Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::22 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22 Bealtaine, 1935.

Wednesday, 22 May, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 2 p.m.


2. Do bhí i láthair: Séamus Mac Gearailt, Seanadóir (i gCeannas); Tadhg O Murchadha agus Máiréad Nic Phiarais, Teachtaí; Caitlín Brún, Sir Eadbhard Bigear agus Caitlín Bean Uí Chléirigh, Seanadóirí. Bhí an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid i láthair freisin ex officio.


3. Do léigheadh freagra o Messrs. J. E. Mills, Ltd., agus do pléidheadh é. Bhí ceisteanna ann do bhain leis an mbliain dar críoch an 31adh Bealtaine, 1935. Do chinn an Có-Choiste ná raibh aon chomhacht aca deighleáil le ní ar bith ach amháin bainistí an tSeomra Bhídh feasta.


4. Rinne an Có-Choiste agallamh le Mac Uí Luibhéil agus phléidheadar leis an freagra do fuarthas o n-a Thigh Ghnótha agus mioneolas ar an Dréacht de Chó-aontú. Gheall sé go gcuirfeadh sé scéala chugainn roimh an gcéad chruinniú eile i dtaobh cad do dhéanfadh Bord Messrs. J. E. Mills, Ltd. agus ansan d’imigh.


5. Bhí trácht ag an gCó-Choiste ar atharuithe do dhéanamh ar an Dréacht de Chó-aontú.


6. Chuaidh an Có-Choiste ar athló ar 2.45 p.m. go dtí amáireach.