Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::01 May, 1941::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 1adh Bealtaine, 1941.

Thursday, 1st May, 1941.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Séamus O hAodha agus Domhnall Mac Meanman, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i geóir na blian 1939-40. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nAnnálacha Puiblí, Gailerí Náisiúnta, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla, Gealtlann Dúndroma, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Oifig na nOibreacha Poiblidhe, Oibreacha agus Foirginti Puiblí, agus Longlann Inis Sionnach.


4. Ceistníodh Séamus O Muirgheasa (Oifig na n Annálacha Puibli), Dr. G. J. Furlong (An Gaileri Náisiúnta), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Seán O hIarfhlatha (Coimisinéir Luachála), Seósamh O Conghaile (Cathaoirleach, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe), C. S. Almond, Eoin Mac Réamuinn agus Lughaidh Mac Gearailt (Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.50 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.