Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::20 May, 1941::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

3 Abrán, 1941:—Orduithe, Go ndeintear, de bhun Bhuan-Ordú a 109, an Coiste um Chuntaisí Puiblí do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1940, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


4 Abrán, 1941:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Donnchadh O hAlmhain, Earnán Mac Binéid, Brian O Brádaigh, Cormac Breathnach, Seán Mac Cumhaill, Séamus Díolún, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Seán Mac Cana, Domhnall Mac Meanman, agus Domhnall O Ruairc, Teachtaí.