Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1939 - 1940::07 August, 1940::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

1 Márta, 1940:—Orduithe, Go ndeintear an Coiste um Chuntaisí Puiblí, atá le ceapadh de bhun Buan-Ordú 109 i dtosach na bliana airgeadais 1940-1941, do cheapadh anois d’ainneoin an Bhuan-Orduithe sin; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1939; do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


1 Márta, 1940:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste dar baill Brian O Brádaigh, Brooke Brasier, Seán Mac Cumhaill, Séamus Diolún, Domhnall O hOgáin, Séamus O hAodha, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Peadar S. O Lochlainn, Domhnall O Ruairc agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.