Committee Reports::Report - Proceedings and Minutes of Evidence - Exclusion of Certain Duly Authorised Visitors::22 March, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 22° Márta, 1934.

Thursday, 22nd March, 1934.

1. Chruinnigh an Coiste ar 12 a chlog meán lae.


2. I láthair: An Cathaoirleach (i gCeannas), an Leas-Chathaoirleach, Siobhán Bean an Phaoraigh, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha, Brian O Ruaire agus Risteárd Mac Liam.


3. Do rinneadh Maoirseoir an Oireachtais (Pádraig O Braonáin, Coirnéal) agus an Seanadóir Caitlín de Brún do cheistniú tuilleadh.


4. Chinn an Coiste leanúint dá mbreithniúchán i suidhe príobháideach.


5. Bhí an cheist, an éistfí tuilleadh fianaise, fé bhreithniú ag an gCoiste agus d’orduíodar don Chléireach leitir, agus í dírithe chun Cléireach na Dála, d’ullamhú chun í do chur fé bhráid an Choiste ag an gcéad chruinniú eile.


6. Chuaidh an Coiste ar ath-ló 12.40 p.m. sine die.