Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::15 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 15 Bealtaine, 1935.

Wednesday, 15 May, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. Do bhí i láthair: Séamus Mac Gearailt, Seanadóir, i gCeannas; Tadhg O Murchadha, Risteárd Ua Maolchatha agus Máiréad Nic Phiarais. Teachtaí; Sir Eadbhard Bigear, Caitlín Brún agus Caitlín Bean Uí Chléirigh, Seanadóirí; bhí an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid i láthair freisin ex officio.


3. Do scrúduigh an Có-Choiste Cuntaisí do chur Messrs. J. E. Mills, Ltd. isteach ag tabhairt figiúirí fé leith i dtaobh an Phroinntighe agus an Bharra in aghaidh tréimhsí iomdha ón 1adh Abrán, 1933, i leith.


4. Rinne an Có-Choiste agallamh le Mac Uí Luibhéil Stiúrthóir Bainistí Messrs. J. E. Mills, Ltd., agus le Mac Uí Chorragáin, ionadaí eile don Chuideachtain sin. Chuir Baill den Chó-Choiste ceisteanna i dtaobh na gCuntaisí agus thug Mac Uí Luibhéil agus Mac Uí Chorragáin freagraí ortha.


5. Cuaidh an Có-Choiste i gcomhairle i dtaobh toradh na hagallmha luaidhtear thuas.


6. Chuaidh an Có-Choiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí amáireach (Déardaoin) ar a 2 p.m.