|
TUARASGABHAILGárda Síochána.1. Deineann an tArd-Scrúdóir tagairt fén Vóta so do dheacrachtaí áirithe do bhain le mion-rudaí do sheiceáil i gcás naoi gcarra déag do haistríodh ón Arm go dtí an Gárda Síochána. Is do charraí ná raibh fé urláimh na Roinne ach ar feadh na gceithre lá deiridh den Bhliain Airgeadais le n-a bhfuil an Coiste ag deighleáil do thagair nóta an Ard-Scrúdóra. Do dheallruigh sé ón bhfinnéacht gur ceapadh na carraí seo i gcóir diúitéthe speisialta maidir le hAirí agus le n-a muiríneacha. Más mar sin atá ba cheart an soláthar—i gcóir na gcarraí agus i gcóir costas a dtiomána—do dhéanamh tré údarás speisialta ón Dáil. Talmhaíocht.2. Tugtar síntiús don Irish Agricultural Organisation Society sa Vóta so tré dheontas-i-gcabhair. Sí deifríocht is mó bhíonn idir fho-mhírcheann gurb é bhíonn ann ná deontas-i-gcabhair agus fomhírchinn eile no vótanna ná ná deintear sa chéad chás na farasbáirr gan caitheamh do thabhairt suas don Stát-Chiste. De dhruim na deifríochta san agus cúrsaí speisialta eile bhaineann leis an scéal tá sé mar phrionsabal anois ná féadfaidh baint do bheith ag virement maidir le cás idir fho-mhírcheann, gurb é tá ann ná deontas-i-gcabhair, agus an chuid eile den Vóta, sé sin le rá, ná fuil an Roinn Airgid i dteideal a cheadú aon easnamh i ndeontas-i-gcabhair den tsórt san d’íoc as airgead a bheidh spártha ar na fo-mhírchinn eile den Vóta. Ní féidir ach deontas eile d’iarraidh ar an Dáil ar na coinníollacha céanna chun an easnaimh sin do shlánú. Sa chás so atá i gceist do rinneadh suimeanna darb iomlán £186 níos mó ná mar a soláthruíodh leis an deontas-i-geabhair seo d’íoc amach as airgead do bhí spártha ar an gcuid eile den Vóta. Aontuíonn an Roinn Airgid go raibh an nós imeachta do leanadh mí-cheart. Molann an Coiste meastachán breise do thabhairt isteach in aghaidh an mhéid atá i gceist. Bun-Oideachas.Cta. 338-343; Meamram an Aire—Fosscríbhinn II. 3. I mír 8 dá dTuarasgabháil dar dáta 13adh Mí na Nodlag, 1934, do rinne an Coiste tagairt do chás mhúinteora áirithe do ciontuíodh ag an mBínse Míleata do bunuíodh fé Airtiogal 2a den Bhunreacht. Do tugadh a phost thar n-ais don mhúinteoir atá i gceist agus do híocadh é as cistí puiblí cé nár cuireadh an ciontú ar neamh-ní ná nár deonadh saor-mhaithiúnas. Do chuir an Coiste in úil gurbh é a dtuairim, toisc an dí-cháiliú do leanúint de bhuadh an Airtiogail sin den Bhunreacht go dtí go gcuirfí an ciontú ar neamh-ní no go ndeonfaí saor-mhaithiúnas, go raibh gach íocaíocht a híocadh leis an múinteoir seo nea-dhleathach agus d’iarradar ar an Roinn Airgid a dtuairim do thabhairt ar an scéal. Sé freagra do fuarthas ón Aire ná gur dheon an Ard-Chomhairle saormhaithiúnas le hOrdú dar dáta 11adh Mí na Nodlag, 1934, agus go ndearnadh an cheist dlí a tarraigeadh anuas do chur fé bhráid na n-oifigeach dlí agus gur chomhairlíodar san go raibh na híocaíochtaí do híocadh o dháta a phuist do thabhairt thar n-ais don mhúinteoir go dtí dáta an Orduithe dá dtagartar neadhleathach. Deirtear freisin go bhfuil reachtúchán chun na n-íocaíocht so do dhéanamh dleathach á bheartú. Oibreacha agus Foirgintí Puiblí.4. Do scrúduigh an Coiste cás ina ndeachthas ar aghaidh le scéim chun coláiste nua oiliúna do thógáil sa Ghaillimh agus inar tréigeadh an scéim ansan chun coláiste ullmhúcháin do thógáil ar an ionad céanna. Ba ghá, de dhruim an atharuithe seo, pleananna nua agus billí nua caindíochtaí d’ullamhú, agus fuarthas ná raibh aon ghá le habhair áirithe do ceannuíodh maidir leis an geoláiste oiliúna do bhí beartuithe. Meastar gur híocadh £3,100 gan tairbhe alos na nithe seo. Baineann obair eile luaidhtear sa chuntas so le deisiúchán foirginte bhí beartuithe mar choláiste ullmhúcháin i gContae na Gaillimhe. Do chuathas fé chostas £1,200 chun na foirginte d’oiriúnú agus do ghléasadh ag súil go bhféadfaí an únaeracht do cheannach. Níorbh fhéidir, ámh, an teideal do chruthú agus dob éigin an t-áitreabh do thabhairt suas. Do caitheadh timpeal £1,500 gan gá sa chás so. B’iad an Roinn Oideachais do rinne an t-atharú sa chéad chás a luaidhtear. B’í Oifig na nOibreacha Puiblí bhí i mbun an dara cháis. Tuigeann an Coiste go mb’fhéidir go n-eireodh cúrsaí o am go ham gan aon choinne leo agus gur ghá dá ndruim pleananna agus scéimeanna d’atharú, ach tá súil acu go ndéanfar gach is féidir chun caithteachas gan tairbhe den tsaghas so do sheachaint feasta. Ba cheart cuimhneamh ar a tháchtaí atá sé gan airgead puiblí do chaitheamh ar mhaoin do cheannach, sara geruthófar an teideal, ach amháin fé chó-aontú slánaíochta. An tArm.5. Do rinneadh, contrárdha do sna forálacha atá i mír 22 d’Ordú Uimh. 7, págh trí lá do thabhairt amach roimh ré do sna Fórsaí an 23adh Mí na Nodlag, 1933. Deallruíonn sé gur dhiúltuigh an Roinn Airgid a cheadú págh dhá sheachtain do thabhairt amach roimh ré, go ndearnadh an págh do thabhairt amach trí lá roimh ré gan an scéal do chur fé bhráid na Roinne sin a thuilleadh, gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in úil d’Aire a Roinne cad a bhí aige ina aghaidh sin, agus gur rialuíodh i gcoinnibh a agóidí. Braitheann an Coiste nách maith an rud in aon chor cur isteach do dhéanamh ar an nós imeachta bunuithe chun deighleáil le cúrsaí airgeadais. 6. Do cuireadh in úil don Choiste roimhe seo gur ghnáth capaill le daoine príobháideacha do chur thar lear chun bheith páirteach i gcomórtaisí cadarnáisiúnta, agus nuair a bhí an scéal fé dhíospóireacht dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gur mhian leis go gceapfaí slí shásúil riartha chuirfeadh deireadh leis an ngnás so. Tá tagairt déanta ag an Ard-Serúdóir ina thuarasgabháil ar Chuntaisí na bliana atá fé scrúdú do chásanna eile inar thóg oifigigh leo thar lear capaill dhaoine príobháideacha. Is oth leis an gCoiste na nea-rialtachtaí seo do thárlachtaint arís ach ós rud é go bhfuaradar deimhin ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuiltear tar éis rialachán d’ullamhú a chuirfidh cose leis na nea-rialtachtaí seo feasta ní mian leo éinní eile do rá ach go bhfuil súil acu go gcuirfear an rialachán so i bhfeidhm gan mhoill. 7. Ní ró-éasca do tháinig leis an gCoiste breithniú do dhéanamh ar chás oifigigh do phós gan cead d’fháil agus d’eirigh as an arm tamall ina dhiaidh sin agus le n-ar híocadh riaráiste de liúntaisí is oiriúnach d’oifigeach phósta, maraon le n-a aisce. Deallruíonn sé go gcoisceann na rialacháin atá i bhfeidhm fé láthair na liúntaisí seo d’íoc o dháta roimh dháta Orduithe an Aire á chinneadh gur oifigeach “pósta” an t-oifigeach, agus nách leor an míniú tugtar ar oifigeach “pósta” sna rialacháin. Is dóich leis an gCoiste gur mar sin atá agus isé a dtuairim ná tárlódh cuid de sna deacrachtaí ba léir a bheith sa chás so dá dtugtaí míniú níos oiriúnaighe ar oifigeach “pósta” chun críche na liúntas so. Sara ndéarfaid a thuilleadh ba mhaith leo tuairim an Aire Airgid do bheith acu ar na cúrsaí dá dtagartar. 8. Sa dara cuid de mhír 71 dá Thuarasgabháil tagrann an tArd-Scrúdóir do roinnt cheathrúna oifigeach pósta do bheith folamh ar feadh tréimhsí fada cé go raibh oifigigh dá bhféadfaí iad do thabhairt ag fáil liúntaisí i gcóir lóistín, teine-abhair agus soluis. Chuir sé in úil go ndeachthas fé chaithteachas throm chun na gceathrún san d’athnuachaint agus chun troscán do chur ionta agus go raibh cuid acu nár tógadh ach le roinnt bhlian anuas. Chítear don Choiste go bhfuil sé soiléir o sna rialacháin a bhaineann leis an scéal gur cheart a chur mar cheangal ar oifigigh phósta atá i dteideal ceathrún comhnaí ionta nuair a bhíd le fáil agus nár cheart liúntas i gcóir lóistín, teine-abhair agus soluis d’íoc ach nuair ná bíonn ceathrúna ar fáil. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gur leanadh de liúntas d’íoc le hoifigigh áirithe mar nár mhian a chur fhéachaint ortha comhnaí i gceathrúin phuiblí toise margaí do bheith déanta acu i dtaobh tionóntachta a dtithe príobháideacha. Isé tuairim láidir an Choiste nár cheart leigint do chearthrúna a chosain a lán ar an bpobal chun iad do thógáil, d’athnuachaint agus chun troscán do chur ionta fanúint díomhaoin agus an muirear ana-throm a cuirtear ar chistí puiblí ag íoc liúntas oifigeach in ionad ceathrún. Is maith leis an gCoiste go bhfuil sé socair go mbeidh ar oifigigh feasta comhnaí i gceathrúna nuair a bheid ar fáil. 9. Le linn catha den Chúltaca do bheith ar thréimhse de thréineáil bhliantúil do rinneadh go calaoiseach soláthairtí do tugadh amach i gcóir na bhfear d’úsáid i mbiadhlainn oifigeach. Tugann an Coiste fé ndeara go ndearnadh an t-oifigeach a bhí freagarthach do bhriseadh as an gCúltaca, agus go bhfuil an modh stiúrtha chó héifeachtach agus is féidir é dhéanamh dar leis an Oifigeach Cuntasaíochta. Do ceannuíodh na soláthairtí sa chás so le hairgead as cistí puiblí d’aon toisc i gcóir riachtanas na nOifigeach Nea-Choimisiúnta agus na bhfear do réir na scálaí atá leagtha amach i rialacháin. Do thárla cailliúint do chistí puiblí, dar leis an gCoiste, sa mhéid nár húsáideadh na soláthairtí chun na críche chun ar ceannuíodh iad, agus aontuíd le tuairim an Ard-Scrúdóra gur mhaith an rud é eolas i dtaobh gach cáis den tsaghas so do chur mar aguisín leis an gCuntas Leithreasa. 10. Táthar tar éis a chur in úil don Choiste arís gur ceannuíodh stuic d’earraí thar an méid ba ghá i gcóir riachtanas míleata agus gur ceannuíodh gléasra áirithe nár húsáideadh, fé mar a tuigtear, chun na críche áirithe chun ar ceannuíodh é. Glacann an Coiste le deimhin an Oifigigh Chuntasaíochta go ndearna an tArm úsáid thairbheach den ghléasra, agus nách féidir déanamh dá éamuis i gcúrsaí míleata. Maidir leis na stuic barrachais dá dtagrann an tArd-Scrúdóir do hinnseadh don Choiste go bhfuil slí ceaptha ag an Roinn chun iad do chur de láimh agus ní abróid a thuilleadh mar gheall ar an scéal go bhfuighid eolas i dtaobh toradh na hiarrachta san. Tagrann an tArd-Scrúdóir freisin d’abhair do ceannuíodh don Chór Chomharthaíochta, abhair a admhuíonn an tOifigeach Cuntasaíochta ná ceannófaí dá ndeintí leor-bhreithniú ar an scéal. Braitheann an Coiste go bhfuil ortha a chur ar breacadh gur díombádh leo airgead do bheith á chaitheamh as cistí puiblí i geásanna den tsórt a luaidhtear gan breithniú iomlán do dhéanamh agus gan áird chuibhe do thabhairt ar chúrsaí fearachais. 11. Bhí slán-choimeád éadaigh agus fearais a tugtar amach chun úsáide ball d’Fhórsaí Oglach fé dhíospóireacht ag an gCoiste. Cuireann an tArd-Scrúdóir in úil ná fuil aon tsocrú ann fé láthair chun seiceála tréimhsiúla do dhéanamh is féidir a laigheadódh cailliúintí sa chás so. Cé go dtuigeann an Coiste a dheacra atá sé rialú agus maoirsiú do dhéanamh ar stóranna atá scaipthe ar fuid na tíre tá súil acu go ndéanfar gach is féidir, tré sheiceáil thréimhsiúil no eile, chun an rialuithe do dhéanamh éifeachtach. Arm-Phinsin.12. Do thairg an tArd-Scrúdóir ceist anuas i dtaobh ce'ca éadfaí iarratasóirí ar phinsean fé Alt 13 (1) den Acht Arm-Phinsean, 1927, go rabhthas tar éis diúltadh dá n-iarrataisí ar phinsean cheana ar an scór gur lugha grád na díthe ná an minimum a horduítear san Acht, d’ath-scrúdú d’fhonn grád na díthe d’ath-mheas dáta ar bith ina dhiaidh sin, no ná féadfaý I gcás áirithe dar thagair an tArd-Scrúdóir do scrúduigh Bord na nArm-Phinsean an t-iarratasóir an 3adh Meitheamh, 1929. Ní fhéadfadh an Bord a mholadh go dtabharfaí pinsean don iarratasóir mar fuaireadar go raibh grád na díthe bhí air ar dháta scrúduithe níos lugha ná an minimum a mínítear san Acht. I mí Márta, 1933, do cuireadh an t-iarratas fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean arís ar athchomhare. D’ath-scrúduigh an Bord an t-iarratasóir agus do thuairiscíodar go rabhdar sásta, de dhruim na finnéachta breise do cuireadh os a gcóir, go raibh grád na díthe 80 per cent. an 3adh Meitheamh, 1929, an dáta ar ar scrúduigh a Bord a bhí ann rompa an t-iarratasóir. Do mholadar pinsean do thabhairt do ón dáta san. Do cuireadh an scéal fé bhráid an Phríomh-Atúrnae agus tugann an Coiste fé ndeara, cé go raibh a thuairim-sean fábhrach don Roinn, go ndubhairt sé gur cheist ana-dheacair an cheist do tarraigeadh anuas agus dá n-eiríodh cásanna eile den tsaghas chéanna gur mhaith leis iarraidh ar an gCúirt a dtuairim do thabh airt ar an gceist. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta ná dearnadh ath-scrúdú ach ar chás amháin den tsaghas áirithe seo Toisc an amhrais atá ann maidir leis na comhachta i dtaobh athmheasta bronntar leis na hAchtanna Arm-Phinsean braitheann an Coiste gur cheart, má faightear a thuilleadh iarratas den tsórt dá dtagartar ag lorg ath-scrúduithe, breithniú cúramach do dhéanamh ar an gceist i dtaobh rialú d’fháil ón gCúirt. Dlí-Mhuirearacha.13. Do cuireadh ceist riaracháin an Achta Sheirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 (Uimh. 37 de 1933), fé bhráid an Choiste. Fé fhorálacha an Achta bhí laigheadú le déanamh ar thuarastail agus ar íocaíochtaí eile do réir rátaí a horduítear ann. Bhí méid na n-asbaintí sin le coimeád sa Stát-Chiste, no, i gcásanna gur as airgead seachas airgead vótálta a híocadh na híocaíochtaí, sa chiste oiriúnach. Deallruíonn sé, maidir le ceithre vótanna, go ndearnadh an tsuim a spáráladh tré fheidhmiú an Achta do tharrac amach as an Stát-Chiste sa chéad dul síos, cé go raibh sí mar chuid den mhéid a tugadh suas tar éis deireadh na bliana, agus i ndá chás do rinneadh cuid den spáráil sin do tharrac amach. I vóta amháin, ámh, eadhon, Dlí-Mhuirearacha (Uimh. 26), b’é méid na suimeanna do hasbaineadh do réir an Achta ná £1,622 13s. 9d., agus b’é méid an bharrachais a bhí ag an meastachán iomlán ar an geaithteachas ná £722 3s. 10d. Dubhairt an tArd-Scrúdóir, o ba rud é gur cheart méid iomlán na hasbainte do thabhairt suas don Stát-Chiste, gur chóir Vóta Breise d’fháil. Is léir don Choiste gurbh é intinn na Dála, fé mar a luaidhtear san in Alt 7 (6) den Acht, gan airgead do spárálfaí tré fheidhmiú an Achta do chur ar fáil i gcóir caithteachais a caithfí, mara mbeadh na laigheaduithe do rinneadh fén Acht, a sholáthar tré Mheastachán Bhreise. Tugann an Coiste fé ndeara míniú an Oifigigh Chuntasaíochta i dtaobh Vóta 26, eadhon, gur dearmhad fé ndeár gan an t-airgead breise do bhí ag teastáil do sholáthar tré Mheastachán Bhreise. Ach, ina thaobh san is uile, do caitheadh airgead contrárdha do chinneadh na Dála agus níl de rogha ag an gCoiste ach a mholadh go bhfuighfí cead iar-ré ón Oireachtas anois. Maidir leis na cásanna san ina ndearnadh iomlán na suime do spáráladh no cuid di do tharrac amach as an Stát-Chiste, cé gur tugadh suas arís í, tuigeann an Coiste sárú teicniúil do bheith déanta ar an Acht, ach go ndearnadh intinn an Achta, tré n-a rabhthas chun tairbhe do dhéanamh don Stát-Chiste, do chólíonadh tríd an mbarrachas ar gach ceann de sna Vótanna atá i gceist do thabhairt suas ina dhiaidh sin. (Sighnithe), DEASMHUMHAIN MAC GEARAILT, Cathaoirleach. 12adh Márta, 1936. |
||||||||||||