Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::23 May, 1935::Orders of Reference

DÁIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

7adh Márta. 1935.—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta [Cormac Breathnach].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


21adh Márta, 1935.—Teachtaireacht ón Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta.


Orduithe: Go mbunuítear Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


Orduithe: Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí chun fónaimh ar an gCó-Choiste [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán].


28adh Márta, 1935.—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Peadar O Dubhghaill, Mícheál O Cinnéide, Tadhg O Murchadha, Séamus Mac Mílis agus Maighréad Nic Phiarais, Teachtaí.


7adh Bealtaine, 1935.—Do cuireadh Peadar O Dubhghaill as an gCo-Choiste agus do ceapadh Risteárd Ua Maolchatha ina ionad.


SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

20adh Márta, 1935.—Teachtaireacht ón nDáil—


Tá Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith, agus is mian leo aontú Sheanaid Eireann leis:—Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta.


Beartuithe:—Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta (Mícheál Fainín).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


27adh Márta, 1935.—Teachtaireacht ón nDáil.


Tá Dáil Eireann tar éis an tOrdú so leanas do dhéanamh:—


Go mbunuítear Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta.


Orduithe, Go mbunuítear Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, chun tuairisc do thabhairt i dtaobh bainistí Seomra Bhídh an Oireachtais feasta (Mícheál Fainín).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


3adh Abrán, 1935.—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún, Caitlín Bean Uí Chléirigh, Mícheál Fainín agus Séamus Mac Gearailt, Seanadóirí.


CLAR.


1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

...

iv

3.

Imeachta an Chó-Choiste

...

vi