|
TUARASGABHAIL INTERIM.Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus táid tar éis aontú leis an Tuarasgabháil interim seo leanas:— Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1939, fé chaiteachas de bhreis ar na méideanna do vótáil an tOireachtas, alos na vótanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo :— VOTANNA IOMARCAIDHE.Ráiteas ar na suimeanna is gá a vótáil chun iomarcaithe ar Dheontaisí áirithe i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1939, do shlánú. Ocht Míle Déag Ocht gCéad agus Trí Púint Ocht Scillinge agus Cúig Pingne.
Vóta 7.—Pinsin tSean-Aoise.—Is i Rannán A.—Pinsin—do thárla an chuid is mó den chaiteachas breise, agus isé fé ndeár san ná ana-chuid ar fad d’orduithe pinsin do thíolacadh an lá deiridh den bhliain airgeadais chun íocaíocht d’fháil ionta, agus fós breith do thabhairt i rith na bliana ar uimhir, de sna hathchomhaire a bhí ar feitheamh, ba mhó go mór ná mar is gnáth, rud dá dtáinig gur ghá pinsin reatha mhéaduithe maraon le riaráiste d’íoc le daoine gur géilleadh dá n-athchomhairc. Vóta 55.—Foraoiseacht.—Is i Rannán C. 2.—Saothrú, Cothabháil, etc.—do thárla an caiteachas breise go léir nách mór, agus isé ba bhun leis ná costas na n-abhar agus págh an lucht oibre do dhul i méid. Níl éinní le rá ag an gCoiste i gcoinnibh na suimeanna adeirtear thuas do bheith in easnamh do sholáthar tré vótanna iomarcaidhe. (Sighnithe) SEAMAS DIOLUN, Cathaoirleach. 27adh Meitheamh, 1940. * Easnamh sna Leithreasaí i gCabhair. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||