Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::28 March, 1939::Report

TUARASGABHAIL INTERIM.

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid agus d’aontuíodar leis an Tuarasgabháil interim seo leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste go ndeachthas, i rith na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1938, fé chaiteachas de bhreis ar an méid do vótáil an tOireachtas, fén vóta luaidhtear anso ina dhiaidh seo:—


RAITEAS I dTAOBH NA BREISE.

Ráiteas i dtaobh na suime is gá do vótáil chun breis ar an Deontas i gcóir Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle do shlánú.


An Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis atá ag an gCaiteachas ar an Meastachán

An Méid atá le Vótáil

 

 

 

£

s.

d.

£

s.

d.

4

3

Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle.

221

14

7

221

14

7

Is gá ceadú an Oireachtais i gcóir na suime seo. Isé is cúis leis an mbreis ná caiteachas breise ná raibh coinne leis agus do thárla de dhruim ceisteanna bheith á bplé idir ionadaithe o Riaghaltas Shasana agus o Riaghaltas na hEireann i Lundain tamall roimh dheireadh na bliana airgeadais 1937-38.


Ní feictear don Choiste go bhfuil éinní i gcoinnibh na suime seo do sholáthar tré vóta breise.


(Sighnithe), SEAMUS DIOLÚN,


Cathaoirleach.


23adh Márta, 1939.