Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::16 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 16 Bealtaine, 1935.

Thursday, 16 May, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 2 p.m.


2. Do bhí i láthair: Séamus Mac Gearailt, Seanadóir (i gCeannas); Mícheál O Cinnéide, Tadhg O Murchadha agus Máiréad Nic Phiarais, Teachtaí; Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún agus Caitlín Bean Uí Chléirigh, Seanadóirí. Bhí an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid i láthair freisin ex officio.


3. Do thairg Mícheál O Cinnéide:


“That, in the opinion of this Joint Committee, the Oireachtas Restaurant should be managed by a Committee representing both Houses, without the assistance of an external caterer.”


Cuireadh an cheist ina thaobh so agus do vótáil an Có-Choiste.


—Mícheál O Cinnéide agus Tadhg O Murchadha, Teachtaí—2.


Níl—Cathaoirleach an Chó-Choiste, An Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, Máiréad Nic Phiarais, Teachta; Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún agus Caitlín Bean Uí Chléirigh, Seanadóirí—7.


Do faisnéiseadh gur buadhadh ar an tairisgint.


4. Do thairg Sir Eadbhard Bigear, Seanadóir:


“That in the opinion of this Joint Committee (1) a contract, the details of which will be fixed by this Committee, should be offered for acceptance to an outside caterer, and to Messrs. J. E. Mills, Ltd., in the first instance; (2) the ultimate management of the Oireachtas Restaurant should remain vested in the Chairman of the Dáil and Seanad with the advice and assistance of a Joint Committee of both Houses.”


Cuireadh an cheist ina thaobh so agus do vótáil an Có-Choiste.


—Cathaoirleach an Chó-Choiste, an Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, Máiréad Nic Phiarais, Teachta; Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún agus Caitlín Bean Uí Chléirigh, Seanadóirí—7.


Níl—Mícheál O Cinnéide agus Tadhg O Murchadha, Teachtaí—2.


Do faisnéiseadh gur glacadh leis an tairisgint.


5. Rinne an Có-Choiste dréacht do phlé agus do leagadh amach de chonnradh ina raibh, imeasc nithe eile, na nithe seo leanas:—


(1) an treimhse do chríochnú an 31adh Márta, 1936;


(2) gach éileamh i leith cíosa do mhaitheamh;


(3) éilithe i leith tein-abhair agus comhachta do bheith ar an lónadóir;


(4) gan luach saothair fuireann an tSeomra Bhídh d’ísliú;


(5) cuntaisí cuibhe-dheimhnithe do chur isteach in aghaidh na ráithe;


(6) gan aon éilithe do thabhairt anuas ar ball mara mbeid sa chóaontú.


Do horduíodh cóip den Chó-aontú beartuithe so do chur go dtí Messrs. J. E. Mills, Ltd., chun é bhreithniú roimh an gcéad chruinniú eile.


6. Chuir an Có-Choiste ar ath-ló plé na gceisteanna bhaineann leis na feidhmeanna do bheadh ag an gCó-Choiste i mbainistí an tSeomra Bhídh feasta.


7. Socruíodh an chéad chruinniú eile do bheith ann Dé Céadaoin seo chughainn, an 22adh lá den mhí seo ar a 2 p.m.


8. Chuaidh an Có-Choiste ar athló ar a 3 p.m.