Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1936 - 1937::10 November, 1938::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 10adh Mí na Samhna, 1938.

Thursday, 10th November, 1938.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Erskine Childers, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Séamus Díolún, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Peadar S. O Lochlainn, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Pádraig Mac Gabhann):—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontuithe.


Do chuaidh Séamus Díolún i gCeannas dá réir sin.


4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1936-37. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na Annálacha Puiblí, Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, Pinsin Sean-Aoise, Deolchairí Cúitimh, Gealtlann Dúndroma, Oifig an Aire Puist agus Telegrafa, Fóirleathadh Nea-Shrangach agus an Gailerí Náisiúnta.


5. Ceistníodh Séamus O Muirgheasa (Oifig na nAnnálacha Puiblí), Liam O Briain (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncuim)„ Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Pádraig O hEigceartuigh (Rúnaí, an Roinn Puist agus Telegrafa), Dr. G. J. Furlong (An Gailerí Náisiúnta), Tomás Dagg, C. S. Almond, Donnchadh O Seanachair, Seósamh O Loinn, Eoghan Réamonn (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.