Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::16 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 16adh Bealtaine, 1935.

Thursday, 16th May, 1935.

1. Do chruinnigh an Có-Choiste ar 10.30 a.m.


2. I láthair: Séamus Diolún, Teachta, Cathaoirleach; Risteárd Mac Fheorais, Seán Good, agus Séamus O Mórdha, Teachtaí; Séamus Dubhdal, Mícheál de Stáineas agus Risteárd Mac Liam, Seanadóirí.


3. Do hath-ghlaodhadh ar Sir Coireall Mac Giolla Phádraig agus ceist íodh é. Tiomnadh agus ceistníodh Sir Seán Purser O Gríobhtha, M.I.C.E; L. Binns, Innealtóir, Cuan na Gaillimhe; M. O Cinnéide, Gallimh, Suirbhéir Contae; Séamus Mac Cathmhaoil, Rúnaí, Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe; Seán Brún, Baile-Chléireach Gníomhach, Gaillimh; C. O Floinn, Rúnaí, an Chomhairle Chontae; Eamonn Ua Corbáin, Cathaoirleach, Comhairle Chontae na Gaillimhe; Máirtín Cuag, Cathaoirleach, Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe; P. O Gormáin, Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe; An Captaen O Tighearnaigh, Cuanmháistir, Gaillimh; agus Seán Mhac Confhaola.


Do folmhuíodh an Seomra. Chuaidh an Coiste ar suidheachan.


4. Do cuireadh an Cheist: “Go bhfuil an Roimh-rá cruthuithe sa mhéid gur deimhin leis an gCó-Choiste gur leor na nithe moltar chun Cuan na Gaillimhe d’fheabhsú agus d’fhorbairt agus ná fuil dabht ann i dtaobh é bheith ar chumas na Corporáide dá dtagartar sa Roimh-rá le cabhair o n-a n-urruitheoirí an t-airgead is gá do chruinniú”—agus do haontuíodh léi.


7. Do glaodhadh isteach na Páirtithe agus cuireadh breith an Chó-Choiste in úil dóibh.


8. Do cuireadh breithniú na n-alt ar ath-ló go dtí Dé Céadaoin, 22adh Bealtaine, 1935, ar 2.30 p.m.


9. Do chuaidh an Có-Choiste ar ath-ló ar 6.40 p.m. go dtí Dé Ceadaoin, 22adh Bealtaine, ar 2.30 p.m.