|
TUARASGABHAIL INTERIM.Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus táid tar éis aontú leis an Tuarasgabháil interim seo leanas :— Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1940, fé chaiteachas de bhreis ar na méideanna do vótáil an tOireachtas, alos na vótanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo :— VOTANNA IOMARCAIDHE.Ráiteas ar na suimeanna is gá a vótáil chun iomarcaithe ar Dheontaisí áirithe i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1940, do shlánú. Fiche Punt.
Vóta 7.—Pinsin tSean-Aoise.—Isé fé ndeár an caiteachas breise ná nár leor an méid a bhí sa mheastachán le haghaidh teagmhaisí. Vóta 56.—Seirbhísí na gaeltachta.—Is fé altán D. 8.— Tionnscal na mBreagán, a thárla an chuid is mó den chaiteachas breise, agus isé fé ndeár é ná cuntas do theacht chun bheith iníoctha nár ceapadh a bheadh iníoctha an bhliain sin. Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinnibh na suimeanna adeirtear thuas do bheith in easnamh do sholáthar tré vótanna iomarcaidhe. (Sighnithe) SEAMUS DIOLUN, Cathaoirleach. 15adh Bealtaine, 1941. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||