Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1936 - 1937::17 November, 1938::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 17adh Mí na Samhna, 1938.

Thursday, 17th November, 1938.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I. láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Brooke Brasier, Erskine Childers, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Donnchadh O Briain, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1936-37. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Teaghlachas an tSeanascail, Oireachtas, Roinn Uachtarán na hArd Chomhairle, Oifig an Aire Airgeadais, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta, Aois—Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rátaí ar Mhaoin an Riaghaltais, An tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiún na nDleacht, Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán agus fé Acht na nGiúirithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Breise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Coláistí, Forbairt Chadhnra Leictreachais, Oifig an tSaor-Chíosa, Bainistí Stoc Rialtais, Scéimeanna Fóirthne, Deolchairí agus Conganta Airgid um Easportáil, Iasachtaí Coigríche Dháil Eireann d’Aisíoc, Scéimeanna Fostaíochta Cúiteamh leis an National Greyhound Racing Company, Limited, Cúiteamh leis an Dublin Greyhound and Sports Association, Limited, Aisíocanna leis an gCiste Teagmhais, Aer-Iompar.


4. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnai, an Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cunntas agus Ciste.


5. Cuireadh an Coiste ar an ath-ló ar 1.20 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.