Committee Reports::Report and Proceedings - Galway Harbour Bill, 1933::22 May, 1935::Orders of Reference

SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

24° Bealtaine, 1933:—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den dá Thigh do cheapa chun Bille Chuan na Gaillimhe, 1933, do bhreithniú, eadhon Bille dá ngairmtear Acht chun Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe d’ath-bhunú ar chuma níos ionadathaighe fén ainm Bórd Chuain na Gaillimhe, agus chun Bórd Chuan na Gaillimhe d’ionchorparú, agus chun comhacht (ar a n-áirmhítear comhachta chun iasachtaí d’fháil) do bhronnadh ar an mBórd san chun Port agus Cuan na Gaillimhe d’aireachasú agus do bhuanchoimeád, d’fheabhsú agus d’fhorbairt, agus chun a shocrú go ndéanfar oibreacha áirithe, agus chun a shocrú go ndéanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Bhailecheanntair na Gaillimhe ranníocanna speisialta d’íoc agus rátaí áirithe do bhualadh, agus chun crícheanna eile bhaineas leis na nithe roimhráite.


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


31° Bealtaine, 1933: Teachtaireacht ón nDáil:—


“Tá Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:—Go n-aontuighidh an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in úil don Dáil an 24° lá de Bhealtaine, 1933, go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den dá Thigh do cheapa chun Bille Chuan na Gaillimhe, 1933, do bhreithniú.”


Orduithe: Go gcuirtear Bille Chuan na Gaillimhe, 1933 chun Có-Choiste den dá Thigh.


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála á chur in úil dóibh dá réir sin.


Meitheamh, 1933:—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Séamus Dubhdal, Sir Seán O Catháin agus Mícheál de Stáineas, Seanadóirí.


Meitheamh, 1933:—Cathaoirleach ceaptha don Chó-Choiste:—Mícheál O hAnnluain, Seanadóir.


16° Abrán, 1935:—Tar éis Toghacháin Cinn Trí mBlian an tSeanaid:— Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Séamus Dubhdal, Mícheál de Stáineas agus Risteárd Mac Liam.


16° Abrán, 1935:—Cathaoirleach ceaptha don Chó-Choiste:—Séamus Diolún, Teachta.


DAIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

26° Bealtaine, 1933:—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Eireann tar éis an Rún so leanas do rith agus is mian leo aontú Dáil Eireann leis:—


“Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den dá Thigh do cheapa chun Bille Chuan na Gaillimhe, 1933, do bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairmtear Acht chun Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe d’ath-bhunú ar chuma níos ionadathaighe fén ainm Bórd Chuan na Gaillimhe, agus chun Bó d Chuan na Gail imhe d’ionchorparú, agus chun comhacht (ar a n-áirmhítear comhachta chun iasachtaí d’fháil) do bhronnadh ar an mBórd san chun Port agus Cuan na Gaillimhe d’aireachasú agus do bhuanchoimeád, d’fheabhsú agus d’fhorbairt, agus chun a shocrú go ndéanfar oibreacha áirithe, agus chun a shocrú go ndéanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Bhaile cheanntair na Gaillimhe rann-íocanna speisíalta d’íoc agus rátaí áirithe do bhualadh, agus chun crícheanna eile bhaineas leis na nithe roimhráite.”


Beartuithe: Go n-aontuighidh an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in úil don Dáil an 24adh lá de Bhealtaine, 1933, go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den dá Thigh do cheapa chun Bille Chuan na Gaillimhe, 1933, do bhreithniú.


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


31° Bealtaine, 1933.:—Teachtaireacht ón Seanad—Tá Seanad Eireann tar éis an tOrdú so leanas do chéanamh:—


“Go gcuirtear Bille Chuan na Gaillimhe, 1933 chun Có-Choiste den dá Thigh.”


Meitheamh, 1933:—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Risteárd Mac Fheorais, Séamus Diolún agus Séamus O Mordha, Teachtaí.


Meitheamh, 1933:—Cathaoirleach ceaptha don Chó-Choiste:—Mícheál O hAnnluain, Seanadóir.


12° Abrán, 1935:—Tar éis Toghacháin Cinn Trí mBlian an tSeanaid:— Do cuireadh Séamus Diolún as an gCó-Choiste agus do ceapadh Seán Good ina ionad.


Bealtaine, 1935:—Cathaoirleach ceaptha don Chó-Choiste:—Séamus Diolún, Teachta.