|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Dé Céadaoin, 25adh Bealtaine, 1938.Wednesday, 25th May, 1938.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Pádraig O Beacháin, Brooke Brasier, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Domhnall Mac Meanman, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí. 3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1936-37. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, Oifig an Ard-Chlárathóra, Arachas Sláinte Náisiúnta, Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhíleachtaithe, Oifig an Aire Dlighidh agus Cirt, Gárda Síochána, Príosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí agus an Chúirt Chuarda. 4. Ceistníodh Séamus Hurson (Rúnaí, an Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe), Séamus O Dubhthaigh (Arachas Sláinte Náisiúnta), Stiophán de Roiste (Rúnaí, an Roinn Dlighidh agus Cirt), Séamus Mac Lachlainn (Cuntasóir, an Roinn Dlighidh agus Cirt), Tomás Dagg, C. S. Almond, Donnchadh O Seanachair (An Roinn Airgeadais) agus Seán O Meachair. 5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.15 p.m. |
||||||||||||