Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::23 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 23 Bealtaine, 1935.

Thursday, 23 May, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 2 p.m.


2. Do bhí i láthair: Séamus Mac Gearailt, Seanadóir (i gCeannas); Máiréad Nic Phiarais agus Tadhg O Murchadha, Teachtaí; agus Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir. Bhí an Ceann Comhairle i lathair freisin ex officio.


3. Do léigheadh leitir o Messrs. J. E. Mills, Ltd., á rá go rabhadar toilteannach an Dréacht de Chóaontú do shighniú, ach gur mhaith leo go gcuirfí isteach ann clásanna breise a bhaineann le (i) Leictreachas agus Geas agus (ii) fógra ag cur deire leis an gconnradh.


4. Do thairg Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir:


“That a clause be inserted giving either party the right to terminate the agreement on giving two months’ notice.”


Da haontuíodh leis an tairisgint.


5. Do thairg Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir:


“That a clause be inserted to the effect that, in the event of duly certified accounts for the period of the agreement showing a loss greater than half the cost of the electricity and gas used in cooking, a recoupment be made to Messrs. J. E. Mills, Ltd., of half the cost of such electricity and gas, provided that such recoupment does not exceed a sum calculated at the rate of £150 per annum.”


Cuireadh an cheist seo agus do rinne an Có-Choiste vótáil.


—Cathaoirleach an Chó-Choiste, an Ceann Comhairle, Máiréad Nic Phiarais, Teachta, agus Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir—4.


Níl—Tadhg O Murchadha, Teachta —1.


Do faisnéiseadh go raibh glactha leis an tairisgint.


6. Do thairg Máiréad Nic Phiarais, Teachta:—


“That this Joint Committee recommend in its Report that a meeting of the Advisory Joint Restaurant Committee be held four times annually.”


Aontuithe.


7. Tháinig Mac Uí Luibhéil i láthair ar cuireadh agus cuireadh in úil do na socruithe luaidhtear i míreanna 4 agus 5 de sna Miontuairiscí seo. Dubhairt sé go raibh glactha acu leis na tairiscintí sa bhfuirm nua inar cuireadh iad.


8. Tugadh isteach Dréacht-Thuarasgabháil Chathaoirleach an Chó-Choiste agus do léigheadh í.


Do thairg Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir:


“That the Chairman’s Draft Report be the Report of the Joint Committee.”


Cuireadh an Cheist agus rinne an Có-Choiste vótáil.


—Cathaoirleach an Chó-Choiste, an Ceann Comhairle, Máiréad Nic Phiarais, Teachta, agus Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir—4.


Níl—Tadhg O Murchadha, Teachta —1.


Do faisnéiseadh go raibh glactha leis an tairisgint.


Do hOrduíodh tuairisc do thabhairt dá réir sin.


9. Do bhí deireadh le gnó an Chó-Choiste ar 2.45 p.m.