NA nOIBREACHA POIBLIDHE.

Cta. 168-201. Fo-scríbhinn V.


3. An Irish Employers’ Mutual Insurance Association, Ltd., cólucht o n-a bhfuair Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe polasaí slánaíochta in aghaidh gach bliana o 1933 anuas in aghaidh a bhfreagarthachta fé sna hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, etc., chuadar fé leachtáil i mí Meithimh, 1938. An t-éileamh do lóisteáladh leis an Leachtálaidhe Oifigiúil foluíonn sé na costais achtúla agus na costais mheasta do luigh ar na Coimisinéirí de dheascaibh na leachtála, maraon leis an gcostas breise do tháinig de pholasaí ionaid do thógaint amach. Cé gur cheaduigh an Roinn Airgeadais go nglacfaí leis an tairgsint ón gComhlachas san ar ghnó na gCoimisinéirí ar choinníoll go ndéanfaí an fionntar ina raghfaí do lán-díonadh tré ath-árachú deallruíonn sé go bhfuil amhras ann i dtaobh méid an ath-árachuithe do rinneadh ar fhreagarthacht an Chomhlachais agus dá bhrí sin is deacair a mheas cadé an tsuim do gheobhfar i ndeireadh na dála ón leachtálaidhe ar scór an éilimh do cuireadh isteach chuige.


Bhreithnigh an Coiste go cruinn na siorcumstaintí ina ndearnadh an polasaí árachais d’fháil gach bliain ón gComhlachas agus fós memorandum do chuir an tOifigeach Cuntasaíochta fé n-a mbráid ar cheist an ath-árachuithe. Thosnuigh an Comhlachas ar ghnó do dhéanamh i 1931 agus, ós uatha tháinig an tairgsint dob ísle, cuireadh fostaithe na gCoimisinéirí fé árachas aca ón ladh Eanar, 1933, amach. Bhí rátaí na bpraemium do híoctaí leis an gComhlachas—an t-aon Chuideachta nea-tharaoifeach amháin do réir dheallraimh do chuir tairgsintí isteach—ag dul i laighead do réir a chéile anuas go dtí an bhliain 1937-38 cé go ndearna Cuideachtana Arachais eile, de dhruim freagarthachtaí breise do chuir an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, ortha, a rátaí d’árdú oiread le 15 per cent. Mhéaduigh an Comhlachas a ráta praemium in aghaidh 1937-38 beagán beag. Nuair a bhí Oifig na nOibreacha Poiblidhe á iarraidh go gceadófaí connradh na bliana san do dhéanamh dubhradar leis an Roinn Airgeadais nár ghá coinníoll sonnrách d’ordú i dtaobh ath-árachais le Lloyds mar go ndéanfadh an Comhlachas uatha féin ath-árachú le ceann de Shinneagóidí Lloyds, agus d’aontuigh an Roinn Airgeadais leo mar go “dtiocfadh an gnó fén gconnradh chun bheith fé ath-árachas do réir chonnartha ath-árachais an Chomhlachais.”


I gcúrsa na margántaíochta chun connradh 1938-39 do dhéanamh pléadh leis an gComhlachas cúrsaí moille do bhain le haisíoc d’fháil in íocaíochtaí cúitimh do rinne na Coimisinéirí agus dá thoradh san rinneadh gach riaráiste bhí gan íoc do ghlanadh i mí Márta, 1938. Bhí tairgsint an Chomhlachais beagnach £4,000 níos lugha ná tairgsint an aon Chuideachtan amháin eile do chuir tairgsint isteach—agus ba Chuideachta tharaoifeach í sin. Nochtadh de thoradh scrúduithe ar a gclár chothromaíochta achtuaireach go raibh cúrsaí an Chomhlachais gan bheith sásúil ach mar sin féin moladh don Roinn Airgeadais glacadh le n-a dtairgsint agus cuireadh gach fíoras iomchuibhe fé n-a mbráid, agus cheaduigh an Roinn sin tairgsint an Chomhlachais ar an gcoinníoll go ndéanfaí, mar a deintí go dtí sin, an fionntar d’athárachú. Go gearr ina dhiaidh sin ba léir go raibh an Comhlachas dócmhainneach agus go dteastódh £10,000 uatha láithreach chun a ngnó do choimeád ar siúl. Ní raibh an congnamh airgeadais sin le fáil, agus, fé mar atá ráite thuas, chuaidh an Comhlachas fé leachtáil i mí Meithimh, 1938.


Bheirtear fé ndeara gur iarr na Coimisinéirí ar an Leachtálaidhe i nDeireadh Fómhair, 1938, mion-innste do thabhairt dóibh ar théarmaí agus coinníollacha na n-ath-árachas do rinne an Comhlachas agus do hinnseadh dóibh gur tugadh gach colas don Bhord ar chonnartha ath-árachais an Chomhlachais, gur scrúduigh oifigigh don Bhord iad, agus go ndéanfaí an t-airgead go léir do gheobhfaí ar scór connartha ath-árachais do chur chun crícheanna imeachta na leachtála. Is cosúil, dá bhrí sin, cé gur thuig an Roinn Airgeadais go ndearnadh ath-árachú sonnrách o bhliain go chéile, gur ath-árachuithe generálta na hath-árachuithe do rinneadh, agus ná raibh gnó an Bhuird fé árachas go sonnrách.


Tar éis dóibh gach taobh den scéal do lán-bhreithniú tháinig an Coiste go hainneonach chun a mheas gur léir éigcinnteacht staid airgeadais an Chomhlachais an tráth bhí tabhairt an chonnartha in aghaidh 1938-39 á bhreithniú agus go deimhin, le tamall maith roimhe sin, agus ná raibh aon cheart ag na Coimisinéirí a mholadh don Roinn Airgeadais glacadh le n-a dtairgsint. Ina theannta san, is deacair leis an gCoiste a thuigsint, o rinne oifigigh don Bhord connartha athárachais an Chomhlachais d’iniúchadh, canathaobh nár cuireadh in úil go soiléir cruinn don Roinn Airgeadais conus mar do bhí maidir le hath-árachas. Tá ortha a rá go bhfuilid an-mhíshásta leis an slí inar deighleáladh le ceist árachais an Bhuird, ní hé amháin i 1938-39 ach i mblianta roimhe sin freisin.


AN GÁRDA SÍOCHÁNA.

4. Meabhruíodh don Choiste caiteachas áirithe do tháinig de thionóisc do bhain do ghluaisteán leis an nGárda Síochána le linn an oifigigh do bhí ag úsáid agus ag tiomáint an ghluaisteáin do bheith ag filleadh o thurus neamh-oifigiúil. Is tuigthe don Choiste go bhfuil an Roinn Airgeadais ullamh ar cheadú iar-ré do thabhairt in aghaidh na suimeanna atá i gceist, ach go bhfuil dlús á chur leis na coinníollacha do shuidhe ar a bhféadfar cóir iompair oifigiúil d’úsáid chun crícheanna leath-oifigiúla no neamh-oifigiúla. Ba mhaith leis an gCoiste scéala fháil i dtráth chuibhe ar an gcinneadh déanfar.


BUN-OIDEACHAS.

5. Foráltar leis na rialacháin breiseanna turastail speisialta do dheonadh d’oidí scoile náisiúnta tar éis iad do rátú go han-árd in aghaidh trí bliana nach gá bheith as a chéile ach is gá bheith laistigh de thréimhse nach sia ná cúig bliana. Go dtí 1928, b’é an gnás cigireacht do dhéanamh gach bliain, ach ón mbliain sin i leith ní deintear cigireacht fhuirmeálta chó minic sin, sé sin mara mbíonn cúiseanna speisialta leis, agus tá nós nua ann anois, eadhon, deimhne bliana do thabhairt de thoradh fo-chuairteanna ar na scoileanna. Chonacthas gur deonadh breiseanna tuarastail speisialta do roinnt mhúinteoirí ná fuarthas aon scéala i dtaobh a rátuithe o sna cigirí an bhliain do deonadh an bhreis tuarastail. Cé go bhfuil meachan ag an gCoiste sna cúiseanna do tugadh mar mhíníú ar an scéal agus arb é an chúis is mó díobh laighead fuireann na gcigirí, ceapann siad maran féidir rialachán do chur i ngníomh gurb é is ceart do dhéanamh é do leasú. Bheirtear fé ndeara ná deonfar aon bhreis tuarastail speisialta feasta no go bhfaghtar na deimhne is gá o sna eigirí.


PUIST AGUS TELEGRAFA.

Cta. 423-435, Fo-scríbhinn XIII.


6. Tagradh do scéim fé n-ar cheannuigh Bárdas Bhaile Atha Cliath talamh ag Teach Alboro, do bhí ar léas ag an Roinn Puist agus Telegrafa agus fé n-ar haistríodh Depot Stóranna na Roinne, do bhí san áit sin, go dtí áitreabh nua. Deallruíonn sé go mb’é bun-phrinsiobal na scéime sin gur ar an mBárdas do bheadh costas malairt áitreibh le haghaidh stóranna do sholáthar maraon leis an gcostas bhainfeadh le n-a sholáthar, agus gur measadh £9,950 don chostas san agus go ndearna an Bárdas an tsuim sin d’íoc go cuibhe. Fuarthas nár leor an córas téigheacháin dá ndearnadh socrú sa mheastachán agus dob éigean córas lag-thuinsimh uisce theo do chur isteach ar cheaduigh an Roinn Airgeadais caiteachas breise chuige ná raghadh thar £1,250. Ar dháta tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste £11,137 an méid ar fad do bhí caithte ar an stór-áitreabh agus an téigheachán d’áireamh.


O dob é foras na scéime ná beadh sé riachtanach de bharr na saoráidí do bhéarfaí don Bhárdas aon airgead do chaitheamh as cistí Stáit ach ar an gcoinníoll go n-aisíocfaí é, bhí an staid scéil a léiríonn na figiúirí luaidhtear thuas á bhreithniú ag an gCoiste, agus thug an tOifigeach Cuntasaíochta memorandum dóibh ina thaobh (Foscríbhinn XIII). Is tuigthe as an memorandum san gur ar an bhforas go gcuirfí ar fáil có-mhaith an áitreibh le n-a rabhthas ag scarúint do háirmhíodh an meas-chostas gur dá réir do cinneadh ar an muirear do bheadh ar an mBárdas, agus go deimhin gur cuireadh ar fáil áitreabh níos fearr agus níos fairsinge, maraon le siúntán nua do rothair agus Seomra Bídh níos mó don fhuirinn, agus, tar éis na nithe sin do chur san áireamh, ná fuil ach £78 de bhreis caithte ar an scéim. Is tuigthe nach cuid den £11,137 a luaidhtear thuas costas an tsiúntáin rothar agus an tseomra bhídh.


Glacann an Coiste leis an turirim gur fíor, má cuimhnítear ar an gcóiríocht bhreise do cuireadh ar fáil, nár cailleadh oiread de bharr na scéime is ba dhóich le duine. Is tuigthe dhóibh, ámh, gur haithníodh gur dhéanmhais nua-aimseardha i bhfad níos fearr ná an seanáitreabh an t-áitreabh nua cuirfí ar fáil agus gur mar gheall air sin ná cuireadh aon mhuirear i gcoinnibh an Bhárdais alos leasa léas-sheilbhe na Roinne sa talamh ag Teach Alboro do tugadh suas don Bhárdas agus ná dearnadh aon éileamh ar an mBárdas i leith luach an láithreáin ar a ndearnadh an t-áirteabh nua, láithreán ba leis an Roinn cheana féin. Ba mhaith leis an gcoiste dá bhféadfaí ráiteas do thabhairt dóibh i dtaobh éifeacht na scéime maidir le cúrsaí airgeadais tar éis na luachanna talmhan dá dtagartar thuas do chur san áireamh.


7. Bhí ceist an easnaimh sna stuic de mhálaí puist intíre á phlé anuraidh ag an gCoiste agus tagradh di ina dTuarasgbháil dar dáta an 12adh Mí na Nodlag, 1940. Rinneadh trácht ar thuilleadh easnaimh atá ann anois agus is tuigthe go bhfuil an scéal fé bhreithniú fós sa Roinn. Tá tuairim mhaith ag an gCoiste go mbeadh an costas do bhainfeadh le dian-chóras rialuithe do chur i bhfeidhm i bhfad níos mó ná mar b’fhiú a thoradh san. Tá súil aca, ámh, go dtiocfaidh de sna scrúduithe atá á ndéanamh fé láthair go mbeidh laigheadú mór ar an gcaillteanas fén mírcheann so.


Cta. 446-455, Fo-scríbhinn XIV.


8. Mar gheall ar chúrsaí d’eirigh as práinn na huaire níor bhain an stoc-áireamh bliantúil do rinneadh sa bhliain 1939-40 ach leis an tríú cuid d’iomlán na stóranna bhí ar láimh, agus do cuireadh in úil don Choiste gur £396 an méid do sábháladh de bharr an atharuithe sin. Is maith is fios don Choiste an gá atá le hoiread fearachais agus is féidir i láthair na huaire, ach ag cuimhneamh dóibh ar chaindíochtaí agus luachmhaireacht na stóranna atá i gceist measann siad go mba chóir don Roinn, i dteannta na Roinne Airgeadais, féachaint ar cheart, i ngeall ar a laighead, go comparáideach, do spáráladh, stoc-áireamh iomlán do chur ar siúl arís go luath.


FOIRLEATHADH NEA-SHREANGACH.

Cta. 486-511, Fo-scríbhinn XVI.


9. Maidir leis an scéim um fhoirleathadh tráchtála do tugadh isteach i nDeireadh Fómhair, 1939, do híocadh £1,576 18s. 0d. san iomlán mar choimisiúin le gníomhairí fógraíochta na gcólucht do bhí i mbun na gclár, airgead dob ionann agus 15 per cent. de sna táillí áirithithe. Níl an Coiste cinnte go raibh sé inmhianuithe no riachtanach connartha fógraíochta do thabhairt amach tré ghníomhairí, go mór mór nuair a cuimhnítear go bhfuil an tseirbhís foirleatha saor ón ngnáth-chomórtas tráchtála.


TALMHAIOCHT.

10. Do rinneadh dhá shuim, £9,334 10s. 7d. ar fad, do roimh-íoc le hAturnae an Chóluchta Dheirí-Dheighleála Teoranta, chun go bhféadfadh sé ceannach sócmhainní socair agus dea-thoil chomharchumainn talmhaíochta agus déiríochta agus sócmhainní socair agus dea-thoil chomhar-uachtarlainne, o sna leachtálaithe, do chríochnú agus do cuireadh an caiteachas i leith cuntais fiunraíochta i Márta, 1940. I gcás aca san, inar roimh-íocadh £6,000, níor críochnuíodh an ceannach go dtí Meitheamh, 1940, agus sa chás eile bhí deacrachtaí ann i dtaobh an teidil chun na maoine bhí i gceist agus, i mí na Samhna, 1940, do fuarthas aisíoc sa £3,334 10s. 9d. do roimh-íocadh, maraon le £25 6s. 9d. mar ús bainc ar an suim sin.


Bheir an Coiste fé ndeara gur deacair i gcásanna den tsórt san lá áirithe do cheapadh ar a mbeidh airgead ag teastáil le n-a íoc o atúrnae an Chóluchta ; is dóich leo, ámh, mar gheall ar an ús do chaillfeadh an Stát-Chiste, nach foláir an tréimhse is giorra idir lá déanta an roimh-íoca agus lá críochnuithe an díola do bheith chó gearr agus is féidir.


CONGANTA AIRGID ALOS EASPORTALA.

11. O Mheán Fhómhair, 1939, do mhéaduigh luach easportála cáise agus bainne-phúdair thriomuithe go céimnitheach. Ní dearnadh, ámh, foras an chongnaimh airgid alos easportála cáise d’athscrúdú go dtí an ladh Mí na Samhna, 1939, agus san am gcéanna do leanadh den chongnamh airgid alos easportála d’íoc ar bhainne-phúdar thriomuithe do réir an ráta chothruim do bhí i bhfeidhm ó thosach an tsaosúir; dá thoradh san, sa dara cuid den tsaosúr, fuair easportálaithe na dtorthaí déiríochta san brabús glan thar mar a beartuíodh ar dtúis. Chun a thaisbeáint go ndearnadh mar ba chóir, thagair an tOifigeach Cuntasaíochta do chaillteanais do bhain d’easportálaithe sa chéad chuid den tsaosúr agus fós do pholasaí an Aire, eadhon, a áirithiú go bhfuigheadh na déantóirí brabús glan bheadh nach mór mar a gheobhfaí as im uachtarlainne do tháirgeadh.


Tuigeann an Coiste gur cead don Aire rátaí an chongnaimh airgid alos easportálanna tortha déiríochta do shocrú agus d’atharú mar is dóich leis is ceart ach san am gcéanna isé a dtuairim nach maith an chomhairle caillteanais na tréimhse tosaigh do shlánú tríd an gcongnamh airgid do thabhairt ar feadh an dara tréimhse ar ráta níos aoirde ná mar a bheadh ceart de ghnáth. Measann an Coiste gurbh fhearr foras an chongnamh airgid d’athscrúdú go luath i Meán Fhómhair, 1939, agus gan aon íocaíochta breise do dhéanamh thar mar ba ghá chun na méideanna do gheobhfaí bheith caillte ag gach easportálaidhe fé leith do shlánú dhó.


AN tARM.

12. Tarraingeadh anuas na forálacha d’Achtanna na bhFórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) a bhaineann le neart na bhFórsaí atá fé urláimh an Aire Cosanta agus an mhéid go ndearnadh do réir na bhforálacha san. Bheirtear le tuigsint nach leor, chun na gceangal reachtúil do chólíonadh, an nós imeachta leantar nuair a bhíonn ceadú an Oireachtais á lorg gach bliain i gcóir na n-uimhreach a bhíonn beartuithe, agus go bhféadfadh ceataighe mhór do theacht den locht so sa nós imeachta. Ag féachaint do phráinn na huaire agus do pholasaí an Stáit ina taobh, ní fonn leis an gCoiste a thuilleadh do rá i dtaobh an ní seo fé láthair. Is mian leo, ámh, a dheimhniú gurb é a dtuairim gur ceart don Roinn mór-aire do thabhairt do sna hoblagáidí reachtúla bhaineann le neart na bhFórsaí nuair a bheidh an saol níos socra.


13. Bhí díospóireacht ag an gCoiste i dtaobh cé aca ba mhaith no nár mhaith an chomhairle tuilleadh cosnamh do cheapadh in aghaidh íocaíochtaí nea-rialta liúntas pósta agus pinsean. Chun an airgid a soláthruítear i gcóir na seirbhís sin d’íoc is gá íocaíochtaí do dhéanamh uair sa choicís no sa mhí le breis is 20,000 duine, agus deintear an teideal chun deontas do dheimhniú uair sa ráithe le dearbhuithe shighníonn na deontaithe agus fhianuíonn daoine ceaduithe áirithe. Mara nochtann na deontaithe atharuithe dheineann deifir don teideal, níl, do réir dheallraimh, slí ar bith eile ann chun na n-atharuithe sin do bhraith mar ní deimhnítear cruinneas na ndearbhuithe ag na daoine bhíonn cáilithe mar theisteoirí. Sa chás áirithe ba siocair leis an scéal do phlé do híocadh £376 thar an gceart in imeacht seacht mblian, agus is cosúil go leanfaí de bheith ag déanamh na n-íocaíocht san go ceann i bhfad ní ba shia ná san mara mbeadh go bhfuair na Gárdaí fios an scéil i gcúrsa a ngnáth-dhualgas. Cuireadh in úil don Choiste go ndearnadh, d’fhonn meán nea-spleadhach do chur ar fáil chun teideal do dheimhniú, comhar d’iarraidh ar Ranna ag á bhfuil có-eagrais oiriúnacha chun na críche seo ach nár eirigh leis an iarracht san. Dubhradh freisin nárbh fhiú an tairbhe an costas do bhainfeadh le seiceáil nea-spleadhach do dhéanamh in aon mhór-chion de na cásanna agus nach cinnte go mbeadh an toradh air ba mhian. Mar sin féin déarfadh an Coiste gur cheart go bhféadfaí feidhm éigin do bhaint as an ngléas oibre atá ann fé láthair chun cosnamh ná cosnódh puinn do dhéanamh in aghaidh caillteanas a thagann d’éilithe nea-rialta. O thárla go mbeidh an scéal á bhreithniú arís ag na Ranna le n-a mbaineann, ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in úil dóibh aon bhreith ar a geinnfear.


14. Maidir le soláthairtí do cheannach don Arm—go háirithe cóir iompair mheicniúil agus stóranna don Chór Innealtóirí—ní raibh ar chumas na Roinne, ina lán cásanna claoi leis an nós a leantaí roimh an gcogadh, eadhon, tairgsintí d’iarraidh le haghaidh riachtanas caighdeánach i ngeall ar ghanntanas earraí agus margaí nea-sheasmhacha. Bhí mór-phráinn le stóranna ina gcaindíochta ba mhó ná ba ghnáth chun freastal ar riachtanais láithreacha an Airm do bhí imithe i méid go tapaidh agus, freisin, chun soláthar do dhéanamh don am le teacht. Tuigeann an Coiste na deacrachtaí nárbh fholáir don Roinn a réiteach agus an cúrsa amhlaidh, ach tá súil aca nár bogadh an smacht is gá chun a áirithiú go mbeifear chó spárálach agus is féidir i gcúrsaí soláthair.


15. Do bhreithnigh an Coiste an tslí inar dheighleáil an Roinn Cosanta le connradh chun uimhir mhór bothán do sholáthar. Fuarthas tairgsintí le haghaidh na hoibre agus glacadh leis an tairgsint dob ísle. Dubhairt an connarthóir nárbh fhéidir leis adhmad d’fháil agus ghaibh an Roinn ortha féin é do cheannach agus do sheachadadh dhó. £15,665 do bhí sa tairgsint bhunaidh agus £17,453 méid na nglaníocaíocht do rinne an Roinn ach gur coimeádadh £52 as chun íoc as costas iompair. Níor taisbeánadh costas na seirbhíse iompair seo ach raghadh sé thar £450 do réir an liúntais do tugadh don chonnarthóir ar sheirbhís den tsamhail chéanna.


Maidir le ceannach an adhmaid, dubhradh i ráiteas a cuireadh fé bhráid an Choiste Connartha Rialtais na praghsanna d’íoc an Roinn do bheith chó híseal agus bhíodar roimh an gcogadh ach amháin i roinnt cásanna inar héilíodh o 3 go 5 per cent. chun íoc as an gcostas méaduithe do tháinig de bhíthin na tuisí ba ghá do ghearradh as tuisí ba mhó ná san. Ar na liúntais bhreise do tugadh don chonnarthóir bhí—


(a) 6½ per cent. de bhreis ar an bpraghas connartha chun íoc as an gcostas méaduithe do tháinig den adhmad do ghlacadh i bhfaideanna reathacha ;


(b) an 2½ per cent. de locáiste do lomháladh don Roinn as íoc go tapaidh agus d’éilimh an connarthóir ar an scór go lomhálfaí dhó é dá mbé féin do cheannódh an t-adhmad ;


(c) £493 alos praghsanna méaduithe fén gClás Práinne Cogaidh;


(d) liúntas ex gratia de £150.


Ní féidir don Choiste cuid de sna ráitis atá mar thaca leis na híocíochta breise do thabhairt dá chéile. Dheallródh sé gur leor an bhreis de 6½ per cent. ar an lán-phraghas connartha in aghaidh an éilimh mhéaduithe do híocadh leis na solátharóirí ar an adhmad agus fós in aghaidh aon diomailt do tháinig den ghearradh. Dubhradh gur dhiomailt nea-ghnáthach a bhí ann agus go raibh sé chó mór le 40 per cent. i gcásanna áirithe, ach ní thuigeann an Coiste canathaobh go mbeadh diomailt ina foras le híocaíochta do dhéanamh leis an gconnarthóir agus é d’oblagáid ar an Roinn, do réir téarmaí an chonnartha, an t-adhmad neamh-úsáidthe no diomailte do ghlacadh thar n-ais. Ní léir ach an oiread, an chúis do bhí le híocaíocht eile do dhéanamh mar gheall ar mhéadú praghsanna agus é ráite sa ráiteas gur coimeádadh na praghsanna chó híseal is bhíodar roimh an gcogadh, agus isé tuairim an Choiste nár cheart an locáiste do thuill cistí oifigiúla d’aistriú.


Ní heol don Choiste canathaobh nárb fhéidir leis an gconnarthóir soláthar adhmaid d’fháil, ach nuair a fuarthas amach conus mar do bhí déarfadh an Coiste gurb é ba cheart do dhéanamh tairgsintí d’iarraidh as an nua no, ar aon chuma, malairt slí do lorg chun na hoibre do chur dá dhéanamh. Cé gur dócha nárbh fhéidir an obair seo dhéanamh níos saoire ní mheasann an Coiste gur nós maith chun fearachais i gcúrsaí caithimh an nós imeachta oifigiúil do leanadh.


(Sighnithe)


SEAMUS DIOLUN,


Cathaoirleach.


4adh Mí na Nodlag, 1941.