Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::12 March, 1936::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

5 Abrán, 1935:—Orduithe: Go ndeintar, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste dá ngairmfar “An Coiste um Chuntaisí Puiblí” do cheapa; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh baill an Choiste;


Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán.]


Orduithe: Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Scrúdóra i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1934, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán.]


8 Bealtaine, 1935:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Tadhg O Cruadhlaoich, Séamus Diolún, Sir Osman Mac Easmuinn, Deasmhumhain Mac Gearailt, Alasdar Haslett, Mícheál Mac Aoidh, Eamonn O Ciosáin, Domhnall Mac Meanman, Pádraig O Murchadha, Donnchadh O Briain, Maitiú O Raghallaigh agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.