Committee Reports::Report and Proceedings - Future management of the Oireachtas Restaurant::01 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 1 Bealtaine, 1935.

Wednesday, 1 May, 1935.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. Do bhí i láthair: Séamus Mac Gearailt, Seanadóir, i gCeannas; Máiréad Nic Phiarais, Teachta; Sir Eadbhard Bigear agus Caitlín Brún, Seanadóirí; bhí an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an tSeanaid i láthair freisin ex officio.


3. Do phléidh an Có-Choiste an t-eolas do tugadh dóibh fé mar do horduíodh ag an gcruinniú deireannach agus, go mór mór, na figiúirí thaisbeánann an toradh, o thaobh an airgid de, do bhí ar an trádáil in aghaidh gach bliana o 1923. Tugadh fé ndeara ná dearnadh aon idirdhealú, sna cuntaisí do chuir Messrs. J. E. Mills, Ltd. isteach, idir toradh gnótha an Phroinntighe agus toradh gnótha an Bharra. Do haontuíodh a iarraidh ortha (1) figiúirí fé leith maidir le gach taobh fé leith den ghnó agus (2) ráiteas ar an méid bélí, idir lóinte agus téanna, do dáileadh i rith gach mí fé leith le n-a mbaineann na cuntaisí do chur isteach.


4. D’aontuigh an Có-Choiste, ar thairisgint Chathaoirleach an tSeanaid, a iarraidh ar Mhac Uí Luibhéil, Stiúrthóir Bainistí Messrs. J. E. Mills, Ltd., teacht go dtí an chéad chruinniú eile chun bainistí an tSeomra Bhídh agus a chúrsaí feasta do phlé.


5. Do cinneadh a chur in úil do bhaill an Chó-Choiste go mb’fhéidir go dtabharfar breatha deiridh ag an gcéad chruinniú eile agus gurbh fhearr gach ball do bheith i láthair.


6. Socruíodh an chéad chruinniú eile do bheith ann Dé Céadaoin, an 15adh Bealtaine, ar a 11 a.m.


7. Do chuaidh an Có-Choiste ar ath-ló ar 11.50 a.m.