Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::19 June, 1936::Report

TUARASGABHAIL INTERIM.

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus d’aontuíodar leis an Tuarasgabháil interim seo leanas.


Tuairiscíonn an Coiste gur caitheadh, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1935, níos mó ná an méid do vótáil an tOireachtas fén vóta luaidhtear anso ina dhiaidh seo :—


RAITEAS I dTAOBH NA BREISE.

Ráiteas i dtaobh na suime is gá do vótáil chun breis ar an Deontas i gcóir Dlí-Mhuirearacha don bhliain dar chríoch an 31adh Márta, 1935, do shlánú.


An Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis atá ag an gCaiteachas ar an Meastachán Iomlán

Ar fáil as Barrachas na Leithreas-i-gCabhair

An Glan-mhéid atá le Vótáil

 

 

 

£

s.

d.

£

s.

d.

£

76

26

Dlí-Mhuirearacha.

546

17

5

536

17

5

10

Is gá ceadú an Oireachtais i gcóir na suime seo. Isé is cúis leis an mbreis ná suimeanna do mhí-leithreasuigh oifigeach do mhuirearú ar fho-mhírcheann caillteanas. Bhítheas faillíoch i dtaobh na rialachán roinne do chólíonadh a bhaineann le hairgead oifigiúil do ghlacadh agus do rialú, agus dob usaide sin an mí-leithreasú do dhéanamh.


Ní feictear don Choiste go bhfuil éinní i gcoinnibh na suime seo do sholáthar tré vóta breise.


(Sighnithe) DOMHNALL MAC MEANMAN.


Cathaoirleach Gníomhuitheach.


17 Meitheamh, 1936.