Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::23 May, 1935::Report

TUARASGABHAIL.

Do scrúduigh an Có-Choiste na modhanna deifriúla ina ndearnadh Seomra Bídh an Oireachtais do bhainistí, an toradh, o thaobh an airgid de, do bhí ar gach modh acu, agus saghas na seirbhíse do tugadh do bhaill an dá Thigh. Moltar go bhfanfadh árd-stiúradh an ghnótha mar atá fé láthair, sé sin le rá, i lámhaibh an Chinn Chomhairle agus an Chathaoirligh le comhairle agus congnamh o Chó-Choiste den Dáil agus den tSeanad. Moltar fós an Có-Choiste Comhairlitheach san an tSeomra Bhídh do thabhairt le chéile ceithre huaire sa bhliain chun an scéil d’athbhreithniú do réir mar a bheidh cúrsaí ag imeacht agus chun aon ghnótha is mian leo do chur os cóir an Choiste.


Do scrúduíodh an cheist seo go mion, sé sin, lónadóirí ón taobh amuich d’fhostú mar Ghníomhairí do Chathaoirligh an dá Thigh chun na seirbhísí sa tSeomra Bhídh do stiúradh. Sa scéal so freisin moltar go leanfaí den mhodh atá i bhfeidhm fé láthair. Bhí agallmha agus có-fhreagarthas, idir an Có-Choiste agus Stiúrthóirí an Tighe Ghnótha atá ag gníomhú mar Lónadóirí fé láthair agus do pléidheadh eatorra a lán nithe bhaineann le stiúrú Seomra Bhídh an Oireachtais. Má cuirtear i bhfeidhm na nithe a moltar, tar éis do Chathaoirligh an dá Thigh agus do sna Lónadóirí dul i gcomhairle le n-a chéile, is dócha ná beidh aon chaillteanas mór ann feasta. Ina theanta san tá Dréacht de Chó-Aontú leagtha amach ag an gCó-Choiste, Có-Aontú chuireann teora le freagarthacht agus éilithe an dá thaobh. Tá na Lónadóirí sásta leis an Dréacht so agus tá géilleadh ann i dtaobh cúrsaí áirithe airgeadais thar mar a bhí sa tseana-Chó-Aontú. Bheadh deireadh leis an gCó-Aontú nua an 31adh Márta, 1936. Féadfar ath-bhreithniú do dhéanamh ar an scéal ansan más gá é.


(Sighnithe),


SÉAMUS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


23 Bealtaine, 1935.