Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1938 - 1939::02 March, 1939::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 2adh Márta, 1939.

Thursday, 2nd March, 1939.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Earnán Mac Binéid, Séamus Díolún, Domhnall O hOgáin, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Peadar S. O Lochlainn, Domhnall O Ruaire agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Peadar S. O Lochlainn):—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Séamus Díolún i gCeannas dá réir sin.


4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1937-38. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig an Aire Dlighidh agus Cirt, Gárda Síochána, Príosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúiri, An Chúirt Chuarda, Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, Oifig an Ard-Chlárathóra, Arachas Sláinte Náisiúnta, Pínsín do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, Páipéarachas agus Clódóireacht.


5. Ceistníodh Stiophán de Roiste (Rúnaí, an Roinn Dlighidh agus Cirt), S. B. O Faoilleacháin (Stiúrthóir, Oifig an tSoláthar), Séamus Hurson (Rúnaí, an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Phoiblidhe), A. D. Codling, Tomás Dagg, C. S. Almond, Donnchadh O Seanachair (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.15 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.