Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1938 - 1939::23 March, 1939::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

22 Feabhra, 1939:—Orduithe, Go ndeintear an Coiste um Chuntaisí Puiblí, atá le ceapadh do bhun Buan-Ordú 109 i dtosach na bliana airgeadais 1939-1940, do cheapadh anois d’ainneoin an Bhuan-Orduithe sin; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1938, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


23 Feabhra, 1939:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Earnán Mac Binéid, Brooke Brasier, Erskine Childers, Seán Mac Cumhaill, Séamus Diolún, Domhnall O hOgáin, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Peadar S. O Lochlainn, Domhnall O Ruairc agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


9 Márta, 1939:—Do cuireadh Erskine Childers, Teachta, den Choiste agus do ceapadh Brian O Brádaigh, Teachta, ina ionad.