Committee Reports::Report and Proceedings - Galway Harbour Bill, 1933::16 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 16 Bealtaine, 1935.

Thursday, 16 May, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Tadhg O Cruadhlaoich, Deasmhumhain Mac Gearailt, Alasdar Haslett, Mícheál Mac Aoidh Eamonn O Ciosáin, Domhnall Mac Meanman, Pádraig O Murchadha, Donnchadh O Briain, Maitiú O Raghallaigh agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairsgint déanta (Pádraig O Murchadha):


“That Deputy Fitzgerald be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Deasmhumhain Mac Gearailt i gCeannas dá réir sin.


4. Breithníodh iarratas ó Sheósamh O Néill, Oifigeach Cuntásaíochta do Vótanna 45, 46, 47, 48, 49 agus 50, á iarraidh ar an gCoiste a lomháil go n-ionadódh Tomás O Muirgheasa agus Proinnsias O Dubhthaigh é agus ceaduíodh sin é.


5. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1933-34. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig an Aire Oideachais, Meadhon-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealadha agus Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair.


6. Ceistníodh Tomás O Muirghéasa (Roinn Oideachais), Proinnsias O Dubhthaigh (Roinn Oideachais), A. D. Codling (Roinn Airgid) agus an tArd-Scrúdóir.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 11.55 a.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.