Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::15 May, 1941::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 15adh Bealtaine, 1941.

Thursday, 15th May, 1941.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Seán Mac Cana, Domhnall Mac Meanman agus Domhnall O Ruairc, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na blian 1939-40. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Pinsin tSean-Aoise (vóta iomarcaidhe), Seirbhísí na Gaeltachta (vóta iomarcaidhe), Oifig an Aire Dlighidh agus Cirt, Gárda Síochána, Príosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, An Chúirt Chuarda, Oifig an Aire Oideachais Bun-Oideachas, Meadhon-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealadha, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair.


4. Ceistníodh Liam Donnchadh O Ciardha (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncuim), Mícheál O Duibhginn (Rúnaí, An Roinn Tailte), Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlighidh agus Cirt), Séosamh O Néill (Rúnaí, An Roinn Oideachais), C. S. Almond agus Lughaidh Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarasgabháil Interim fé bhráid an Choiste; do léigheadh í mar an gcéad agus an dara uair agus do ritheadh í.


Orduithe: Tuairisciú dá réir sin.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.