Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1938 - 1939::29 February, 1940::Report

TUARASGABHAIL DEIRIDH.

CUID I.—NOTAI GENERALTA.

Miontuairisc ón Aire Airgeadais dar dáta an 27adh Mí na Samhna, 1939.

AN GARDA SIOCHANA.

Táillí as Meáchain agus Tomhais d’Fhíorú.

1. Nuair do mhol an Coiste socrú do dhéanamh fé n-ar ghá na táillí d’íoc le hoifig na Roinne Dlighidh agus Cirt bhí fhios acu cadiad na deacrachtaí bheadh ag gabháil leis sin. Os rud é nach deimhin leis an Aire Airgeadais gurbh fhiú dul fén gcostas breise agus chun na trioblóide breise ní mian leis an gCoiste dul níos sia leis an scéal. Is maith leo, ámh, a fheiscint go ndearnadh beart chun gur lughade ba bhaol go ndéanfaí airgead do chlaon-chasadh.


AOIS-LIÚNTAISÍ AGUS LIÚNTAISÍ FÁGÁLA.

Feidhm Ailt 28 den Acht Aois-liúntas, 1936, maidir le cásanna thagann fé réim Ailt 11 den Acht san.

2. Bheir an Coiste dá n-aire go n-abrann na hoifigigh dlí go bhféadfar comhachta an Aire Airgeadais fé Alt 28 den Acht Aois-liúntas, 1936, d’fheidhmiú i leith duine do fuair deimhniú de bhun Ailt 11 den Acht san.


Cúiteamh do thabhairt fé Alt 6 den Superannuation Act, 1909, agus fé Alt 7 den Superannuation Act, 1859.

3. Bheir an Coiste fé ndeara go n-abrann an tAire Airgeadais gur ghníomhuígh sé, sna cásanna bhí fé bhreithniú acu, do réir na gcomhacht discréide bheirtear dó le reacht ach amháin maidir le sochar oifige áirithe do chur san áireamh i gcás amháin. Bheir an Coiste fé ndeara, ámh, go gcoimeádfar cuimhne ar na nithe inar cuireadh amhras maidir leis na cásanna so má thárlann a leithéid arís. Claoidheann an Coiste le n-a dtuairim nach ceart cúiteamh den tsórt san do thabhairt de bhíthin amháin duine do chur as oifig mara gcólíontar freisin na coinníollacha i dtaobh breis éifeachtúlachta agus baileachais a horduítear leis an reachtúchán a bhaineann leis an gcúrsa.


TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁIL.

Connradh chun na Monarchana Alcóil Cheárdais do Thógáil.

4. Bheir an Coiste fé ndeara ná haontuíonn an tAire gurb é ba chúis le n-a laighead freagraí a tugadh, ar an geéad chuireadh ag lorg tairisgintí, na billí caindíochtaí do bheith déanta amach sa chóras mhéadrach. Is deacair leo i gcomhnaí, ámh, a thuisgint cadé an chúis gur ghá £430 do chaitheamh ar bhillí nua do dhéanamh amach go raibh a n-ullamhú, fé mar a hadmhuíodh sa mhemorandum dar dáta an 10adh Eanar, 1939, ón Oifigeach Cuntasaíochta, ar cheann de sna cúiseanna go rabhthas mall ag tosnú ar na monarchana do thógáil agus gurbh éigean dá dheascaibh sin £6,500 d’íoc leis na comhairleoirí teicniúla mar chúiteamh sa bhreis aimsire coinníodh ar seirbhís iad. Agus an scéal mar sin ní léir don Choiste aon leorchúis do bheith acu chun gan claoidhe leis an tuairim a bhí acu gurbh fhéidir an mhoill a sheachaint a bheag no a mhór agus gur cheart go dtuigfí gurbh fhearr caindíochtaí do dhéanamh amach do réir na gcaighdeán tomhais Briotáineach. Ag teacht ar an dtuairim sin don Choiste chuimhníodar ar an méid adubhradh sa mhiontuairisc dar dáta an 5adh Márta, 1936, ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála chun na Roinne Airgeadais á iarraidh go gceadófaí an caiteachas fé n-a ndeachthas leis an dara sreath de bhillí, sé sin, “it was ascertained that the failure of Irish contractors to take advantage of the opportunity afforded to them was ascribed to a difficulty in interpreting the bills of quantities which had been prepared in accordance with Continental practice.”


Meastachán Ro-árd.

5. Is maith leis an gCoiste a fheiscint gur lugha suim na n-iarmhéideanna do tugadh suas sa Vótanna don tseirbhís phuiblí in aghaidh 1937-38 ná na suimeanna tugadh suas sna blianta roimhe sin. 5.06 an percentáiste den mheastachán iomlán do tugadh suas i 1937-38, i gcomparáid le 9.2 i 1936-37 agus 7.48 i 1935-36. Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall chun go mbeidh an scéal ag dul i bhfeabhas amhlaidh gach aon bhliain feasta.


CUID II.—CUNTAISÍ ÁIRITHE.

Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe.

6. Cuireadh £32 caiteachais i leith fo-mhírchinn nua le húdarás na Roinne Airgeadais ar choinníoll go ndéanfaí, dá mba ghá Meastachán Breise do thabhairt isteach i rith na bliana, Fo-mhírcheann nua do chur isteach ann. Tugadh Meastachán Breise isteach i Mí Feabhra, 1938, ach, tréneamh-áird, ní dearnadh soláthar ann i gcóir an airgid seo. Tharraing san diospóid táchtach i dtaobh a mhéid is ceart, nuair a theastuíonn Meastachán Breise i gcóir Vóta, soláthar do dhéanamh ann i gcóir na suimeanna is gá in aghaidh na n-easnamh go léir le n-a mbíonn coinne ar fho-mhírchinn sa Vóta san agus i gcóir aon fhomhírcheann nua thagann fé chuimsiú an Vóta agus do hoscladh le ceadú na Roinne Airgeadais sarar tugadh isteach an Meastachán Breise. Déarfadh an Coiste nár cheart, ag féachaint do sna prinsiobail ghenerálta is bonn le smacht na Páirliminte ar chaiteachas. a fhágaint fé aon Roinn Stáit a chinneadh cadiad na hítimí is cóir a fhágaint as Meastachán Breise. Chuir an Roinn Airgeadais memorandum chun an Choiste inar pléidheadh gach taobh den cheist. Ar chúiseanna atá curtha síos ina n-iomláine sa mhemorandum isé tuairim na Roinne Airgeadais tar éis an chúrsa do bhreithniú go ndéanfadh sé dochar mór ítimí caiteachais do chur i Meastachán Breise ar gnáth iad do dhéanamh rialta le gníomh riaracháin ar an ngnáth-shlí. Deir an Roinn Airgeadais, más gá fén gcó-aontú atá ann i dtaobh feidhm do bhaint as Virement, Meastachán Breise do thabhairt isteach, gur cheart a mbeadh sa Mheastachán do bheith do réir rialacha generálta an chó-aontuithe sin agus nár cheart suimeanna suaracha do chur ann mara mbainid le seirbhísí úrnua no le seirbhísí a bheidh á leathnú amach i slite nua no maran dócha gan an méid a sábhálfar ar an Vóta do bheith có-mhéid leis na suimeanna san.


Tá an Coiste tar éis an scéal so do bhreithniú go cúramach agus glacaid le conclúidí na Roinne Airgeadais. Fé mar adubhradh sa mhemorandum bheadh gan amhras breithniú á dhéanamh ag an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste ar an gcuma ina bhfeidhmíonn an Roinn Airgeadais a ndiscréid maidir le hítimí d’fhágaint as Meastachán Breise agus iarrann an Coiste ar an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste sceideal de chásanna inar hoscladh fo-mhírchinn speisialta do thabhairt dóibh feasta.


Fo-scríbhinn V.


7. Forálann Alt 6 (1) d’Acht na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, go bhféadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe rann-íoc d’íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d’íoc fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil alos airgid do fuaireadar ar iasacht chun tithe do chur ar fáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931. Ní cead an rann-íoc do dhul thar 66⅔% de sna muirir bhliantúla iasachta san má bhíonn an tAire sásta gur i gcóir daoine bheidh curtha as a n-áit de dheascaibh aon ghníomhartha de chuid an údaráis áitiúil sin fé sna hAchtanna san a cuireadh na tithe sin ar fáil ná thar 33⅓% de sna muirir bhliantúla iasachta san in aon chás eile. Fé Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, má bhíonn údarás áitiúil sásta gur líomatáiste nea-shláintiúil aon líomatáiste atá laistigh dá gceanntar agus nach féidir staid an líomatáiste sin do leigheas go héifeachtúil ach amháin tré sna foirgintí go léir sa líomatáiste sin atá neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta no atá dainséarach no díobhálach don tsláinte do leagadh dearbhóidh an t-údarás áitiúil tré rún an líomatáiste sin do bheith ina líomatáiste réiteachta agus féachfaid chuige go leagfar na foirgintí uile sa líomatáiste sin. Má chinneann an t-údarás áitiúil ar a ordú go ndéanfar aon fhoirgintí i líomatáiste réiteachta do leagadh ní foláir don údarás áitiúil ordú réiteachta do dhéanamh i dtaobh na bhfoirgintí sin agus é chur fé bhráid an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe chun a dhaingnithe.


Fo-scríbhinn VI.


I mí Lúnasa, 1933, rith Comhairle Bhailecheanntair rún á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina líomatáiste réiteachta agus chuadar i mbun scéime chun tithe do chur ar fáil do theaghlaigh a bhí le n-aistriú as an líomatáiste sin. Na tithe nua do tógadh fén scéim cuireadh iad ar cíos chun tionóntaithe do haistríodh as na líomatáistí réiteachta ach ní dearnadh aon ordú réiteachta agus níor leagadh na tithe sa líomatáiste réiteachta ach is amhlaidh a glacadh seilbh ortha arís. Ina dhiaidh sin ritheadh rún eile i Mí Mheán Fhómhair, 1938, á dhearbhú gur líomatáistí réiteachta líomatáistí áirithe ina raibh na tithe nár leagadh fén rún do ritheadh roimhe sin agus cuireadh fé bhráid an Aire, chun a ndaingnithe, orduithe réiteachta á ordú na tithe sin do leagadh.


Tá amhras ann i dtaobh an údaráis áitiúil do bheith i dteideal rann-íoc d’fháil do réir an ráta is aoirde (66⅔%) roimh dháta an rúin do ritheadh i Mí Mheán Fhómhair, 1938, á dhearbhú gur líomatáiste réiteachta an líomatáiste. O thárla gur ritheadh rún i mí Lúnasa, 1933, ní léir cadé an chúis gur ghá an dara rún do rith.


Ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, ámh, agus toisc gur tionóntaithe a haistríodh as líomatáiste dearbhuíodh do bheith ina líomatáiste réiteachta i 1933 do chuaidh i seilbh na dtithe nua chítear don Choiste go bhféadfaí an íocaíocht do réir an ráta is aoirde do mheas ina híocaíocht cheart, ar choinníoll go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil pé nithe is gá chun na tionóntaithe chuaidh in athsheilbh na dtithe do chur asta agus na tithe do leagadh. Táthar ag brath air go ndéanfadh an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe socrú chun ná féadfaí rann-íoc d’íoc do réir an ráta is aoirde maidir le haon scéim eile tógfaí ar láimh chun tithe eile do chur ar fáil do sna tionóntaithe chuaidh in athsheilbh na dtithe as ar haistríodh iad.


Oibreacha agus Foirgintí Puiblí.

8. Bhreithnigh an Coiste cás inar híocadh £450 i ndíol Breithiúnais Chúirte i dtaobh connradh chun díonacha nua do chur ar angair. Chuir na Coimisinéirí deireadh leis an gconnradh ar an scór ná dearnadh an obair chó cúramach is ba chóir agus thug an connarthóir aicsean ina n-aghaidh um chaillteanas agus damáiste mar gheall ar an gconnradh do bhriseadh. Ní raibh dídean banna ná urrúis eile ag an gconnarthóir agus, chun a áirithiú go ndéanfaí an obair go sásúil, bhí na Coimisinéirí i muinghin laigheaduithe do réir percentáiste ar na suimeanna bheadh dlite agus iníoctha o am go ham. Breithiúnuíodh an connarthóir seo ina fhéimhí go luath tar éis dó an connradh do ghlacadh agus deallruíonn sé gur deacraí airgeadais ba mhó ba chúis le gan an obair do dhéanamh go sásúil.


Is léir o chúrsaí an cháis seo a tháchtaighe atá sé go bhfuighfí amach cadé an acfuinn airgid atá ag connarthóirí sara dtugtar connartha dhóibh agus fós go bhfuighfí urraí maithe i ngach cás inar féidir é agus ba mhaith leis an gCoiste deimhin fháil go ndéanfar gach ni is féidir chuige sin feasta.


Foscríbhinn VII.


Gabhann tácht mhór leis an mbreithiúntas a tugadh san aicsean so mar dubhairt an Chúirt nach foláir connradh d’fhoirceannadh i gcaitheamh ré an chonnartha.


Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall chun dul do réir breithiúntas na Cúirte agus go nglacfar gach cúram is féidir i dtreo ná tiocfaidh aon chaillteanas ná fiachas as connartha d’fheidhmiú.


9. Meabhruíodh don Choiste dhá chás inar ghá, toisc gur theip ar na connarthóirí obair do chríochnú go sásúil, connarthóirí eile d’fhostú agus i nár baineadh de sna connarthóirí bunaidh an costas a ghaibh leis na connartha nua d’fheidhmiú. Tuigeann an Coiste nárbh fhéidir, toisc deacrachtaí speisialta, an costas do bhaint amach sna cásanna so ach san am gcéanna ba mhaith leo luighe air gur ceart aon chostas breise cuirfear ar an bpuiblíocht de dheascaibh teip no faillighe chonnarthóra do bhaint amach más féidir é agus gur ceart, más gá gan féachaint leis an gcostas san do bhaint amach, ceadú d’fháil ón Roinn Airgeadais chun eirghe as éilithe.


10. Rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe connradh de £81,000 no os a chionn chun Coláiste Ullmhúcháin do thógáil. Bhí coinníoll sa chonnradh go mbainfí 10% de gach tráthchuid den phraghas fén gconnradh a bheadh iníoctha o am go ham do réir mar a raghadh an obair ar aghaidh agus go ndéanfaí leath an mhéide a coimeádfaí siar d’íoc leis an gconnarthóir ar an obair do bheith críochnuithe go sásúil agus an leath eile d’íoc leis i gceann naoi mí ina dhiaidh sin. Bhí clás sa chonnradh fé n-a bhféadfadh na Coimisinéirí, dá mba rogha leo é, an dara suim sin d’íoc sara mbeadh na naoi mí istigh. De thoradh plé cúrsa do rinne an connarthóir d’aontuigh na Coimisinéirí, le ceadú na Roinne Airgeadais, na coinníollacha íocaíochta d’atharú i dtreo ná coimeádfaí siar thar £4,000 ar fad agus go n-íocfaí an tsuim sin i gceann naoi mí tar éis dáta críochnuithe an hoibre. I gcúiteamh na comaoine seo ceangladh ar an gconnarthóir ús do réir 5% d’íoc, ar na suimeanna d’fhéadfaí a choimeád siar, o sna laethe uile agus fé seach ar a n-íocfaí na suimeanna san go dtí dáta críochnuithe an chonnartha. Críochnuíodh an obair go luath i mí Mheán Fhómhair, 1937, agus do híocadh £2,000 leis an gconnarthóir ansan, sé sin, leath an mhéide a coimeádadh siar agus níor híocadh an £2,000 eile go dtí deireadh na tréimhse iomláine. Dubhradh leis an gCoiste go ndearna na Coimisinéirí an £2,000 do roimhíoc i bhfeidhmiú na discréide bhí acu fén gclás sin sa chonnradh atá luaidhte ach go rabhadar sásta, agus an cúrsa mar a bhí, ceadú iarré do lorg ar an Roinn Airgeadais le haghaidh an ní do rinneadh sa chás so, ar choinníoll nár dhochar é dá ndiscréid maidir le hairgead connartha coimeádfaí siar d’íoc.


Admhuíonn an Coiste a thairbhighe atá an chomhacht discréide fheidhmíonn na Coimisinéirí maidir le híocaíochtaí do choimeád siar ach is dóich leo, nuair a bhíonn ceadú á iarraidh ar an Aire Airgeadais i gcásanna inar gá téarmaí no coinníollacha connartha d’atharú, gur ceart na nithe uile bhaineann leis an gcúrsa, agus ortha san modh íoctha an airgid, do chur fé n-a bhráid chun a mbreithnithe. Is mian leis an gCoiste freisin luighe ar a riachtanaighe agus a tháchtaighe atá sé leas na puiblíochta do chosaint tré n-a áirithiú gur leor na suimeanna coimeádfar siar chun deimhin do dhéanamh de go gcríochnóidh connarthóiri go sásúil oibreacha bheidh acu á dhéanamh fé chonnradh.


Bun-Oideachas.

11. Maidir leis an Scéim do ceapadh chun buan-fhostaíocht do thabhairt do mhúinteoirí do chaillfeadh a bpostanna, mara mbeadh an scéim sin, mar gheall ar laigheadú do dhul ar an meán-fhreastal tá socrú inti fé n-a gcaithtear folúntaisí do líonadh as painéil, a tarraingtear suas do réir deoisis, de mhúinteoirí den tsórt san. Cuireadh in úil don Choiste go ndearnadh i gcásanna áirithe ceapadh múinteoirí do cheadú gan na múinteoirí sin do bheith ar phainéal agus d’ainneoin go raibh do réir dheallraimh múinteoirí cáilithe ar an bpainéal agus iad ar fáil. Cé go dtuigeann an Coiste gur féidir argóintí o thaobh oideachais agus eile do luadh i gcoinnibh scéim na bpainéal do chur i bhfeidhm go daingean is mór an t-ualach ar an Stát-chiste tuarastal do bheith á íoc le múinteoirí ná bíonn dóthain mac léighinn ann chun iad do choimeád ar fostú agus, dá bhrí sin, is dóich leis an gCoiste gur ceart na rialacháin i dtaobh painéal do chur i bhfeidhm go diongbhálta.


Rud eile bhí á bhreithniú maidir le scéim na bpainéal dob eadh cás múinteoirí neamh-éifeachtacha bhí á gcoimeád ar fostú fé choinníollacha na scéime sin. Deallruíonn sé go bhfuil teideal ag na múinteoirí sin chun cosaint d’fháil fén scéim sin mara n-eirítear agus go dtí go n-eireofar as iad d’admháil ar chúiseanna oideachais. Is maith leis an gCoiste a fheiscint go bhfuiltear ag cur dlús le scrúdú na gcásanna so d’fhonn éifeachtúlacht na múinteoirí d’fheabhsú nuair is féidir é no na múinteoirí ná fuil aon dabht i dtaobh a neamh-éifeachta do bhriseadh.


12. Leanadh tré dhearmad de thuarastal d’íoc le múinteoir ar feadh tamall de bhlianta tar éis an dáta ar ar cheart é stop fé sna rialacháin a bhí i bhfeidhm san am agus dá dheascaibh sin do híocadh suim mhaith airgid thar an gceart. Is cúis imnímh leis an gCoiste é seo agus is mian leo a rá go bhfuil comhacht ag an gCoiste, in aon chás ina dtárlódh caillteanas do chistí puiblí tré earráid oifigeach, a mholadh go mbainfí de sna hoifigigh sin an méid do caillfí.


Tionnseal agus Tráchtáil.

13. Bhreithnigh an Coiste ceisteanna do chuir an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste i dtaobh airgid do caitheadh ar alcól ceárdais do tháirgeadh. O thárla gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in úil, ámh, go mbfhéidir na nithe sin do bheith á bplé i gcúis dlí bhí ar feitheamh san am idir an Roinn agus an té bhí le déanaí ina Stiúrthóir Bainistí ar an ngnóthas, chinn an Coiste gan an scéal do bhreithniú a thuilleadh go fóill agus a iarraidh ar an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste é thabhairt os a gcóir arís ina Thuarasgabháil ar Chuntaisí na bliana 1938-39.


An tArm.

14. Rud an-aimhréidh do réir dheallraimh iseadh rialáil na liúntaisí breise is iníoctha le saighdiúirí bhíonn ar fostú mar cheárdaithe san Arm. Ní raibh gach éinne sásta glacadh le rialachán a cuireadh amach i 1931 agus fágadh forálacha áirithe dhe gan cur i bhfeidhm go dtí go mbeadh scéim nua ullamh. Idir an dá linn bhí aicmí áirithe de sna saighdiúirí seo ag fáil luach saothair i gcomhnaí do réir na scálaí bhí i ngníomh go dtí 1931. Is cosúil go raibh an Roinn ag gabháil don scéim nua luach saothair ar feadh na mblian idir an dá linn ach nuair a bhí sí críochnuithe bhí na lochta céanna inti bhí sa chéad cheann agus tuigtear don Choiste ná fuil beartuithe an scéim do chur i bhfeidhm ach go leathrannach. Fé mar atá an scéal so anois chítear don Choiste go bhfuil rátaí éagsúla páigh bhreise ag gabháil leis an aon tsaghas agus leis an aon ghrád amháin oibre. Is mór é a míshásamh leis na cúrsaí seo óir mara gcuirtear scéimeanna den tsórt sin i bhfeidhm ach go leathrannach tiocfaidh le himeacht aimsire éagcothramacht agus tré chéile dá dheascaibh. Tuigeann an Coiste a dheacracht na fadhbanna do réiteach, ach tá súil acu go n-eireoidh leis na Ranna le n-a mbaineann an scéal scéim fhoirleathan do cheapadh agus, nuair a bheidh glactha léi, ba mhaith leo go n-inneosfaí san dóibh.


15. Tá roinnt puintí táchtacha ag baint le leictreachas d’úsáid. Níl aon chóir sna príomh-stáisiúin chun a áirithiú go gcólíonfaí na rialacháin a bhaineann le leictreachas agus fearaistí leictreachais d’úsáid agus ná húsáidfí cuarda soillsiúcháin nuair ba cheart cuarda comhachta d’úsáid. Cuireadh in úil don Choiste cásanna ina ndeachaidh méadú mór ar chaitheamh leictreachais le blianta beaga anuas agus inar híocadh do réir rátaí soillsiúcháin as leictreachas comhachta agus ina rabhthas gan smacht ceart d’oibriú go generálta maidir le leictreachas d’úsáid. Is deimhin leis an gCoiste de bharr ar cuireadh in úil dóibh gur féidir cuid mhaith den airgead a caithtear sa tslí seo do spáráil. Tuigtear don Choiste go bhfuil an Roinn ag scrúdú an scéil agus nuair a bheidh socrú déanta chun a áirithiú go srianófar an caiteachas so go héifeachtúil ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí san in úil dóibh.


Cta. 567-572.


Phléidh an Coiste seo freisin an modh ina ngearrtar na héilithe ar leictreachas a húsáidtear sna stáisiúin mhíleata agus bheirid fé ndeara go bhfuil margántaíocht ar siúl i dtaobh an chúrsa so d’fhonn téarmaí níos fearr d’fháil don Stát. Ba mhaith leis an gCoiste go n-inneosfaí dhóibh i dtráth conus d’eirigh leis an margántaíocht so.


16. Meabhruíodh don Choiste an caillteanas mór a ghaibh gach bliain le tigh nigheacháin oifigiúil leis an Arm d’oibriú agus arbh é polasaí an Airm é choimeád ar siúl. Do hinnseadh don Choiste go bhfuil an tigh nigheacháin dúnta anois agus tuigid go sábhálfaidh sin cuid mhaith airgid.


17. Maidir leis an muirear bliantúil a thagann as hallaí d’fhostú chun úsáide Fórsa na nOglach cuireadh in úil gur beag má rinne na hOglaigh aon úsáid dá lán acu agus go seachnófaí costas nár ghá dá dtugtaí amach orduithe cinnte i dtaobh na gcoinníollacha ar ar cheart sealbh a choimeád ar áitreabhacha agus i dtaobh na gcás inar cheart iad do thabhairt suas. Tuigtear don Choiste go bhfuil Fórsa na nOglach á ath-chóghléasadh as an nua agus gur fearr go mór an smacht a bheidh ar an bhFórsa feasta. Os mar sin atá agus o thug an tOifigeach Cuntasaíochta deimhniú uaidh ná bainfear o thairbhe na hallaí nua atáthar a thógáil no ar tí a thógáil níl rún ag an gCoiste éinní a rá anois ach tá súil acu, nuair a bheidh an t-ath-chóghléasadh críochnuithe, ná beidh aon chúis ghearáin ann i dtaobh gan na háitreabhacha do bheith á n-úsáid.


18. Bhreithnigh an Coiste cás saighdiúra chléireachais do rinne sreath de bhearta calaoiseacha in imeacht breis agus dhá bhliain. Is léir gur leigeadh a rian féin go mór leis an gcléireach so o thárla gur bhféidir leis, gan éinne á bhrath ar feadh na haimsire sin, an bealach do réiteach dó féin chun a chur ina chumas claon-chasadh a dhéanamh sna 46 chás do tugadh chun soluis. Cúis imnímh don Choiste ciontaí den tsórt so do bheith á ndéanamh go minic san Arm mar taisbeánann sé go bhfuil laige mhór i slí rialuithe obair na bhfoireann íochtarach. B’éigean dóibh tagairt don ní seo i dTuarasgabháil na bliana so caithe agus ba mhaith leo a fhios a bheith acu an ndearnadh aon iarracht chun an scéil do leigheas.


19. Do hinnseadh don Choiste lochtaí áirithe atá sa mhodh ina dtugtar cuntas ar stóranna, go sonnrách maidir le móin, agus tuigeann an Coiste gur deacra-de an chuntasaíocht do dhéanamh toisc gan an mhóin go léir do bheith mar a chéile agus toisc a luaithe théigheann meath ar mhóin agus í i stór. De bhrí nach foláir leor-chosaint in aghaidh mion-ghaduíochta agus diomailte tá súil ag an gCoiste go gceapfar slí gan mhoill chun lochta an mhodha chuntasaíochta do leigheas agus chun deireadh do chur leis an gcaillteanas a bhíonn sa tseirbhís seo.


Puist agus Telegrafa.

20. Cuireadh in úil don Choiste cás ina ndearnadh có-aontú i dtaobh cíosa ar ghléas telefóna d’atharú gan údarás ón Roinn Airgeadais. Thug an t-atharú san gur heiríodh as éileamh ar tuairim is £283 a bheadh iníoctha leis an Roinn Puist agus Telegrafa, fén gcóaontú bunaidh. Ní dheallruíonn sé ná féadfaí an méid le n-ar scaoileach sa chás so do bhaint amach agus measann an Coiste, cé ná cáinid an bheart do rinne an Roinn Puist agus Telegrafa, go raibh sé ceart sa chás áirithe seo ceadú d’iarraidh roimh ré ar an Roinn Airgeadais.


Coimisiún na Talmhan.

21. Rinneadh tagairt do £131 11s. Od. do caitheadh ar fhásóga sceiche do ceannuíodh ar £271 17s. 6d. d’athphlandáil, do chothú agus d’ath-stothadh agus gur hiarradh ceadú iar-ré ar an Roinn Airgeadais ina thaobh. Do réir dheallraimh dob’ éigean an bhreis airgid d’íoc toisc go ndearna Coimisiún na Talmhan moill san ordú ba ghá do thabhairt don Chonnarthóir. Cé nach deimhin leis an gCoiste ná raibh dul ón moill agus ón gcaillteanas a tháinig dá deascaibh tuigid go bhféadfadh moill do theacht uaireannta as cúrsaí ná beadh neart ag an Roinn ortha agus tá súil acu go ndéanfar gach dícheall chun gan airgead do chaitheamh go fánach mar seo feasta.


22. Do híocadh £80 mar roimh-íoc agus £37 mar Dheontas-in-Aisce i leith tighe bhí tógtha ar thalamh bhith-dhílse i seilbh an iarratasóra agus do híocadh an t-airgead san le Banc chun iasacht an iarratasóra do laigheadú. Táthar tar éis a iarraidh ar an Roinn Airgeadais an Deontas-in-aisce do cheadú iar-ré. Rinne an Coiste breithniú cúramach ar an míniú do thug an tOifigeach Cuntasaíochta i dtaobh an cháis inar tugadh an Deontas agus is dóich leo gurbh fhéidir a lán do rá i gcoinnibh méid an Deontais-in-Aisce do tugadh do chur i leith an fho-mhírchinn den Vóta bhaineann le Feabhsúchán. Ba mhaith leo dá bhrí sin tuairimí an Aire Airgeadais d’fháil i dtaobh an scéil seo go mór mór chó fada is bhaineann sé leis an tigh do bheith críochnuithe le trí bliana sarar tugadh an deontas agus leis an deontas d’íoc le banc chun sárú cuntais an iarratasóra do laigheadú.


Seirbhísí na Gaeltachta.

23. Rinne an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste tagairt ina thuarasgabháil do £1,672 2s. 7d. do cailleadh ar chnaipí do dhíol agus bhreithnigh an Coiste a ndubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta :dtaobh an scéil seo agus is cúis mhór imnímh dhóibh go bhféadfaí oiread san do chailliúint ina leithéid de chás. Isé tuairim an Choiste gurbh fhéidir cuid mhaith den chaillteanas do sheachaint dá mbeadh na hoifigigh a bhí freagarthach ann níos airighe agus níos fad-bhreathnuithighe agus dá ndeinidís níos mó urlámhais agus discréide d’fheidhmiú le linn bheith ag meas agus ag ceannach riachtanaisí agus ag cur stóranna fuighligh de láimh. Mar gheall ar ar nochtadh dóibh sa chúrsa so ba mhaith leis an gCoiste deimhniú d’fháil ón Aire Airgeadais go bhfuil córus níos sásúla anois ann chun stóranna do cheannach agus do rialú.


24. Bhreithnigh an Coiste na cúrsaí bhain le roimh-íocanna míosúla de £25 d’íoc le Gníomhaire thar lear in íoc coimisiúin a bhí sé le tuilleamh as earraí de chuid Gaeltarra Eireann do dhíol agus o thárla go raibh an t-iarmhéid do bhí dlite ar an nGníomhaire méaduithe go dtí £433 an 31adh Márta, 1939, tá súil ag an gCoiste go n-athscrúdófar go luath an socrú fé n-a n-íoctar an t-airgead so.


Talmhaíocht.

25. Cuireadh in úil don Choiste, maidir le luach £24,560 9s. 8d. d’im do ceannuíodh i gcéadóir chun a easportálta as airgead do soláthruíodh sa bhfo-mhírcheann oiriúnach den Vóta, gur díoladh é sa mbaile agus gur haistríodh an costas chun cuntas fiúnraíochta do creidiúnuíodh leis an méid do fuarthas as an im do dhíol. Rinneadh soláthar éarlaise, i gcóir ceannach agus athdhíol ime ar an margadh cois baile, fé mhírcheann M. 7 de Mheastachán na Roinne Talmhaidheachta agus deallruíonn sé gur i leith an fho-mhírchinn seo ba cheart an caiteachas do chur. Is cás leis an gCoiste a shonnrú nár taisbeánadh an caiteachas so sa chuntas oiriúnach.


Deolchairí agus Conganta Airgid um Easportáil.

Fo-scríbhinn XIII.


26. Rinneadh rátaí na gconganta airgid um easportála áirithe torthaí déiríochta seachas im uachtarlainne d’árdú de mhéideanna an deolchaire bhíodh iníoctha as an gCiste Tora Talmhaíochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach) gan san d’innsint don Roinn Airgeadais. Tá fhios ag an gCoiste go bhfuil comhacht ag an Aire Talmhaidheachta na rátaí deolchaire is iníoctha as an gCiste sin do leasú no do chur ar fiunraoi as a chomhairle féin ach síleann siad gur soiléir sa chás so laige éigin do bheith sa smacht ar chúrsaí airgeadais agus is dóich leo gur chóir aon choigeartú déanfar feasta ar rátaí deolchaire, agus a dhéanfadh deifir mhór do chaiteachas Vótálta, do chur in úil don Roinn Airgeadais.


(Sighnithe),


SEAMUS DIOLUN,


Cathaoirleach.


29adh Feabhra, 1940.