Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::22 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 22adh Bealtaine, 1935.

Wednesday, 22nd May, 1935.

1. Do chruinnigh an Có-Choiste ar 2.30 p.m.


2. I láthair: Séamus Diolún, Teachta, Cathaoirleach; Risteárd Mac Fheorais, Seán Good agus Séamus O Mórdha, Teachtaí; Séamus Dubhdal, Mícheál de Stáineas agus Risteárd Mac Liam, Seanadóirí.


3. Do léigheadh na Forálacha breise do cuireadh fé bhráid an Chó-Choiste le rún ón Seanad dar dháta an 23adh Bealtaine, 1934, agus le n-ar haontuíodh le rún ón Dáil dar dháta an 24adh Bealtaine, 1934.


4. Do breithníodh agus do leasuíodh ailt agus do haontuíodh leö.


5. Do cuireadh an Cheist:—


Travelling expenses of Commissioners.


“That before section 31 a new section be inserted as follows:—


Every member of the Board residing five miles or more from the principal office of the Board shall be entitled, by way of contribution to his travelling expenses, to be paid, for every meeting of the Board which he shall attend, at the fixed rate of fivepence for every entire mile calculated by the most direct route from his residence to that office, and section 48 of the Commissioners’ Clauses Act, 1847, shall in its application to the Board be construed subject to the provisions of this section.’”


Do rinne an Có-Choiste vótáil: Tá, 4; Níl 1.


Tá:—Risteárd Mac Fheorais, Teachta; Séamus Dubhdal, Mícheál de Stáineas agus Risteárd Mac Liam, Seanadóirí.


Níl:—Seán Good, Teachta.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis a gCeist.


6. Do bhreithníodh agus do leasuíodh ailt eile agus do haontuíodh leo.


7. Do cuireadh an Cheist:—


“That the word ‘continuous’ be inserted before the word ‘service’ where it occurs secondly in line 2 of the First Schedule.


Do rinne an Có-Choiste vótáil: Tá, 2; Níl, 4.


Tá:—Seán Good, Teachta, agus Risteárd Mac Liam, Seanadóir.


Níl:—Risteárd Mac Fheorais agus Séamus O Mórdha, Teachtaí; Mícheál de Stáineas agus Risteárd Mac Liam, Seanadóirí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


8. Do haontuíodh leis na Sceidíl.


9. Do leasuíodh an teideal.


10. Do léigheadh an tuarasgabháil agus do haontuíodh léi.


11. Do horduíodh tuairisciú don dá Thigh.


12. Do horduíodh an fhianaise do chló-bhualadh do réir B.O. 81 (Gnó Príobháideach).