Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::11 April, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 11 Abrán, 1935.

Thursday, 11 April, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. Do bhí i láthair: Mícheál O Cinnéide, Tadhg O Murchadha agus Máiréad Nic Phiarais, Teachtaí; Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún, Mícheál Fainín agus Séamus Mac Gearailt, Seanadóirí. Bhí an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid i láthair freisin ex officio.


3. Cathaoirleacht. Thairg Cathaoirleach an tSeanaid:—


“That Senator Fitzgerald be Chairman of the Joint Committee.”


Aontuithe.


4. Quorum. Thairg Mícheál Fainín, Seanadóir:—


“That the quorum of the Joint Committee be five.”


Aontuithe.


5. Nós Imeachta. Rinne an Có-Choiste breithniú féachaint cadé an nós imeachta do leanfaí Ar thairisgint Cathaoirleach an tSeanaid do haontuíodh go dtabharfar eolas iomlán i dtaobh na gcúrsaí do bhaill an Chó-Choiste agus go mbreithneofar é ag cruinniú eile.


6. An tEolas do bhéarfar amach.


Do mhol baill áirithe den Chó-Choiste an t-eolas so leanas do thabhairt amach agus haontuíodh leis sin:—


(i) Ráiteas ullamhóidh Cléireach an Choiste ar bhainistí agus ar chúrsai gnótha Seomra Bhídh an Oireachtais o cuireadh ar bun é, gan aon tuairim do luadh ann i dtaobh feabhas aon mhodha stiúrtha seachas a chéile.


(ii) Tuarasgabhála gach Coiste go raibh baint acu leis an Seomra Bídh roimhe seo.


(iii) Figiúirí thaisbeánfaidh an staid airgeadais in aghaidh gach mí, an méid béilí do dáileadh, agus an méid cruinnithe do bhí ag an dá Thigh.


(iv) Cóipeanna de Mhiontuairiscí cruinnithe na gCoistí go raibh baint acu leis an Seomra Bídh roimhe seo (1923-1930).


(v) Cóipeanna de chuntaisí bliantúla iniúchta gach bliana o 1923.


(vi) Cóip den bhun-chonnradh do rinneadh le Messrs. J. E. Mills, Ltd.


(vii) Cuntas Cothromaíochta Cuntais an tSeomra Bhídh i ndeireadh na céad bhliana den chonnradh le Messrs. J. E. Mills, Ltd.


(viii) Ráiteas ar chúrsaí airgeadais go dtí an dáta is déanaí i 1935 ar a bhfuil tuairisc den tsórt san le fáil.


7. Ar thairisgint Chathaoirleach an tSeanaid do haontuíodh ná breithneofaí, ach amháin tar eís fógra do thabhairt, rúin go dtabharfaí breatha deiridh ar chúrsaí polasaí.


8. An Chéad Chruinniú eile. D’aontuigh an Có-Choiste a gcruinnithe do bheith acu ar an gCéadaoin de ghnath. Beidh an chéad chruinniú eile acu Dé Céadaoin, ladh Bealtaine, ar 11 a.m.


9. Do chuaidh an Có-Choiste ar ath-ló 11.40 a.m.