Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::19 June, 1936::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

21 Abrán, 1936:—Orduithe, Go ndintar, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste dá ngairmfar “An Coiste um Chuntaisí Puiblí” do cheapa; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe, Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe, Go ndintar na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Scrúdóra i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1935, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


23 Abrán, 1936:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Pádraig O Beacháin, Séamus Coburn, Tadhg O Cruadhlaoich, Sir Osmann Mac Easmuinn, Seán Ua Guilidhe. Tomás Hairis, Alastar Haslett, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.