Committee Reports::Report and Proceedings - Galway Harbour Bill, 1933::22 May, 1935::Report

TUARASGABHAIL.

1. Tuairiscíonn an Có-Choiste gur leasuíodar na Forálacha Breise do cuireadh fé bhráid an Chó-Choiste le rún ón tSeanad dar dháta an 23adh Bealtaine, 1934, agus le n-ar haontuíodh le rún ón Dáil dar dháta an 24adh Bealtaine, 1934, agus gur ionchorpruíodar sa Bhille iad agus iad leasuithe amhlaidh agus gur leasuíodar Teideal an Bhille mar leanas:—


“ACHT CHUN COIMISINEIRI CHUAN NA GAILLIMHE D’ATH-BHUNU AR CHUMA NIOS IONADATHAIGHE, AGUS CHUN A NIONCHORPARU DO BHUANU AGUS CHUN COMHACHT (AR A NAIRMHITEAR COMHACHTA CHUN IASACHTAI D’FHAIL) DO BHRONNADH ORTHA CHUN PORT AGUS CUAN NA GAILLIMHE D’AIREACHASU AGUS DO BHUANCHOIMEAD, D’FHEABHSU AGUS D’FHORBAIRT, AGUS CHUN A SHOCRU GO nDEANFAR OIBREACHA AIRITHE, AGUS CHUN A SHOCRU GO nDEANFAIDH COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE AGUS COMHAIRLE BHAILECHEANNTAIR NA GAILLIMHE RANNIOCANNA SPEISIALTA D’IOC AGUS RATAI AIRITHE DO BHUALADH, AGUS CHUN CRICHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRAITE.”


2. Tuairiscíonn an Có-Choiste gur scrúduíodar an Roimh-rá don Bhille agus gur chinneadar an Roimh-rá do bheith cruthuithe sa mhéid gur deimhin leo gur leor na nithe moltar chun Cuan na Gaillimhe d’fheabhsú agus d’fhorbairt agus ná fuil dabht ann i dtaobh é bheith ar chumas na Corparáide dá dtagartar sa Roimh-rá le cabhair o n-a n-urruitheoirí an t-airgead is gá do chruinniú. Léigheadar an Bille tríd síos agus rinneadar leasuithe air.


3. Nuair do bhí an Có-Choiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcomhair tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí, ón Roinn Puist agus Telegrafa agus ón Roinn Tailte agus Iascaigh, fé seach, an chéad agus an dara tuarasgabháil ón Roinn Airgid, agus an chéad, an dara agus an tríú tuarasgabháil ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála. Taisbeántar sna Fo-scríbhinní atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta san.


(Sighnithe),


SÉAMUS DIOLÚN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


22adh Bealtaine, 1935.